Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Léirithe Spéise á Lorg ó Chumainn na Gaeilge Glao Maoinithe 2026: Tionscnamh na Gaeilge Tríú Leibhéal

Forléargas

Tá an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (DFHERIS) ag lorg Léirithe Spéise ó Chumainn na Gaeilge don tionscnamh maoinithe 2026 chun Tionscadal/Comórtas Gaeilge tríú leibhéal a chur i gcrích, mar chuid de chlár Thuaidh-Theas DFHERIS. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo rannpháirtíocht agus idirghníomhaíocht mhéadaithe a chur chun cinn i measc mac léinn tríú leibhéal ar fud oileán na hÉireann trí mheán na Gaeilge.

Tá DFHERIS tiomanta do chomhoibriú agus do ghníomhaíochtaí comhpháirteacha san oideachas a chomhordú agus a chur chun cinn idir an dá chuid d’oileán na hÉireann agus leithdháilfidh sé €16,000 i maoiniú chun tacú leis an tionscnamh seo.

Ba chóir d’iarratais a léiriú go bhfuil siad tiomanta do chomhoibriú Thuaidh/Theas ina dtionscadal. Iarrtar ar iarratasóirí faisnéis mhionsonraithe a sholáthar faoina dtionscnamh beartaithe, ag leagan amach na ngníomhaíochtaí ar intinn acu a dhéanamh. Bain úsáid as na ceannteidil thíos chun d’aighneacht a struchtúrú, agus cuir ceann amháin nó níos mó san áireamh de réir mar a bhaineann sé le do thionscadal.

  • Comhoibriú trasteorann soiléir agus bríoch
  • Rannpháirtíocht trasphobail agus idirchreidmheach
  • Saintréithe a bhaineann le hionchuimsiú sóisialta
  • Luach a chur leis na córais oideachais sa dá dhlínse
  • Luach oideolaíochta na gníomhaíochta comhoibríochta atá beartaithe

Conas Iarratas A Chur Isteach

Ba chóir iarratais chomhlánaithe a chur isteach trí ríomhphost chuig an Aonad Comhair Idirnáisiúntaa, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. International-dfheris@dfheris.gov.ie faoin 13 Deireadh Fómhair.

Cuir “Ainm na hEagraíochta, Léiriú Spéide – Tionscnamh Maoinithe na Gaeilge Tríú Leibhéal 2026” san ábhar. Comhlánaigh gach cuid den fhoirm le do thoil.

Ní dhéanfar measúnú ar an iarratas go dtí go mbeidh foirm lánlíonta, Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach agus Uimhir Thagartha Cánach agus gach tuarascáil agus/nó cuntas eagraíochtúil le haghaidh deontas a fuarthas roimhe seo, más infheidhme, faighte.

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta - An Rannóg um Chomhoibriú Idirnáisiúnta - Foirm Iarratais do Chistiúchán
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat