Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ionstraimí Reachtúla I.R. No. 438 of 2025 Rialacháin Thacaíocht do Mhic Léinn (Leasú) 2025

Déanaimse, JAMES LAWLESS, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le hailt 4 , 7 , 8 , 14 agus 14A den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011 (Uimh. 4 de 2011) (arna oiriúnú leis an Ordú Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 2020 (I.R. Uimh. 451 de 2020), agus leis an Ordú um Chaiteachais Poiblí agus Athchóiriú (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2023 (I.R. Uimh. 19 de 2023), le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí Bonneagair Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, leis seo na Rialacháin seo a leanas:-

  1. Féadfar na Rialacháin um Thacaíocht do Mhic Léinn (Leasú) 2025 a ghairm de na Rialacháin seo.
  2. Tiocfaidh na Rialacháin seo i ngníomh an 6 Márta 2025.
  3. Sna Rialacháin seo ciallaíonn ‘Príomhrialacháin’ na Rialacháin um Thacaíocht do Mhic Léinn 2025 (I.R. Uimh. 71 de 2025).
  4. Leasaítear Cuid B de Sceideal 2 a ghabhann leis na Príomh-Rialacháin tríd an iontráil seo a leanas a chur in ionad na hiontrála “Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn”:

“Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn

Maidir leis na cúrsaí fochéime seo a leanas:

  • MB, BCh, BAO (LRCP, SI) [5 bliana]
  • MB, BCh, BAO (LRCP, SI) [6 bliana]
  • BSc (Onóracha) sa Chógaisíocht [4 bliana]
  • BSc (Onóracha) i bhFisiteiripe [4 bliana]
  • BSc (Onóracha) in Ardtheicneolaíochtaí Teiripeacha [4 bliana]
  • Baitsiléir sa Mháinliacht Fiacla [5 bliana]

Maidir leis na cúrsaí iarchéime seo a leanas:

  • Dochtúir Fealsúnachta (PhD) [4 bliana]
  • Dochtúireacht Leighis (MD) [2 bhliain]
  • MSc trí Thaighde [2 bhliain]
  • Máistir Cógaisíochta (M Cóg) [1 bhliain]

5. Leasaítear Cuid C de Sceideal 2 a ghabhann leis na Príomh-Rialacháin tríd an iontráil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh “AN MHÍ”:

"LÚ

Coláiste Ó Fiaich

Maidir le bliain 1 den chúrsa seo a leanas:

  • BSc (Onóracha) in Altranas Míchumais Intleachta”

6. Leasaítear Cuid C de Sceideal 2 a ghabhann leis na Príomh-Rialacháin tríd an iontráil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh “AN MHÍ”:

"MUINEACHÁIN

Institiúid Mhuineacháin

Maidir le bliain 1 den chúrsa seo a leanas:

  • BSc (Onóracha) in Altranas Míchumais Intleachta”

7. Leasaítear Cuid C de Sceideal 2 a ghabhann leis na Príomh-Rialacháin tríd an iontráil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh “Coláiste Dhún Garbhán”:

“Coláiste Breisoideachais Phort Láirge

Maidir le bliain 1 den chúrsa seo a leanas

  • BSc (Onóracha) in Altranas Míchumais Intleachta”

8. Leasaítear Cuid D de Sceideal 2 a ghabhann leis na Príomh-Rialacháin tríd an iontráil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh “Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh”:

‘Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan

Maidir le blianta 2, 3, 4 agus 5 den chúrsa seo a leanas:

  • BSc (Onóracha) in Altranas Míchumais Intleachta”

9. Leasaítear Cuid D de Sceideal 2 a ghabhann leis na Príomh-Rialacháin tríd an iontráil seo a leanas a chur in ionad na hiontrála “Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt”:

“Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt

Maidir le blianta 2 agus 3 de na cúrsaí seo a leanas:

  • BBanna i Seirbhísí Turasóireachta agus Fáilteachais
  • BSc i gCúram Sláinte Feidhmeach
  • Baitsiléir Gnó

Maidir le blianta 2, 3 agus 4 de na cúrsaí seo a leanas:

  • BSc (Onóracha) i Sláinte Poiblí agus Cothú Sláinte
  • Baitsiléir Gnó (Onóracha)
  • Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) i bhForbairt Bogearraí
  • BSc (Onóracha) i mBainistíocht Teicneolaíocht Faisnéise

Maidir le blianta 2, 3, 4 agus 5 den chúrsa seo a leanas:

  • BSc (Onóracha) in Altranas Míchumais Intleachta”

Toilíonn an tAire Caiteachais Phoiblí Bonneagair Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin le déanamh na Rialachán roimhe seo.

Seal.bmpARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Caiteachais Phoiblí Bonneagair Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin,

23 Meán Fómhair 2025.

JACK CHAMBERS,

An tAire Caiteachais Phoiblí Bonneagair Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin

Seal.bmpARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

27 Meán Fómhair 2025.

JAMES LAWLESS,

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN

(Ní cuid den Ionstraim é an nóta seo agus ní airbheartaíonn sé gur léirmhíniú dlíthiúil é.)

Is leasú iad na Rialacháin seo ar na príomhrialacháin atá ann cheana (I.R. Uimh. 71 de 2025) lena bhforordaítear “forais cheadaithe” agus nithe eile chun críocha an Achta um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011. Féadfar na Rialacháin um Thacaíocht do Mhic Léinn (Leasú) 2025 a ghairm de na Rialacháin seo.

Ionstraimí Reachtúla I.R. No. 438 of 2025 Rialacháin Thacaíocht do Mhic Léinn (Leasú) 2025
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat