Ionstraimí Reachtúla I.R. Uimhir 545 of 2025 - Na Rialacháin fán Acht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012 (Achomhairc), 2025
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 8 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 8 Nollaig 2025
Ionstraimí Reachtúla I.R. Uimhir 545 of 2025 - Na Rialacháin fán Acht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012 (Achomhairc), 2025
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 3, (a cuireadh isteach le halt 23 den Acht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint) (Leasú), 2019 (Uimh. 32 de 2019)) agus 70 den Acht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012 (Uimh. 28 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú um Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 2020 (I.R. Uimh. 451 de 2020), agus an tOrdú um Chaiteachas Poiblí agus Athchóiriú (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2023 (I.R. Uimh. 19 de 2023)), déanaimse, SÉAMAS LAIGHLÉIS, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, na rialacháin seo a leanas:
Lua agus tosach feidhme
1. (1) Na Rialacháin fán Acht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012 (Achomhairc), 2025 is teideal do na Rialacháin seo.
(2) Tiocfaidh na Rialacháin seo i ngníomh an 21 Samhain 2025.
(3) Déantar na Rialacháin fán Acht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012 (Achomhairc), 2014 a chúlghairm.
Léiriú
2. Sna Rialacháin seo,
ciallaíonn “Acht” an tAcht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint),
2012 (Uimh. 28 de 2012);
ciallaíonn “Údarás” Údarás Cáilíochtaí agus Dearbhaithe Cáilíochta na
hÉireann arna bhunú faoin Acht;
ciallaíonn “Aire” an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde,
Nuálaíochta agus Eolaíochta;
ciallaíonn “achomharc” achomharc faoi alt 31, 36, 45, 47, 53, 55, 55C, 55D, 55H,
59, 61 nó 63 den Acht;
ciallaíonn “achomharcóir” soláthraí, soláthraí iomchuí nó soláthraí nasctha, de réir mar a bheidh, dá dtagraítear in alt 31, 36, 45, 47, 53, 55, 55C, 55D, 55H, 59, 61 nó 63 den Acht a fhéadfaidh achomharc a thionscnamh i ndáil le cinneadh ón Údarás;
ciallaíonn “laethanta” laethanta féilire.
Tréimhse fhorordaithe chun achomharc a thaisceadh
3. Déanfar achomharc a thaisceadh le cathaoirleach an phainéil achomhairc arna cheapadh faoi fho-alt (4) d’alt 68 den Acht tráth nach déanaí ná 21 lá ón dáta a tugadh fógra faoin gcinneadh an Údarás lena mbaineann an t-achomharc.
Fógra achomhairc
4. Maidir le fógra achomhairc -
(a)déanfar i scríbhinn é,
(b)luafar ann ainm agus seoladh an achomharcóra,
(c)beidh na nithe seo a leanas in éineacht leis -
(i)cóip den chinneadh ón Údarás lena mbaineann an t-achomharc,
(ii)beidh ráiteas ann maidir leis na forais achomhairc agus na fíorais agus na háitithe ar a mbeidh sé ar intinn ag an Achomharcóir freagairt, agus
(iii)cibé doiciméid eile is mian leis an achomharcóir a aighniú chun tacú leis an achomharc
(iv)an táille iomchuí.
Fógra achomhairc a fháil
5. Cuirfidh cathaoirleach an phainéil achomhairc an t-achomharcóir ar an eolas i scríbhinn laistigh de 7 lá ón dáta a fhaightear an t-achomharc.
Bord achomhairc a bhunú
6. Ceapfaidh cathaoirleach an phainéil achomhairc bord achomhairc, lena n-áirítear cathaoirleach an bhoird achomhairc, faoi fho-alt (3) d'alt 69 den Acht chun achomharc a chinneadh a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis achomharc a fháil.
Faisnéis a sholáthar
7. (1)Chun críocha an achomhairc ar ina leith a cheapfar bord achomharc -
(a) iarrfaidh an bord tuilleadh sonraí nó doiciméadacht maidir leis an achomharc agus tabharfaidh na páirtithe sonraí nó doiciméadacht sin don bhord achomharc laistigh den tréimhse a shonrófar san iarraidh,
(b)féadfaidh an bord cibé faisnéis a iarraidh ó aon duine eile a mheasfaidh an bord achomharc is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí, agus tabharfaidh an duine eile an fhaisnéis don bhord achomharc laistigh den tréimhse a shonrófar san iarraidh,
(c)féadfaidh an bord sonraí, doiciméid agus faisnéis a bhailítear ó na páirtithe san achomharc a roinnt le páirtithe iomchuí eile san achomharc,
(d)tar éis na sonraí, an doiciméadacht agus an fhaisnéis a bhreithniú, féadfaidh an bord éisteacht ó bhéal a thionól.
(2)I gcás go dtionólfar éisteacht ó bhéal –
(a)cinnfidh cathaoirleach an phainéil achomhairc na nósanna imeachta le haghaidh éisteachta ag bord achomhairc agus comhlíonfaidh gach páirtí san achomharc na nósanna imeachta sin,
(b)déanfaidh an bord achomhairc, a luaithe is indéanta, dáta agus suíomh a shocrú don éisteacht agus fógra réasúnta faoin éisteacht a thabhairt do na páirtithe uile san achomharc,
(c) beidh gach páirtí de na páirtithe san achomharc i dteideal éisteacht a fháil ag an éisteacht, agus fianaise a thabhair d’aird an bhoird achomhairc,
(d) féadfaidh bord achomhairc cinneadh a dhéanamh i dtaobh achomhairc d’ainneoin diúltú nó mainneachtain páirtí amháin nó níos mó san achomharc -
(i)chun freastal ar an éisteacht, nó
(ii)chun cloí leis na Rialacháin seo,
(e)féadfaidh an bord achomharc éisteacht ní a chur ar atráth ag aon chéim le linn na n-imeachtaí go dtí dáta a shonróidh an bord.
(3)Is leor, chun aon chríche, breith arna dhéanamh ag tromlach comhaltaí boird achomharc.
(4)I gcás nach mbeidh aon éisteacht ó bhéal ann, forordaítear uastréimhse 60 lá, tar éis bhunú an bhoird achomhairc, chun críocha mhíreanna (a) go (c) de Rialachán 7(1). I gcás ina mbíonn éisteacht ó bhéal ar siúl, forordaítear uastréimhse 67 lá, tar éis bhunú an bhoird achomhairc, chun críocha Rialachán 7 (1) agus (2).
Achomharc a tharraingt siar
8. (1) Féadfaidh achomharcóir a thaisceann achomharc faoi Rialachán 3 an t-achomharc a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do chathaoirleach an phainéil achomhairc.
(2)Cuirfidh cathaoirleach an phainéil achomhairc bord achomhairc ar an eolas faoi tharraingt siar achomhairc faoi mhír (1) a luaithe is féidir tar éis dó an fógra faoin mír sin a fháil.
(3)Cuirfidh cathaoirleach an phainéil achomhairc an tÚdarás agus aon duine eile lena mbaineann ar an eolas faoi achomharc a tharraingt siar faoi mhír
(1)a luaithe is féidir tar éis dó an fógra faoin mír sin a fháil.
Achomharc a chinneadh
9. (1) Déanfaidh bord achomhairc a chinneadh i dtaobh achomhairc –
(a)laistigh de 28 lá ón dáta is déanaí díobh seo a leanas –
(i)i gcás nach n-iarrann an bord achomhairc aon sonraí, doiciméadacht ná faisnéis faoi Rialachán 7, dáta bunaithe an bhoird achomhairc, nó
(b)ceachtar díobh seo a leanas –
(i)an dáta a fuair an bord achomhairc na sonraí, an doiciméadacht nó an fhaisnéis dheireanach a d’iarr bord achomhairc faoi Rialachán 7, nó
(ii)i gcás nach soláthrófar aon sonraí, doiciméadacht ná faisnéis dá dtagraítear i bhfomhír (i), an lá i ndiaidh an lae dheireanaigh den tréimhse a shonrófar chun sonraí, doiciméadacht nó faisnéis arna n-iarraidh ag bord achomhairc faoi Rialachán 7 a fháil.
(2)Le linn achomharc á chinneadh, féadfaidh bord achomhairc -
(a)breith an Údaráis a dhaingniú, nó
(b)cinneadh an Údaráis a neamhniú agus a threorú don Údarás, ar chúiseanna arna sonrú, athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis treoir an bhoird achomhairc a fháil.
(3)Tabharfaidh an bord achomharc fógra do na páirtithe uile san achomharc maidir lena chinneadh faoi fho-alt 2 laistigh de 7 lá dá chinneadh a dhéanamh.
ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, 18 Samhain, 2025.
SÉAMAS LAIGHLÉIS ,
An tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta .