Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ionstraimí Reachtúla I.R. Uimhir 604 de 2025 Scéim Deontas Do Mhic Léinn (Leasú) 2025

Déanaimse, JAMES LAWLESS, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011 (Uimh. 4 de 2011) (arna oiriúnú leis an Ordú um Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aireachta a Aistriú), 2020 (S.I. Uimh. 451 de 2020), agus leis an Ordú um Chaiteachais Poiblí agus Athchóiriú (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2025 (I.R. Uimh. 243 de 2025), le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, an scéim deontas seo a leanas:-

1. Féadfar an Scéim Deontas do Mhic Léinn (Leasú) 2025 a ghairm den Scéim seo.
2. Sa Scéim seo, tagraíonn “Príomh-Scéim” don Scéim Deontas do Mhic Léinn 2025 (I.R. Uimh. 70 de 2025).
3. Leasaítear Sceideal 4 den Phríomh-Scéim tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Thábla 2, Thábla 3 agus Thábla 4:

Tábla 2

Gné Ranníocaíochta an Mhic Léinn Ráta
Deontas iomlán (100%) maidir leis an muirear ranníocaíochta mic léinn
€2,500
Cuid (50%) deontas maidir leis an muirear ranníocaíochta mic léinn
€1,250
Cuid deontas 500 maidir leis an muirear ranníocaíochta mic léinn
€500

Tábla 3

Eilimint Turais Allamuigh (Ríomh an luacha atá ar fáil i leith costas éigeantach)
Eilimint Turais Allamuigh (Ríomh an luacha atá ar fáil i leith costas éigeantach)

Teorainn Uasta Táille:

Lúide an táille teagaisc a éilíonn an institiúid ón Stát faoi na Scéimeanna Táillí In Aisce:

Lúide Ranníocaíochta Mac Léinn

€6,270

-€x,xxx

€2,500

Mac léinn nó mac léinn teagaisc a bheadh cáilithe le haghaidh táille teagaisc 100% de dheontas táillí murach na Scéimeanna Saor ó Tháillí agus bronnadh deontas air i dtreo an mhuirir ranníocaíochta mic léinn.
Teorainn Uasta Táille:

Lúide an táille teagaisc a éilíonn an institiúid ón Stát faoi na Scéimeanna Táillí In Aisce:
Lúide Ranníocaíochta Mac Léinn

€6,270

-€x,xxx

€2,500

Uasmhéid Teorainn Táille:

Lúide ráta táille AE a bhaineann leis an gcúrsa/sonrasc don mhac léinn:

€6,270

-€x,xxx

Is ionann an t-uasmhéid má tá sé ar fáil i dtreo eilimint an turais allamuigh agus
Teorainn Uasta Táille:

Lúide an táille teagaisc a éilíonn an institiúid ón Stát faoi na Scéimeanna Táillí In Aisce:
Lúide Ranníocaíochta Mac Léinn

Tábla 4

Is ionann an t-uasmhéid má tá sé ar fáil i dtreo eilimint an turais allamuigh agus

€y,yyy
Mac léinn nó táille theagaisc mic léinn a cháilíonn do tháillí teagaisc fochéime 100% nó táillí iarchéime faoin scéim deontas.
Uasmhéid Teorainn Táille:

Lúide ráta táille AE a bhaineann leis an gcúrsa/sonrasc don mhac léinn:
€6,270

-€x,xxx
Deontais Iarchéime
Maidir leis na cúrsaí seo a leanas

4. Measfar gur tháinig an Scéim seo i ngníomhan 6 Márta 2025.

Toilíonn an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin leis an Scéim thuasluaite a dhéanamh.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin,

8 Nollaig 2025

JACK CHAMBERS,

An tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, 10 Nollaig, 2025.

JAMES LAWLESS,

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Ionstraimí Reachtúla I.R. Uimhir 604 de 2025 Scéim Deontas Do Mhic Léinn (Leasú) 2025
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat