Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ionstraimí Reachtúla I.R. Uimhir 605 De 2025 Scéim Deontas Do Mhic Léinn (Leasú)(Uimh. 2) 2025

Déanaimse, JAMES LAWLESS, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011 (Uimh. 4 de 2011) (arna oiriúnú leis an Ordú um Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aireachta a Aistriú) (S.I. Uimh. 451 de 2020), agus leis an Ordú um Chaiteachais Poiblí agus Athchóiriú (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2025 (I.R. Uimh. 243 de 2025), le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, an scéim deontas seo a leanas:-

  1. Féadfar an Scéim Deontas do Mhic Léinn (Leasú) (Uimh. 2) 2025 a ghairm den Scéim seo.
  2. Tiocfaidh an Scéim seo i ngníomh an 1 Eanáir 2026.
  3. Sa Scéim seo, tagraíonn “Príomh-Scéim” don Scéim Deontas do Mhic Léinn

2025 (I.R. Uimh. 70 de 2025).

4. Leasaítear Airteagal 27 den Phríomh-Scéim tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (2):

(2) Beidh luach na rátaí speisialta agus caighdeánacha den deontas cothabhála i leith cúrsa lánaimseartha ceadaithe de réir na rátaí bliantúla a shonróidh an tAire. Tá na rátaí a shonraítear don bhliain airgeadais leagtha amach i Sceidil 3 agus 3A."

5. Leasaítear Airteagal 27 den Phríomh-Scéim tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (5):

"(6) Déanfar luach iomlán an Deontais Chothabhála ab iníoctha thairis sin le hiarratasóir faoin Airteagal seo agus faoi Sceideal 3 i leith na tréimhse Eanáir go Bealtaine 2026 a mhéadú den mhéid iomlán a shonraítear i Sceideal 3A. Déanfar an méid breise sin a íoc ar bhonn pro rata i leith freastal iarratasóra ar chúrsa ceadaithe in institiúid cheadaithe le linn na tréimhse sin."

6. Leasaítear an Phríomh-Scéim tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 3:

"Sceideal 3A

Méid breise an deontais chothabhála i leith na tréimhse Eanáir – Bealtaine 2026

 

 
Ráta Neamhchóngarach
Ráta speisialta cothabhála
€194
Ráta caighdeánach—Banda Cothabhála Iomlán 1
€239
Ráta caighdeánach—Banda Cothabhála Iomlán 2
€111
Ráta caighdeánach—Banda Cothabhála Iomlán 3
€111
Ráta caighdeánach—Banda Cothabhála Iomlán 4
€111

"

7. Leasaítear Airteagal 37 den Phríomh-Scéim tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (2):

Íocfaidh an t-údarás dámhachtana deontais chothabhála i naoi dtráthchuid, i gcomhréir leis na rátaí bliantúla a shonraítear i Sceideal 3 agus na méideanna breise a shonraítear i Sceideal 3A.”

Toilíonn an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin leis an Scéim thuasluaite a dhéanamh.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin,

8 Nollaig 2025

JACK CHAMBERS,

An tAire Caiteachais Phoiblí Bonneagair Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, 10 Nollaig, 2025.

JAMES LAWLESS,

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Ionstraimí Reachtúla I.R. Uimhir 605 De 2025 Scéim Deontas Do Mhic Léinn (Leasú)(Uimh. 2) 2025
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat