Plean Gníomhaíochta um Ghairmeacha san Earnáil Foirgníochta nuashonraithe
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 26 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 6 Feabhra 2026
Nuair a chuirtear an taithí thar an dá bhliain ó foilsíodh an Plean Gníomhaíochta bunaidh um Ghairmeacha san Earnáil Foirgníochta san áireamh, tá an Grúpa Oibre um Ghairmeacha san Earnáil Foirgníochta tar éis an plean a athbhreithniú agus a nuashonrú anois chun an dul chun cinn atá déanta agus an comhthéacs atá ag teacht chun cinn a léiriú.
Glacann an leagan nua seo le cur chuige freagrúil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn le linn saolré an phlean. Ag tógáil ar an bPlean bunaidh, déantar athdhíriú ar iarrachtaí sa Phlean Gníomhaíochta um Ghairmeacha san Earnáil Foirgníochta nuashonraithe i bhfianaise:
- taighde nuashonraithe,
- dul chun cinn go dtí seo
- ailíniú le Clár nua an Rialtais,
- pleananna agus tionscnaimh ábhartha scileanna foirgníochta, agus
- leathnú ar bhallraíocht an Ghrúpa Oibre.
Tá 36 ghníomh sa Phlean Gníomhaíochta nuashonraithe um Ghairmeacha san Earnáil Foirgníochta, méadú 80% i gcomparáid leis an bPlean bunaidh. Clúdaíonn na gníomhartha trí réimse théamacha:
- Oideachas agus oiliúint
Áirítear ar na gníomhartha cúrsa blaistithe tógála san oideachas agus san oiliúint ghairmoideachais tosaigh a fhorbairt; ardán Skillnet MMC Accelerate a leathnú; a chinntiú gur féidir na scileanna a fhorbraíonn an lucht saothair ar an láthair a aistriú chuig áiseanna seachláithreacha; cosáin nua oideachais a fhorbairt i dtreo gairmeacha gairmiúla; agus seachadadh ar líne agus bunaithe ar aipeanna a úsáid nuair is cuí.
2. Rannpháirtíocht a leathnú
Áirítear ar na gníomhartha beartais earcaíochta atá cuimsitheach ó thaobh inscne a chinntiú; imeachtaí a reáchtáil do ghrúpaí tearcionadaithe agus mionlaigh; cláir mheantóireachta a chur ar fáil do mhná fostaithe; deiseanna a shainaithint d’iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta atá incháilithe; agus clár oiliúna píolótach a fhorbairt do phríosúnaigh.
3. Iarrachtaí cur chun cinn.
Áirítear ar na gníomhartha feachtais chur chun cinn náisiúnta a sheachadadh; cláir tiontaithe a chur chun cinn; aontaí earcaíochta a reáchtáil; agus róil déantúsaíochta seachláithreacha a chur chun cinn.