Fógraíonn na hAirí Lawless agus Harkin seoladh printíseachta nua agus nuálach Gnó & Oibríochtaí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Lawless agus Harkin seoladh printíseachta nua agus nuálach Gnó & Oibríochtaí

Inniu, d’fhógair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless, in éineacht leis an Aire Stáit le freagracht as Breisoideachas, Printíseacht, Tógáil agus Scileanna Aeráide, Marian Harkin, printíseacht nua agus spreagúil - Gnó agus Oibríochtaí, don earnáil phoiblí agus phríobháideach. Forbartha faoi mhaoirseacht chuibhreannais ón earnáil phoiblí agus phríobháideach, beidh cáilíocht Leibhéal 6 mar thoradh ar an gclár seo agus cuimsíonn sé foghlaim íoctha ar an láthair oibre mar aon le hoideachas creidiúnaithe curtha ar fáil ag Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (BOOMESL) lasmuigh den ionad oibre.

Tá an clár seo mar chuid de shraith níos leithne printíseachtaí atá le seoladh in 2026, le tábhacht ar leith le bheith ag an bhfoinse tallainne seo d’earcaíocht na hearnála poiblí sna blianta amach romhainn. Tacóidh na printíseachtaí seo chomh maith le sprioc an Rialtais, 12,500 clárú ar phrintíseachtaí in aghaidh na bliana faoi 2030, a bhaint amach.

Dúirt an tAire Lawless:

“Táim ar bís an phrintíseacht nua Ghnó agus Oibríochtaí seo a sheoladh inniu. Léiríonn sé an cineál cur chuige nua-aimseartha, oscailte agus uaillmhianach atáimid ag iarraidh a ghlacadh i leith scileanna agus gairmeacha beatha in Éirinn

“Is minic a chuireann daoine cumasacha iad féin as an áireamh do dheiseanna toisc nach bhfeiceann siad conair a oibríonn dóibh. Athraíonn an phrintíseacht seo é sin. Osclaíonn sé fostaíocht do dhaoine ó chúlraí éagsúla chomh maith leo siúd atá ag céimeanna difriúla den saol nó le heispéiris éagsúla, agus tugann sé fuinneamh nua, smaointe nua agus peirspictíochtaí nua isteach in eagraíochtaí.

“I mBuiséad 2026, rinne mé buaic-infheistíocht de €79 milliún i maoiniú printíseachta, rud a thug an infheistíocht iomlán go dtí os cionn €410 milliún - dhá oiread leibhéil 2020. Tá an infheistíocht sin ag cur ar ár gcumas dul níos faide ná múnlaí printíseachta traidisiúnta agus bealaí nua, inchreidte a chruthú isteach i róil ghairmiúla agus ceannaireachta.

“Is í an phrintíseacht Ghnó agus Oibríochtaí ár n-81ú printíseacht náisiúnta agus is céim shuntasach í i dtreo printíseachtaí a chur i lár an aonaigh mar chonair iontaofa trínar féidir gairmeacha beatha fiúntacha a bhaint amach.”

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, Jack Chambers:

“Is príomhaidhm de chuid mo Roinne é leathnú printíseachtaí ar fud na Státseirbhíse faoin Straitéis Chlaochlaithe 2030 Seirbhísí Poiblí Níos Fearr, áit a leagtar amach ár bhfís do lucht saothair oilte, spreagtha agus ionchuimsitheach don todhchaí, a mbeidh forbairt ghairme dhinimiciúil agus cultúir ionchuimsitheacha san ionad oibre mar thaca dóibh. Cuirim fáilte mhór roimh an bprintíseacht nua cheannródaíoch Ghnó & Oibríochtaí seo, a osclóidh an Státseirbhís do linn tallainne níos leithne agus níos uilechineálaí, ag cur bealach malartach ar fáil le teacht isteach i ngairm bheatha bhríomhar agus luachmhar. Cinnteoidh an phrintíseacht seo chomh maith gur léiriú í an Státseirbhís ar an tsochaí ar a bhfuil sí ag déanamh freastal agus go bhfuil na scileanna praiticiúla a theastaíonn uaithi chun dul i ngleic le dúshláin amach anseo ar fáil di.”

Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, agus Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary freisin:

“Cuirim fáilte roimh sheoladh na Printíseachta Ghnó agus Oibríochtaí, a forbraíodh trí chomhoibriú idir chomhghleacaithe san earnáil phoiblí, fostóirí san earnáil phríobháideach agus comhpháirtithe oideachais Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma. Tá clár nua-aimseartha, praiticiúil agus freagrach do riachtanais an ionaid oibre mar thoradh ar an tiomantas comhroinnte seo.

"Is suntasach an rud é freisin go mbeidh deis ag printísigh, a thagann ar shocrúchán chuig mo Roinnse Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a gcuid scileanna Gaeilge mar chuid den taithí ar an láthair a bhfaighidh siad, rud a chinntíonn tacaíocht láidir do sholáthar leanúnach seirbhísí i bpobail Ghaeltachta.

“Léiríonn an phrintíseacht seo fíorluach an chomhair tras-earnála agus ár n-uaillmhian chomhroinnte chun lucht saothair oilte a thógáil don todhchaí.”

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Breisoideachas, Printíseacht, Tógáil agus Scileanna Aeráide, Marian Harkin:

“Is céim thábhachtach í seoladh na printíseachta Ghnó agus Oibríochtaí chun leathnú a dhéanamh ar a bhfuil le tairiscint ag printíseachtaí, ag oscailt doirse do róil nua agus féidearthachtaí nua. Léiríonn sé cur chuige nua-aimseartha, uaillmhianach i leith forbairt scileanna a ligeann do dhaoine pá a shaothrú fad agus atá siad ag foghlaim agus muinín acu go bhfuil gairmeacha bríomhara á bhforbairt acu. Ag an am céanna, cabhróidh sé le heagraíochtaí tallann a mhealladh, a chothú agus a fhorbairt trí chonair níos inrochtana.”

Dúirt Cathaoirleach Ghrúpa Stiúrtha an Chuibhreannais Phrintíseachta, Laura Canavan, Ceannasaí Cultúir agus Rannpháirtíochta, Lidl Éireann agus Tuaisceart Éireann:

“Ba é Lidl ceann feadhna na printíseachta seo, tar éis dóibh dul i dteagmháil le BOOMESL ar dtús chun í a chruthú, agus a chinntiú go raibh sí ailínithe le riachtanais tionscail. Ag obair i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí tábhachtacha ar fud na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha araon, chruthaíomar clár atá praiticiúil agus bunaithe ar an gcaoi a n-oibríonn gnólachtaí ó lá go lá. Mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Stiúrtha an Chuibhreannais, ba dheis uathúil é chun tacú le dearadh tionscnamh a oibríonn go forleathan i siopaí, i dtrádstórais agus in oifigí, agus a léiríonn an saol mar atá i ngnó oibríochtúil a ghluaiseann go tapa. Ag Lidl, táimid i gcónaí ag infheistiú inár ndaoine a fhorbairt, agus neartaíonn an clár seo an tiomantas sin trí dhíriú ar na cumais is tábhachtaí inár dtimpeallacht: ceannaireacht, réiteach fadhbanna agus barr feabhais oibríochtúil. Is sampla láidir é den bhealach ar féidir leis an gcomhoibriú fíordheiseanna gairme a chruthú chomh maith le forbairt a dhéanamh ar na scileanna atá de dhíth ar ghnólachtaí chun feidhmiú agus fás.”

Dúirt Peter Egan, Stiúrthóir BOO do BOOMESL:

“Is cloch mhíle mhór í an phrintíseacht Ghnó agus Oibríochtaí seo agus í ina chéad shampla de chomhpháirtíocht phoiblí agus phríobháideach ar a leithéid, rud a thugann saineolas tionscail agus ceannaireacht oideachais le chéile chun clár atá dírithe ar an todhchaí a sheachadadh. Ag obair leis an Státseirbhís agus an tseirbhís phoiblí araon chomh maith leis an earnáil phríobháideach, tá printíseacht deartha againn a chomhlíonann riachtanais ionad oibre an lae inniu go beacht.

“Forbraíonn sé scileanna bainistíochta gnó agus oibríochtúla a bhfuil éileamh orthu trí mheascán láidir de thaithí ar an láthair oibre agus foghlaim struchtúrtha, rud a imríonn tionchar láithreach ar an ionad oibre. Faigheann foghlaimeoirí scileanna inaistrithe i réiteach fadhbanna, feabhsú próisis, agus éifeachtúlacht eagraíochtúil, agus iad ag baint tairbhe as conairí soiléire chun dul chun cinn a dhéanamh. Sa deireadh thiar, cabhróidh an clár seo leis na ceannairí gnó a bheidh le teacht a mhúnlú.”

Notaí

Is clár 26 mhí é an Printíseacht Ghnó agus Oibríochtaí ag leibhéal 6 den CNC, a chuirfidh chun cinn conair malartach agus ionchuimsitheach chun fostaíochta sa Státseirbhís agus i measc eagraíochtaí príobháideacha. Beidh an deis ag printísigh airgead a thuilleamh agus iad ag foghlaim le taithí ar an láthair oibre i roinn Státseirbhíse nó in eagraíocht phríobháideach agus curaclam cuimsitheach foghlama curtha ar fáil i gcomhpháirtíocht le Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (BOOMESL).

Críochnóidh printísigh ón earnáil phríobháideach agus phoiblí an croí-oideachas céanna le chéile, ag tacú le foghlaim chomhroinnte, tras-earnála. Cuirfidh an Foras Riaracháin (IPA) rogha-ábhair shonracha don earnáil phoiblí ar fáil, agus áireofar leo conaire tiomnaithe don Ghaeilge faoi stiúir na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Roinnfear iontráil theoranta tosaigh de 60 áit idir ranna Státseirbhíse agus fostóirí ceannródaíocha san earnáil phríobháideach.

Tabharfaidh an printíseach faoi 14 mhodúl foghlama thar an bprintíseacht 26 mhí, ag déanamh staidéir ar thopaicí ar nós Buneolas Gnó, Réamhrá d'Oibríochtaí, Barr Feabhais i gcomhthéacs Seirbhíse do Chustaiméirí, Prionsabail Bainistíochta Tionscadail, Iompar Eagraíochtúil agus Bainistíocht Athraithe chomh maith le modúil shonracha don tSeirbhís Phoiblí. Críochnóidh printísigh tascanna agus measúnuithe praiticiúla, lena n-áirítear tionscadal taispeántais deiridh.

Tionólfar an oiliúint lasmuigh den láthair oibre le BOOMESL i mBaile Átha Cliath agus i gCora Droma Rúisc i Liatroim.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat