English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú €105 mhilliún fógartha ag an Aire Harris don fhilleadh sábháilte ar an láthair chuig oideachas tríú leibhéal i Meán Fómhair


€21 mhilliún eile dearbhaithe freisin mar thacaíocht bhreise do mhic léinn

D’aimsigh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris, faomhadh ón rialtas inniu le haghaidh €105 mhilliún don earnáil tríú leibhéal ionas gur féidir le mic léinn filleadh go sábháilte i Meán Fómhair 2021.

Áireofar sa phacáiste tacaíocht airgeadais do bhreisoideachas agus d’ardoideachas ionas gur féidir filleadh go sábháilte ar an láthair ar aon dul le comhairle sláinte poiblí. Beidh tacaíocht bhreise san áireamh leis freisin do mhic léinn sa bhreisoideachas agus san ardoideachas.

Beidh €21 mhilliún de thacaíocht bhreise ann, lena n-áireofar:

  • €3 mhilliún bhreise do mheabhairshláinte na mac léinn
  • €10 milliún bhreise mar thacaíocht airgeadais do mhic léinn a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu agus iad sa choláiste, tríd an gCiste Cúnaimh do Mhic Léinn
  • €8 milliún chun tacú le foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste agus chun teagmháil a dhéanamh leo, tríd an gCiste um Maolú Míbhuntáiste Oideachasúil

Tá oideachas tríú leibhéal á reáchtáil ar líne ó Mhárta 2020, agus eisceachtaí á ndéanamh d’obair chriticiúil agus d’obair atá criticiúil ó thaobh ama de. Tá an rialtas tiomanta d’fhilleadh sábhailte oideachais tríú leibhéal ar an láthair agus é ag fanacht ar an láthair, ar aon dul le treoirlínte sláinte poiblí don chuid eile den bhliain.

Le linn an tsamhraidh agus isteach san fhómhar, beidh institiúidí agus soláthraithe, in éineacht lena bpáirtithe leasmhara, ag pleanáil agus ag obair chun a chinntiú go dtarlóidh sé sin. Tá pleananna teagmhasacha á bpleanáil freisin i gcás go mbeidh méadú tobann ar chásanna COVID-19, ach beidh tinreamh suntasach ar an láthair fós i gceist leis na pleananna sin.

Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire Harris:

“Dhearbhaigh an rialtas inniu gur seirbhís ríthábhachtach é oideachas tríú leibhéal agus go bhfillfidh sé ar ais ar an láthair go sábhailte i Meán Fómhair.

“Reáchtáladh oideachas tríú leibhéal ar líne go príomha le haghaidh bliana go leith beagnach, agus níl sé sin inbhuanaithe. Áirítear leis an bplean le haghaidh filleadh sábháilte go dtiocfaidh léachtaí ar ais, agus mionathruithe áirithe ar líonta foriomlána agus bearta maolaithe sainiúla i gceist.

“Leis an maoiniú cinnteofar tacaíochtaí COVID-19 don earnáil agus, rud atá tábhachtach, tacaíochtaí sainiúla do mhic léinn a fhillfidh chuig saol nua i Mean Fómhair. Áireofar leis sin tacaíochtaí breise do mheabhairshláinte agus tacaíochtaí eile do mhic léinn.

“Ba thréimhse fhíor-dheacair do mhic léinn na 18 mí seo a chuaigh thart, go háirithe d’fhoghlaimeoirí leochaileacha. Bhí tionchar ag COVID-19 ar mheabhairshláinte go leor daoine. Ní mór dúinn a chinntiú go dtacaítear le mic léinn de réir mar a théann siad ar ais ar an gcampas.

“Freastalaíonn níos mó ná 250,000 duine ar bhreisoideachas agus ar ardoideachas gach bliain. I mbliana, rinneadh mórchuid na hoibre dá gcuid ar líne. Bhí a fhios againn go raibh orainn sin a dhéanamh agus tá a fhios againn cén fáth, ach tá a fhios againn freisin nach féidir linn dul trí bhliain acadúil mar a bhí againn anuraidh.

“Ní mór dúinn tosach maith a dhéanamh maidir leis an gcéad bhliain acadúil eile, ní mór dúinn ár bhfoghlaimeoirí agus ár bhfoireann a thabhairt ar ais ar an láthair, agus tús a chur leis an obair d’éifeachtaí fadtéarma na paindéime a chosc dár n-aosaigh is óige. Tá a fhios agam gur bhliain dheacair a bhí ann do mhic léinn agus don fhoireann ach, ar an dea-uair, tá bliain níos fearr os bhur gcomhair.”