Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McEntee, an tAire Lawless agus an tAire Foley foilsiú Táscairí Oideachais d'Éirinn 2024

Inniu (10 Iúil), d'fhógair an tAire Oideachais agus Óige Helen McEntee, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless, agus an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, foilsiú an chéad eagráin eile de Tháscairí Oideachais d'Éirinn 2024.

Cuirtear sraith chuimsitheach táscairí i láthair sa tuarascáil don chóras oideachais in Éirinn, lena n-áirítear léargas ar an gcóras i scoilbhliain 2023/24 agus súil siar ar an gcaoi a ndeachaigh an córas chun cinn thar na cúig bliana ó 2019 go 2023.

Den chéad uair, cuimsíonn tuarascáil Táscairí 2024 caibidil thiomnaithe ar oideachas luath-óige chomh maith le leibhéil na bunscoile agus na hiar-bhunscoile, breisoideachas agus ardoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur san áireamh.

I measc na bpríomhtháscairí a dtarraingítear aird orthu sa tuarascáil tá:

Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige

  • Tá méadú seasta tagtha ar rolluithe i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige ó 2021 i leith.
  • Tá méadú seasta tagtha ar acmhainn foirne do sholáthar lae iomláin do leanaí faoi bhun trí bliana d’aois ó tugadh isteach an Scéim Chroí-Mhaoinithe, agus tá méadú ar líon na leanaí san aoischohórt sin atá ag baint leas as an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí anois.

Bunscoil agus Iar-bhunscoil

  • Méadú ar líon foriomlán na múinteoirí
  • Laghdú leanúnach ar an gcóimheas idir daltaí agus múinteoir ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal araon
  • Méadú ar líon na gcúntóirí riachtanas speisialta
  • Méadú ar líon iomlán na scoláirí atá ag tabhairt faoi chlár na hArdteistiméireachta

Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht

  • Méadú ar líon na mac léinn a fhaigheann tacaíocht ó dheontais
  • Méadú agus leathnú ar phobal na bprintíseach
  • Méadú ar an nglacadh atá le cúrsaí ar scileanna glasa

Dúirt an tAire McAntee:

"Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh fhoilsiú na tuarascála inniu maidir le Táscairí Oideachais – an chéad cheann dá leithéid a chlúdaíonn oideachas go cuimsitheach ag gach céim ó fhoghlaim agus cúram na luath-óige, tríd an mbunoideachas agus an iar-bhunoideachas go dtí an breisoideachas agus an t-ardoideachas chomh maith le foghlaim ar feadh an tsaoil. Agus léargas ar an gcóras oideachais ar fad mar atá sé anois á chur i láthair, tugtar eolas fairsing dúinn sa tuarascáil, ar eolas é a bheidh luachmhar chun cabhrú le beartas oideachais a chur le chéile amach anseo.

"Léiríonn an tuarascáil an dul chun cinn mór atá déanta san oideachas le blianta beaga anuas, agus leagtar béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le réimsí ina bhfuil tús áite á thabhairt don obair chun leanúint ar aghaidh ag feabhsú eispéireas an teagaisc agus na foghlama dár bpobail scoile. Tá líon na múinteoirí agus na gCúntóirí Riachtanas Speisialta ag ardú i gcónaí, agus tá laghdú tagtha ar ár gcóimheas idir daltaí agus múinteoir agus ar mhéid na ranganna sa bhunscoil. Is ábhar misnigh é a fheiceáil freisin go bhfuil méadú tagtha ar rátaí coinneála iar-bhunscoile DEIS go dtí 90% in 2023. Táim tiomanta do níos mó a dhéanamh chun tacú lenár bpobail scoile agus lenár scoláirí lena chinntiú go bhfuil dul chun cinn leanúnach á dhéanamh ar fud earnáil an oideachais."

Dúirt an tAire Lawless:

“Léiríonn fairsinge na tuarascála seo an réimse leathan agus solúbtha deiseanna foghlama atá ar fáil, agus is ábhar misnigh é fianaise a fheiceáil go bhfuil éileamh leanúnach ar an bhfoghlaim, bíodh sé san ardoideachas, sa bhreisoideachas, nó sa phrintíseacht. Mar sin féin, tá obair le déanamh againn chun a chinntiú go bhfuil na deiseanna seo chun a bheith rathúil ar fáil do chách.

"Is misean ríthábhachtach é seo. Beidh oideachas, scileanna, agus, thar aon ní eile, a n-idirghníomhaíocht leis an gcóras taighde agus nuálaíochta i gcoitinne, ríthábhachtach chun dul i ngleic leis na dúshláin is suntasaí atá romhainn mar shochaí.”

Dúirt an tAire Foley:

"Príomhthosaíocht don Rialtas seo is ea infheistíocht i bhfoghlaim agus i gcúram na luath-óige mar gheall ar na buntáistí ollmhóra a thugann sé do leanaí, dá dteaghlaigh agus don tsochaí agus don gheilleagar.

“I dtuarascáil an lae inniu, leagtar béim ar an dul chun cinn suntasach atá déanta againn maidir lena chinntiú go bhfuil rochtain ag gach leanbh ar fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus ar chúram leanaí den chaighdeán is airde.

"Tá níos mó leanaí ná riamh againn, lena n-áirítear leanaí faoi mhíchumas, a ghlacann páirt i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige, níos mó teaghlach a fhaigheann tacaíocht chun costas fhoghlaim agus cúram na luath-óige a mhaolú agus níos mó oideoirí agus cleachtóirí atá ag obair san earnáil – agus méadú bliain ar bhliain ar chéatadán na n-oideoirí a bhfuil cáilíochtaí céime acu.

"Táim tiomanta do leanúint ar aghaidh ag déanamh tuilleadh dul chun cinn ar na treochtaí dearfacha a fheicimid sa tuarascáil seo trí chlár oibre uaillmhianach a sholáthar, ar clár é a bhfuil gealltanas tugtha ina leith i gClár an Rialtais."

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar líne.


NOTAÍ

Cinntí

Foghlaim agus Cúram na Luath-Óig

  • Tá méadú tagtha ar rolluithe i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige gach bliain sa tréimhse 2021-2024, agus méadú ó 148,993 in 2023 go 155,414 in 2024
  • Tá méadú tagtha ar líon na leanaí a bhaineann leas as tacaíochtaí faoin tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú (AIM) sa tréimhse chéanna (2021-2024) ó 4,238 go 8,152
  • Tá méadú tagtha ar líon na leanaí faoi bhun trí bliana d'aois a bhaineann leas as an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (NCS) ó 19,498 go 33,395 sa tréimhse 2021-2024, méadú 71% nó beagnach 4,600 in aghaidh na bliana
  • Bhí beagnach duine as gach ceathrar (24.4%) leanbh faoi bhun trí bliana d’aois faoi chúram leanaí foirmiúil in 2024, méadú ó 22.1% in 2023
  • Bhí beagnach gach leanbh idir trí agus cúig bliana d'aois (95.6%) i gcúram leanaí foirmiúil in 2024, méadú ó 94.1% in 2023
  • Tá méadú 17% tagtha ar an bhfórsa saothair i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige sa tréimhse 2019-2023, ó 30,363 go 35,525

Oideachas Bunscoile agus Iar-bhunscoile

  • D'ardaigh líon iomlán na bpost teagaisc go 76,223 (méadú 13.9% ó 2019).
  • Laghdaigh an cóimheas idir daltaí agus múinteoir (PTR) go 12.8 (bunscoil) agus 12.2 (iar-bhunscoil).
  • Thit méideanna na ranganna bunscoile ó 24.1 go 22.5 ar an meán.
  • Tháinig méadú suntasach ar chásobair SNSO in 23/24, agus thacaigh sé le breis agus 10,000 leanbh agus duine óg.
  • Tháinig feabhas ar choinneáil iar-bhunscoile DEIS ó 83.8% (2019) go 90.0% (2023).
  • Tháinig méadú 12.4% ar rollú i scoileanna speisialta go 8,827 scoláire. Tháinig méadú mór ar rollú i ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha (méadú 70.8% sa bhunscoil, méadú 98.9% san iar-bhunscoil).
  • Tháinig méadú ar líon na CRSanna, go háirithe i scoileanna speisialta.

Breisoideachas agus Oiliúint agus Ard-Oideachas

  • Mhéadaigh an ráta aistrithe ón iar-bhunoideachas go dtí an t-ardoideachas go 64.7% in 2023. Ag an am céanna, laghdaigh an bhearna idir scoileanna DEIS agus scoileanna nach scoileanna DEIS iad faoi 2.7%, rud a thugann le tuiscint go bhfuil feabhas tagtha ar chomhionannas rochtana ar an ardoideachas.
  • Fuair breis agus 78,000 foghlaimeoir tacaíocht ó dheontais agus iad ag rollú go lánaimseartha san ardoideachas in 2023, méadú suntasach ó bheagán os cionn 60,000 sa bhliain roimhe sin.
  • Sa chéad bhliain tuairiscithe, bhí 45% d'fhoghlaimeoirí ardoideachais a ndearnadh suirbhé orthu agus a raibh lóistín ag teastáil uathu ina gcónaí i lóistín a bhí saincheaptha do mhic léinn.
  • Lean an méadú ar rolluithe taighde iarchéime in 2023, le méadú ar rolluithe lánaimseartha (+1.5%) agus páirtaimseartha (+7.2%) ar chláir PhD.
  • Tháinig méadú beagnach deich n-uaire ar líon iomlán na gclárúcháin ar chúrsaí do scileanna a bhaineann le Foirgneamh nach mór Neodrach ó thaobh Fuinnimh/Athfheistiú ó 455 in 2019 go dtí beagnach 4,500 in 2023.
  • Thuairiscigh beagnach 15,000 foghlaimeoir (6.8%) sa bhreisoideachas agus oiliúint in 2023 go raibh siad faoi míchumas amháin ar a laghad.
  • In 2023, lean pobal na bprintíseach ag méadú, ag druidim le 27,500, agus ag éagsúlú, le beagnach 16% ar chláir faoi stiúir cuibhreannais.
  • D'ardaigh deimhniúcháin phrintíseachta iomlána go dtí an luach is airde sa tréimhse a breithníodh, ag dul thar 4,500 in 2023.
  • Léirigh an Suirbhé is déanaí ar Oideachas Aosach, a rinneadh in 2022, go raibh 48.3% d’aosaigh ag gabháil d'fhoghlaim fhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil le 12 mhí roimhe sin, méadú 2.3% ón suirbhé roimhe sin in 2017