Mol foghlama ar líne um thoiliú gnéasach seolta ag Airí Harris agus Naughton d’fhonn acmhainní oideachais agus faisnéise a chur chun cinn
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta; An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
- Foilsithe: 19 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris, agus an tAire Stáit ag an Roinn Dlí agus Cirt, Hildegarde Naughton, mol foghlama nua ar líne inniu chun acmhainn chomhtháite a bheidh ar fáil go poiblí a sholáthar maidir le feasacht ar thoiliú gnéasach agus acmhainní foghlama um thoiliú.
Ag croílár na comhpháirtíochta sin beidh suíomh gréasáin tiomnaithe, lena mbainfidh acmhainní atá forbartha cheana féin ag an bhfoireann taighde um Thoiliú Gníomhach*don earnáil tríú leibhéal, chomh maith le hacmhainní nua-dheartha atá tacaithe ag an tionscadal seo.
Leis an tionscnamh seo déantar forbairt ar obair na foirne um Thoiliú Gníomhach* agus tagann sé chun cinn mar chuid de thionscnamh an rialtais chun an tuiscint ar chiall an toilithe i ngníomhaíocht ghnéasach a fheabhsú mar aon leis an tábhacht a bhaineann leis.
Leis an gcomhpháirtíocht idir an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus Toiliú Gníomhach* cuirtear Gníomhaíocht 135 de ‘Phlean an Cheartais 2021’ i gcrích. De réir mar a fhorbrófar an chomhpháirtíocht, cuirfidh sí leis an bhfeachtas feasachta níos leithne, atá faoi cheannas na Roinne Dlí agus Cirt, maidir le ciall agus tuiscint an toilithe.
Cuirfidh an Roinn Dlí agus Cirt maoiniú ar fáil de luach thart ar €152,000 ionas gur féidir le Toiliú Gníomhach* an mol foghlama ar líne a chruthú, agus tá sí i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta i dtaca leis an tionscnamh tábhachtach sin. Bainfear úsáid as an maoiniú chun maoiniú a fhorlíonadh atá ar fáil cheana féin don chlár um Thoiliú Gníomhach*.
Agus é ag seoladh an tionscnaimh, dúirt an tAire Harris:
“Níl aon chuid dár sochaí ann nach ndeachaigh foréigean gnéasach agus ciapadh gnéasach i bhfeidhm uirthi. Teastaíonn ó dhaoine a bheith sábháilte, cumhachtaithe, muiníneach agus cumasach sna caidrimh dá gcuid agus is féidir le hÉirinn ról ceannasach a ghlacadh maidir le foréigean gnéasach agus ciapadh gnéasach a chomhrac. D’fhéadfadh an obair atá á déanamh san earnáil ardoideachais dár gcuid maidir le Toiliú a bheith ina hoideoir dearfach maidir le réimsí eile, agus leis an mol foghlama ar líne seo soláthrófar acmhainn thábhachtach ní amháin dár n-institiúidí ardoideachais, ach don phobal níos leithne freisin.
”Do mhic léinn ardoideachais, léirítear na trí leibhéal den chlár ar líne um Thoiliú Gníomhach* - ceardlann maidir le toiliú bunaithe ar thaighde na foirne; acmhainn ríomhfhoghlama maidir le toiliú, foréigean gnéasach agus ciapadh gnéasach; agus rannpháirteachas leanúnach ar mheáin shóisialta ar ábhair amhail nochtadh lena ndéantar nasc le hardáin meán sóisialta na mac léinn.
”Do bhaill foirne san ardoideachas, leis na trí chiseal de rannpháirteachas atá ar fáil ar an mol soláthrófar ardú feasachta maidir le sainmhínithe, scileanna agus cleachtais um thacaíocht do mhic léinn; oideachas do chinnteoirí agus do cheannairí maidir le conas is féidir leo tacú le hathrú buan ar an gcultúr; agus oiliúint dhomhain dóibh siúd a bhfuil baint acu le hoideachas um thoiliú, tacaíocht do nochtadh ó mhic léinn, agus cur i bhfeidhm beartas.”
Dúirt an tAire Naughton, agus í ag labhairt in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh:
“Níl áit ar bith ann inár sochaí d’fhoirm ar bith d’fhoréigean gnéasach nó do chiapadh gnéasach, agus ní féidir amhras ná débhrí a bheith ann maidir le ciall agus tábhacht an toilithe.
“Ní mór dúinn tuiscint daoine a fheabhsú maidir le cad is toiliú ann, agus maidir leis an gcuma atá ar thoiliú sláintiúil. Beidh an tionscnamh seo ina acmhainn shármhaith d’earnáil an tríú leibhéal agus níos faide ná sin.
“Is gealltanas tábhachtach é maidir le hAistear Íospartaigh a Thacú, treochlár na Roinne Dlí agus Cirt chun an córas ceartais a fheabhsú d’íospartaigh agus d’fhinnéithe leochaileacha i gcásanna an fhoréigin ghnéasaigh, agus cuirfidh sé lenár bhfeachtas náisiúnta maidir le toiliú níos déanaí i mbliana.”
Dúirt Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh:
“Tá lúcháir ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, bheith ina comhpháirtí leis an Roinn Dlí agus Cirt agus leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta ar an tionscnamh sármhaith seo.
”Ag croílár luachanna Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, tá meas agus oscailteacht. Trí thacú le meas agus le hoscailteacht trí thionscnaimh amhail an mol foghlama ar líne, is féidir linn tionchar bunathraitheach domhain agus inbhuanaithe a imirt ar an tsochaí. Táimid ag tnúth leis an tionscnamh seo agus leo siúd uile atá rannpháirteach ann a thacú.”
Dúirt an Dr Padraig MacNeela, Comh-Cheannaire an Chláir um Thoiliú Gníomhach*, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh:
“Tá an mol foghlama ar líne bunaithe timpeall ar an smaoineamh de ‘litearthacht um thoiliú’ do bhaill uile ár sochaí. Ciallaíonn sé sin go mothaíonn daoine muiníneach san eolas agus sa tuiscint dá gcuid ar thoiliú, ina scileanna cumarsáide le páirtithe, conas tacaíochtaí a rochtain ar a gconlán féin nó conas cuidiú le daoine eile sin a dhéanamh, agus conas is féidir linn dúshlán a chur roimh ghnéithe do-ghlactha dár gcultúr go sábháilte.
“Oibreoidh muid lenar gcomhpháirtithe amhail an Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe agus Líonra Éigeandála um Éigniú Éireann chun na hacmhainní a theastaíonn uainn a chruthú ionas go mbeidh cultúr toilithe againn inár gcoláistí, inar scoileanna agus inar bpobail.”