Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagtar béim sa Tuarascáil maidir le Dul Chun Cinn i dtaca le Rannpháirtíocht Láidir Tras-Earnála san Oideachas le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe

Tá fáilte curtha ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless, an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, agus an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, roimh chomhfhoilsiú an dara tuarascáil maidir le dul chun cinn i dtaca leis an Oideachas le haghaidh forbairt inbhuanaithe (OFI).

Déantar gníomhaíochtaí ar fud na n-earnálacha oideachais uile maidir le cur i bhfeidhm na straitéise náisiúnta maidir le OFI go dtí 2030 a dhoiciméadú sa tuarascáil, agus ar na príomhphointí áirítear;

  • 2,400 foghlaimeoir cláraithe i 107 gcúrsa maidir le scileanna glasa;
  • Curaclam nua na hArdteistiméireachta, Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe;
  • Bronnadh €450,000 ar 30 údarás áitiúil faoin Scéim Deontas Caipitil le haghaidh

Súgradh agus Áineas, rud a chabhraíonn le leanaí a bhfuil riachtanais éagsúla acu taitneamh a bhaint as a bheith ag súgradh lasmuigh.

Is í an tuarascáil seo an dara tuarascáil maidir le dul chun ciinn i dtaca le OFI go dtí 2030, an Dara Straitéis Náisiúnta um Oideachas le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe, agus cumhdaítear léí an tréimhse ó mhí Iúil 2023 go mí na Nollag 2024. Tá sé á fhoilsiú inniu le linn Seachtain na Spriocanna Domhanda de chuid na Náisiún Aontaithe - seachtain bhliantúil gníomhaíochta, feasachta agus cuntasachta i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Gné lárnach de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe do dhaoine, don phláinéid, don tsíocháin, don rathúnas agus don chomhpháirtíocht is ea OFI.

Cumhdaítear le OFI go dtí 2030 gach leibhéal agus gach earnáil oideachais in Éirinn, idir luathfhoghlaim agus luathchúram agus oideachas agus taighde tríú leibhéal, agus pobail áitiúla agus grúpaí óige tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.

Agus é ag fáiltiú roimh an bhfoilseachán, dúirt an tAire Lawless:

"Is éard atá i gceist le OFI an t-eolas, na scileanna agus na luachanna is gá a thabhairt d' fhoghlaimeoirí chun a mbealach a dhéanamh i ndomhan atá ag éirí níos casta agus gníomhaíochtaí ceannródaíocha a dhéanamh maidir le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide agus éagothroimí sóisialta atá ag dul i méid.

"Mar Aire, ba mhaith liom moladh a thabhairt dár n-institiúidí Breisoideachais agus Ardoideachais as a gceannaireacht maidir leis an dul chun cinn atá déanta acu i dtaca le cur i bhfeidhm OFI go dtí 2030. Trí thionscnaimh amhail an Tionscnamh maidr le Caipiteal Daonna agus Micrea-Dhintiúirí, agus infheistíocht leanúnach i gcláir amhail an Ciste um Ailíniú Straitéiseach ar Fheabhsú Teagaisc agus Foghlama (SATLE) agus N-TUTORR, tá OFI curtha againn i gcroílár ár gcóras oideachais.

"Trí leanúint de bheith ag infheistiú inár ndaoine, ár n-acmhainn nádúrtha is mó, táimid ag cinntiú go bhfuil na scileanna cuí ag na mílte mac léinn agus baill foirne chun rannchuidiú fiúntach a dhéanamh le gníomhú ar son na haeráide agus chun rath a bhaint amach i ngeilleagar inbhuanaithe atá bunaithe ar eolas."

Dúirt an tAire McEntee:

“Tá an Roinn Oideachais agus Óige tiomanta a chinntiú go bhfuil an t-eolas agus na scileanna riachtanacha ag ár bhfoghlaimeoirí chun gníomhú ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe ar feadh a saoil, go háitiúil, go náisiúnta agus go domhanda.

"Príomhchumasóir is ea OFI go dtí 2030 chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach agus tá go leor dul chun cinn déanta ó foilsíodh an chéad straitéis maidir le forbairt inbhuanaithe in 2014.

"I mo roinnse, tá tús curtha le hábhar nua Ardteistiméireachta “Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe” i 42 scoil ar fud na tíre. Áirítear leis an gcuraclam bunscoile nua réimse nua foghlama “Oideachas Sóisialta agus Comhshaoil”. Leis an ndá ábhar sin cuirfear tuilleadh feabhais ar an ábhar OFI atá ann cheana féin ar fud an churaclaim agus déanfar é a leabú.

"Le déanaí, dháil mo roinn breis is €465,000 ar 21 eagraíocht a thacaíonn le seachadadh ESD inár seomraí ranga, lena n-áirítear clár Farmer Time , clár Biodiversity in School, clár Heritage Keepers, agus clár Grow It Yourself. Tá maoiniú curtha ar fáil freisin do thionscnaimh faoi stiúir scoláirí, lena n-áirítear an imeacht “ Déan Díospóireacht le do Chinnteoirí” do scoláirí Dara Leibhéal na hÉireann agus d'acmhainní méadaithe agus Foghlaim Ghairmiúil do Mhúinteoirí le haghaidh OFI.

"Le déanaí freisin, thug mé cuireadh do scoileanna iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú OFI do thionscadail OFI ina scoileanna agus béim ar leith á cur ar thionscadail lena n-áirítear Gníomhaíocht Áitiúil maidir le forbairt inbhuanaithe.

D’fhoilsigh Cigireacht na roinne tuarascáil i mí Lúnasa 2024 freisin "Living Today for a Better Tomorrow: Insights into effective practice in education for sustainable development in early learning and care settings and schools."

"Tá ról lárnach ag an oideachas i mbaint amach Chlár Oibre 2030 agus léiríonn an 2ú tuarascáil ar dhul chun cinn an méid oibre atá ar siúl i scoileanna, i gcomhar le raon leathan geallsealbhóirí, chun a chinntiú go leanfar leis an dul chun cinn sa réimse ríthábhachtach seo.”

Dúirt an tAire Foley:

“Mar Aire atá freagrach as leanaí, míchumas agus comhionannas, táim bródúil as an obair atá déanta ag mo Roinnse i dtreo chuspóirí na Straitéise maidir le OFI go dtí 2030 a bhaint amach.” Ar an méid nach beag atá bainte amach sa chéim seo den chur i bhfeidhm tá:

Seoladh leagan nuashonraithe de Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige. Sprioc foghlama lárnach den Aistear nuashonraithe is ea foghlaim faoin timpeallacht nádúrtha agus faoi fhreagracht leanaí mar chúramóirí. Tuigimid go bhfuil am agus eispéiris dhearfacha leis an dúlra ag teastáil ó leanaí chun meas a chothú ar an gcomhshaol agus ar an mbithéagsúlacht. Leagtar béim sa Chreat béim ar ról leanaí óga mar fhoghlaimeoirí gníomhacha, ar thábhacht na foghlama trí idirghníomhú leis an domhan, agus ar fhorbairt mothú muintearais laistigh den phobal, lena n-áirítear mothú cearta agus freagrachtaí atá ag teacht chun cinn. Tá sé seo ar fad mar chuid de OFI, ag tacú le páistí an t-eolas agus na scileanna a fhorbairt chun maireachtáil go hinbhuanaithe.

"I rith na bliana, bronnadh €450,000 ar 30 údarás áitiúil faoin Scéim Deontais Caipitil um Súgradh agus Áineas, ag cabhrú le páistí le riachtanais éagsúla taitneamh a bhaint as a bheith ag súgradh lasmuigh.

"Bhí an-rath ar Thionól Náisiúnta na nÓg maidir leis an Aeráid 2024 a rinneamar a chomhóstáil, mar ar thug thart ar 70 toscaire óg ó Chomhairle na nÓg (Comhairlí Áitiúla na nÓg), eagraíochtaí éagsúla óige agus eagraíochtaí aeráide ionchur ó dhaoine óga i bhfeachtas de chuid na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide mar chuid de Bhliain na Rannpháirtíochta agus sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025.”

NÓTAÍ

Is é OFI go 2030 an Dara Straitéis Náisiúnta um Oideachas le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe agus soláthraítear leis creat chun stiúradh agus tacaíocht a thabhairt don ranníocaíocht atá á déanamh ag an earnáil oideachais i dtreo todhchaí inbhuanaithe faoi 2030.

Foilsíodh an straitéis i mí an Mheithimh 2022 agus tá sí comhurraithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, an Roinn Oideachais agus Óige, agus an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais.

Clúdaíonn ESD go dtí 2030 réimse an oideachais in Éirinn, ó fhoghlaim luath agus cúram go hoideachas tríú leibhéal agus taighde, agus síneann sé níos faide ná sin chun dul i ngleic le pobail áitiúla agus le grúpaí óige trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Tá Plean Cur Chun Feidhme 2022 – 2026 ag gabháil leis.

Tá sé mar aidhm ag an straitéis a chinntiú go mbeidh an t-eolas, na scileanna agus na luachanna ag gach foghlaimeoir a spreagfaidh agus a chumhachtóidh iad ar feadh a saoil chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha eolasacha a dhéanann gníomhaíochtaí ar mhaithe le todhchaí níos inbhuanaithe.

Is cuid OFI go 2030 de chlár oibre idirnáisiúnta, atá ag teacht le clár oibre UNESCO maidir le OFI go 2030 agus Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4.7.

Déanann Grúpa Stiúrtha um OFI maoirseacht ar an gcur i bhfeidhm, arb é atá ann ionadaithe ó ranna Rialtais ábhartha, comhlachtaí oideachais, scoláirí, ceardchumainn mhúinteoirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Tá grúpaí comhairleacha aonair ina bhfuil páirtithe leasmhara tábhachtacha bunaithe freisin do na hearnálacha éagsúla faoi na Ranna.

Tá an straitéis maidir le OFI go 2030, an Plean Cur Chun Feidhme, an Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn agus Téarmaí Tagartha do na Grúpaí Stiúrtha agus Comhairleacha ar fáil anseo: An Straitéis Náisiúnta maidir le hOideachas le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe in Éirinn.

Bunaíodh an Tionscnamh Caipitil Dhaonna (HCI) in 2019/20 mar infheistíocht imfhálaithe €300 milliún ón gCiste Náisiúnta Oiliúna, a leithdháileadh thar thréimhse cúig bliana (2020–2024). Dearadh an tionscnamh chun acmhainneacht a mhéadú i réimsí ina bhfuil gá le scileanna tábhachtacha, agus nuálaíocht agus solúbthacht a spreagadh ar fud earnáil an ardoideachais ag an am céanna. Déantar plé díreach sa tionscnamh sin ar thosaíochtaí straitéiseacha náisiúnta amhail: An Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide; Tithíocht do Chách; agus Straitéis Tionscal 4.0 na hÉireann.

Tá an tionscnamh comhdhéanta de 3 phríomhcholún - cúrsaí comhshó agus speisialtóireachta do chéimithe, áiteanna breise a sholáthar d'fhochéimithe, agus ciste nuálaíochta agus solúbthachta.

Leis an Fóirdheontas d’Fhoghlaimeoirí ar Chúrsaí Micridhintiúr, faoi Cholún 3 den tionscnamh, cuireadh ráta fóirdheontais 80 faoin gcéad ar fáil do chúrsaí lena ndírítear ar scileanna i réimsí tosaíochta tábhachtacha, lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite, inbhuanaitheacht, tógáil agus pleanáil, intleacht shaorga, cibearshlándáil, TFC, agus innealtóireacht leictreonach. Cuireadh ráta fóirdheontais 50 faoin gcéad ar fáil do chúrsaí eile.

Le cúrsaí micridhintiúr cuirtear cláir bheaga creidiúnaithe ar fáil lena mbronntar idir 1 agus 30 ECTS agus lena soláthraítear dámhachtainí ag Leibhéil 6-9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Mar gheall ar sholúbthacht na gcúrsaí micridhintiúr, is féidir le foghlaimeoirí rochtain a fháil ar oideachas in aonaid bheaga, inbhainistithe, lena ndéantar freastal ar a ngealltanais saoil agus oibre.

Déanann an Fóram Náisiúnta i gcomhpháirtíocht leis an Údarás um Ardoideachas riaradh ar SATLE, an Ailíniú Straitéiseach um Fheabhsú Teagaisc agus Foghlama san Ardoideachas, chun nuálaíocht agus feabhsú teagaisc agus foghlama a chur chun cinn ar fud earnáil an ardoideachais. Dírítear leis an maoiniú ar nuálaíochtaí san oideachas le haghaidh forbarirt inbhuanaithe, claochlú digiteach agus ionracas acadúil. I Meán Fómhair 2024, rinne an tÚdarás um Ard-Oideachas €5 milliún a leithdháileadh faoi SATLE chun tacú le tionscnaimh uile-institiúide a chuireann OFI i bhfeidhm mar cheann dá théamaí ar fud an teagaisc agus na foghlama, sa bhreis ar an €6.1 milliún a leithdháileadh in 2023 agus €7.7 milliún in 2022.

Tionscadal náisiúnta ab é N-TUTORR a ceapadh chun foghlaim, teagasc agus measúnú a chlaochlú trí dhíriú ar thaithí an mhic léinn a chlaochlú. Infheistíodh €40m de mhaoiniú faoin bPlean Náisiúnta um Théarnamh agus Athléimneacht (NRRP) sa tionscadal, a raibh baint ag na seacht n-institiúid san earnáil theicneolaíoch leis. Cuireadh tús leis an tionscadal i mí Aibreáin 2022 agus cuireadh críoch leis i mí na Nollag 2024.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat