10ú Gradaim Barr agus Núalaíochta na Státseirbhíse
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin
- Foilsithe: 3 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 25 Iúil 2025
- Forléargas
- Tionscadail Bhuaiteacha
- Catagóirí gradam agus liosta na n-ainmnithe
- Deich mbliana de na gradaim

Forléargas
Seoladh an 10ú heagrán de Ghradaim Feabhais agus Nuálaíochta na Státseirbhíse ar an 26 Samhain 2024. Tá ainmniúcháin fógartha faoi 11 chatagóir, catagóirí atá ag teacht le Seirbhísí Poiblí Níos Fearr - Straitéis Chlaochlaithe na Seirbhíse Poiblí. Reáchtálfar an searmanas bronnta Déardaoin, an 29 Bealtaine 2025 i Halla Naomh Pádraig, Caisleán Bhaile Átha Cliath.
Ócáid bhliantúil is ea CSEIA ina n-aithnítear barr feabhais, dea-chleachtas agus nuálaíocht laistigh den Státseirbhís. Bunaíodh na gradaim in 2015, agus is deis iad le ceiliúradh a dhéanamh ar thionscadail agus tionscnaimh ar fud na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí, a bhfuil seirbhísí poiblí agus beartas níos fearr mar thoradh orthu.
Tionscadail Bhuaiteacha
Digiteach chun Tosaigh Aithnítear sa chatagóir seo tionscadail inar baineadh úsáid as nuálaíochtaí digiteacha agus teicneolaíochta chun córais, gnó nó próisis a fheabhsú.
Buaiteoir: An tSeirbhís Cúirteanna agus Seirbhís Phríosúin na hÉireann
Forbairt a dhéanamh ar an teicneolaíocht físe a bhíonn ar fáil i seomra na cúirte agus ag cur le líon na ndaoine a thagann os comhair na cúirte go cianda.
Nuálaíocht a Neadú Aithnítear sa chatagóir seo tionscadail a léiríonn barr feabhais sa nuálaíocht trí na ‘sean-nósanna’ a cheistiú agus trí iarrachtaí ar leith chun rud éigin nua a dhéanamh.
Buaiteoir: An Roinn Dlí agus Cirt
Clár Nuachóiriúcháin IPO: Athrú ó Bhonn ar Sholáthar na Cosanta.
Fórsa Saothair don Todhchaí Aithnítear sa chatagóir seo tionscadail a léiríonn barr feabhais maidir le daoine, scileanna agus forbairt eagraíochtúil i measc na foirne.
Buaiteoir: Poist Phoiblí
Creat um Chumas na Státseirbhíse.
Ionad Oibre agus an Saol atá Romhainn a Eagrú Aithnítear sa chatagóir seo eagraíochtaí a léiríonn cultúr fuinnimh, dáimhe agus sástachta, ina mothaíonn an fhoireann go bhfuil siad rannpháirteach ar bhealach dearfach agus go bhfuil siad ceangailte lena gcuid oibre nó torthaí tionscadail.
Buaiteoir: An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Athchóiriú Rialtais Áitiúil: Bunú Oifig Mhéara Dírthofa Luimnigh.
Forbairt Polasaí Straitéiseach Aithnítear sa chatagóir seo tionscadail nó tionscnaimh a thugann snáitheanna éagsúla beartais le chéile chun an-difríocht a dhéanamh, trí bharr feabhais san fhoirmiú, dearadh, comhairliúchán, cur chun feidhme agus meastóireacht beartais.
Buaiteoir: An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Athbhreithniú ar an Reachtaíocht Phleanála agus an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 a Ullmhú
Cinnteoireacht Bunaithe ar Léargais Aithnítear sa chatagóir seo tionscadail a léiríonn barr feabhais i réimsí an taighde, na hanailíse agus úsáide sonraí, agus ina n-úsáidtear iad sin chun léargas agus feabhsuithe breise a thabhairt chun cinn don phobal.
Buaiteoir: An Roinn Sláinte
Ag Feabhsú Táirgiúlachta in Ospidéil.
Ag Cur Saothair i gCrích i dTimpeallacht Dhinimiciúil Aithnítear sa chatagóir seo tionscadail agus obair a chuireann chun cinn go soiléir na bunchuspóirí agus na luachanna barr feabhais i soláthar na seirbhíse poiblí nuair a bhíonn athrú gasta, dothuartha nó athrú suaite ann.
Buaiteoir: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
P2P – Córas nuálach chun íocaíocht a dhéanamh.
Feabhas trí Chomhoibriú Aithnítear sa chatagóir seo barr feabhais trí chomhoibriú ar fud ranna, foirne, gníomhaireachtaí nó earnálacha éagsúla, agus ina raibh ról suntasach ag an gcomhoibriú sin i rath tionscnaimh.
Buaiteoir: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus Turasóireacht Éireann
Zeitgeist Irland 24
Tionchar ar Shaoránaigh agus Seirbhís do Chustaiméirí Aithnítear sa chatagóir seo tionscnaimh ina bhfuil breithniú ar an gcustaiméir lárnach do cheapadh na seirbhísí agus dá soláthar, agus soláthar agus cáilíocht fheabhsaithe na seirbhíse do chustaiméirí mar thoradh air.
Buaiteoir: An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
An Plean Náisiúnta Leathanbhanda.
Státseirbhís den Scoth Aithnítear sa chatagóir seo foirne agus tionscadail atá mar fhoinse inspioráide ag riaracháin phoiblí eile sa bhaile agus thar lear.
Buaiteoir: An Roinn Coimirce Sóisialaí
Athchóiriú na bPinsean Stáit.
Gníomhú ar son na hAeráide agus Rialtas Inbhuanaithe Aithnítear sa chatagóir seo tionscadail a bhfuil gníomhú i gceist leo maidir le dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide nó le soláthar 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
Buaiteoir: An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Ag cur sraith straitéisí Spásanailíse le chéile chun cinnteoireacht Chliste agus Inbhuanaithe a chur chun cinn i Seirbhísí Poiblí don Fhoraoiseacht.
Catagóirí gradam agus liosta na n-ainmnithe
Is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoi thionscadail ghearrliostaithe na bliana ach féachaint ar sheinnliosta na bhfíseán Catagóirí Gradaim anseo thíos.
DIGITEACH AR DTÚS
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara Córas Faireacháin Limistéir Faoi Lán Seoil: Cur chuige nua i leith monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh CBT
An tSeirbhís Cúirteanna agus Seirbhís Phríosúin na hÉireann Ag forbairt na teicneolaíochta físe a bhíonn ar fáil i seomra na cúirte agus ag cur le líon na ndaoine a thagann os comhair na cúirte ó chian
An Roinn Coimirce Sóisialaí Tionscadal ar Líne um Shochar Breoiteachta
AG LEABÚ NUÁLAÍOCHTA
An Coimisiún Toghcháin “Is é do vóta do ghuth” 2024 Feachtas um Chlárú/Ghníomhachtú Vótálaithe
An Roinn Dlí agus Cirt Clár Nuachóiriúcháin IPO: Ag Athrú Sholáthar na Cosanta ó Bhonn
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara Scrúdú Tréidliachta agus Clár Iniúchta
LUCHT SAOTHAIR DON TODHCHAÍ
An Roinn Cosanta Cúrsa Micridhintiúr sa Staidéar Cosanta
An Roinn Breisoideachais & Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Printíseacht sa Mhargaíocht Dhigiteach leis an Státseirbhís
Poist Phoiblí Creat Cumais na Státseirbhíse
IONAD OIBRE AGUS EAGRAÍOCHT DON TODHCHAÍ
An Roinn Gnóthaí Eachtracha 10 Lá ICÉI– inscne, comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú
An Roinn Fiontar, Trádála & Fostaíochta Réidh don Lá Amárach: Clár Píolótach Comhpháirtíochta Nuálaíochta na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Athchóiriú Rialtais Áitiúil: Bunú Oifig Mhéara Dírthofa Luimnigh
FORBAIRT BEARTAIS STRAITÉISIGH
An Roinn Breisoideachais & Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Cláir Chéime Threasacha - Ag cur níos mó deiseanna ar fáil chun staidéar a dhéanamh i gcóras aontaithe tríú leibhéal
An Roinn Oideachais Ag comhoibriú le heagraíochtaí an Lucht Siúil agus na Romach chun an chéad Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus Romaigh riamh a fhorbairt
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Athbhreithniú ar an Reachtaíocht Pleanála & an tAcht um Pleanáil & Forbairt, 2024 a Ullmhú
CINNTEOIREACHT BUNAITHE AR LÉARGAIS
An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Measúnú ar Thionchar Carnach na mBeart Molta chun Feabhas a Chur ar Choinníollacha Oibre in Éirinn
An Roinn Sláinte Ag Feabhsú Táirgiúlachta in Ospidéil
An Phríomh Oifig Staidrimh Bonneagar Sonraí Náisiúnta – ag forbairt sonraí mar acmhainn náisiúnta
BEART A DHÉANAMH DE RÉIR BRIATHAIR I DTIMPEALLACHT DHINIMICIÚIL
Na Coimisinéirí Ioncaim An Scéim um Thrádstóráil Fiachais
An Roinn Iompair Claochlú na Bainistíochta Éigeandála sa Roinn Iompair
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige P2P – Córas Nuálach ó Sholáthar go hÍoc
FEABHAS TRÍ CHOMHOIBRIÚ
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus Turasóireacht Éireann Zeitgeist Irland 24
Na Coimisinéirí Ioncaim Ag cruthú na chéad Sceire Saorga in Éirinn
An Roinn Iompair Soláthar Chonradh IRCG (Garda Cósta na hÉireann) agus SAR (Cuardach agus Tarrtháil) i gcomhair Seirbhísí Eitlíochta
TIONCHAR SAORÁNACH AGUS SEIRBHÍS DO CHUSTAIMÉIRÍ
An Roinn Dlí agus Cirt Ag Athrú na Saoránachta ó bhonn
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide An Plean Náisiúnta Leathanbhanda
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Cinnteoireacht thacaithe, clár athchóirithe ilghníomhaireachtaí
STÁTSEIRBHÍS DEN SCOTH
Tithe an Oireachtais Bunú Sheirbhís Costála na hOifige Buiséid Parlaimintí um Moltaí Beartais agus Toghcháin
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta An 4ú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht
An Roinn Coimirce Sóisialaí Athchóiriú na bPinsean Stáit
GNÍOMHÚ AR SON NA HAERÁIDE AGUS RIALTAS INBHUANAITHE
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Scéim Náisiúnta Éarlaise agus Aisíoca na hÉireann
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe an Chósta Theas d'Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara Ag cur sraith uirlisí Spásanailíse le chéile chun cinnteoireacht Chliste agus Inbhuanaithe a chur chun cinn i Seirbhísí Poiblí don Fhoraoiseacht
Deich mbliana de na gradaim
Le haghaidh chomóradh deich mbliana na ngradam, léirigh foireann na ngradam an físeán seo thíos ina labhraíonn buaiteoirí roimhe seo agus ainmnithe faoi thionchar agus leagáid a gcuid tionscadal.