Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Acmhainní Dearaidh


Seachadadh Seirbhíse Dearadhbhunaithe

Léiríonn cur chuige dearadhbhunaithe i leith na seirbhísí poiblí claochlú i bhforbairt agus i seachadadh seirbhíse a bhaineann le tús áite a thabhairt do riachtanais na n-úsáideoirí seirbhíse.

Spreagann an smaointeoireacht deartha béim ar sheirbhísí a chruthú a fhreastalaíonn ar riachtanais daoine, ag baint leas as teicneolaíocht chun freastal ar na riachtanais sin agus ag ailíniú le cumais agus acmhainní eagraíochtaí Seirbhíse Poiblí ar fud na hÉireann. Cumasaíonn an meon dearaidh cur chuige níos freagraí agus níos inbhuanaithe maidir leis an gcaoi a n-oibríonn an tSeirbhís Phoiblí freisin.

Dearadh sa tSeirbhís Phoiblí

Chun tacú le smaointeoireacht deartha sa tSeirbhís Phoiblí, d’fhorbair an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin an Plean Gníomhaíochta chun Seirbhísí Poiblí Níos Fearr a Dhearadh. Soláthraíonn an Plean Gníomhaíochta treochlár follasach, praiticiúil agus cuimsitheach don chaoi a leabóidh an Rialtas prionsabail dearaidh ar fud na Seirbhíse Poiblí, a mbeidh seirbhísí níos duine-lárnaí, ionchuimsithí, éasca le húsáid agus éifeachtaí mar thoradh orthu. Is é fís an Rialtais é eiseamláir dhomhanda ar chlaochlú dearadhbhunaithe Seirbhíse Poiblí a dhéanamh d’Éirinn.

Lean an Plean Gníomhaíochta Ag Dearadh ár Seirbhísí Poiblí - Prionsabail maidir le Dearadh do Rialtas na hÉireann a leag síos an bhunchloch do chur chuige dearaidh sa Rialtas.

Tacóidh an plean le seachadadh na straitéise claochlaithe Seirbhísí Poiblí Níos Fearr agus leis an tiomantas chun beartas fianaisebhunaithe agus seirbhísí a dearadh don phobal i gcomhar leis an bpobal a sheachadadh, agus chun dul i ngleic le ceisteanna móra sochaíocha trí sheirbhísí digiteacha agus nuálaíocht ar scála.

Tacaíocht Dearaidh

Le linn thréimhse an Phlean Gníomhaíochta, léireoidh an Rialtas tiomantas don chur chuige dearaidh trí na hacmhainní a theastaíonn do sheachadadh fíordhul chun cinn agus athraithe a sholáthar. Cuirfear uirlisí dearaidh, oiliúint agus acmhainní malartaithe eolais ar fáil d’Fhostaithe sa tSeirbhís Phoiblí lena chinntiú go dtapaítear deiseanna chun buanna agus peirspictíochtaí aonair a chur le dearadh agus seachadadh seirbhíse. Tá sé mar aidhm ag an bplean freisin cultúr dearaidh a chothú sa tSeirbhís Phoiblí, ag leabú dearaidh i dteanga agus iompraíocht laethúil eagraíochtaí.

Tá an tAonad um Dhearadh sa Roinn Caiteachais Phoiblí freagrach as cur i bhfeidhm an phlean a stiúradh agus cuireann sé tacaíocht ar fáil d’Fhostaithe sa tSeirbhís Phoiblí ar spéis leo an smaointeoireacht deartha a úsáid ina gcuid eagraíochtaí.

I measc na samplaí de thionscadail atá á bhforbairt cheana féin agus ina bhfuil cur chuige dearadhbhunaithe in úsáid, tá an Clár Imeachtaí Saoil a dhíríonn ar sheirbhísí saoráideacha trasrialtais a sheachadadh ag céimeanna tábhachtacha saoil agus Sparán Digiteach an Rialtais d’fhaisnéis aitheantais amhail an ceadúnas tiomána, doiciméid fíoraithe aoise, teastais bhreithe agus deimhnithe pósta agus eile.

Chun teagmháil a dhéanamh leis an Láraonad um Dhearadh, is féidir ríomhphost a chur chuig design@per.gov.ie

Acmhainní

Action Plan for Designing Better Public Services, a roadmap for embedding design in the Public Service

The Framework is a clear direction of reform for the Public Service to 2030

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat