An Plean um Sheirbhísí Poiblí Digiteacha 2030
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin
- Foilsithe: 28 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Samhain 2025
Ag claochlú Seirbhísí Poiblí chun tacú le hÉirinn Dhigiteach
Is ionann an Plean um Sheirbhísí Poiblí Digiteacha 2030 agus treochlár Rialtas na hÉireann maidir le seirbhísí poiblí atá saoráideach, ionchuimsitheach agus úsáideoirlárnach a sheachadadh tríd an gclaochlú digiteach.
Is tionscnamh lárnach faoin straitéis chlaochlaithe Seirbhísí Poiblí Níos Fearr é an Plean agus is ionann é agus clár athchóirithe dhigitigh is uaillmhianaí go dtí seo de chuid na hÉireann. Tá sé mar aidhm aige a chinntiú faoin mbliain 2030:
- go mbíonn 100% de na príomhsheirbhísí poiblí ar fáil ar líne; agus,
- go n-úsáidtear 90% de na seirbhísí infheidhme go digiteach.
I gcroílár an chlaochlaithe seo tá an Cur Chuige Imeachtaí Saoil, samhail a athshamhlaíonn seirbhísí poiblí timpeall ar imeachtaí fíorshaoil atá tábhachtach do dhaoine, amhail an scoil a thosú, bheith i do thuismitheoir, tithíocht a fháil, nó breith linbh. Cinntíonn an cur chuige seo go ndeartar seirbhísí le bheith iomasach, réamhghníomhach agus comhtháite, ag laghdú castachta agus ag cur feabhas ar an rochtain do chách.
Tugtar achoimre sa Phlean ar:
- Liosta cuimsitheach de nach mór 190 príomhsheirbhís, de réir an imeachta saoil
- Sceideal seachadta céimnithe chun seirbhísí a chomhtháthú agus a dhigitiú le linn shaol uile an Phlean
- Tacaíochtaí agus cumasóirí lena n-áirítear Cumas Dearaidh Seirbhíse, Sparán Digiteach an Rialtais, Tairseach Imeachtaí Saoil, agus Bloic Thógála Dhigiteacha
- Creat láidir rialachais agus monatóireachta chun cuntasacht a chinntiú agus dul chun cinn a rianú
Tá níos mó i gceist leis an bplean seo ná treochlár teicneolaíochta—is treochlár um chlaochlú seirbhísí poiblí é. Léiríonn sé tiomantas an Rialtais maidir le seirbhísí a sheachadadh atá comhtháite trí dhearadh, cumasaithe go digiteach, agus ionchuimsitheach mar réamhshocrú.
Leagtar amach sa Phlean seo treochlár na hÉireann chun príomhsheirbhísí poiblí a dhigitiú go hiomlán faoin mbliain 2030, ag cinntiú go bhfuil 100% de phríomhsheirbhísí ar fáil ar líne agus gur féidir rochtain a fháil ar 90% de sheirbhísí infheidhme go digiteach.