Robotic Process Automation (RPA)
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin
- Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 22 Nollaig 2025
- Cad tá i gceist le hUathoibriú Róbatach Próiseas (RPA)?
- Buntáistí RPA
- Creat RPA
- Cur Chun Siúil
- Seimineár Gréasáin Faisnéise RPA
Cad tá i gceist le hUathoibriú Róbatach Próiseas (RPA)?
Cuíchóiríonn Uathoibriú Róbatach Próiseas (RPA) próisis láimhe dhlúthshaothair agus déanann sé digitiú orthu, ag cur le cruinneas, ag laghdú earráidí, agus ag cur seirbhísí ar fáil ar bhealach i bhfad níos éifeachtaí. Ríomhchlár bogearraí is ea RPA ar féidir é a sheoladh trí mhodhanna seachadta seirbhíse éagsúla amhail Seacháitreabh (mar shampla néal/óstach) nó Ar Áitreabh (laistigh de Bhonneagar TF chliaint an Chreata). Go hiondúil, uathoibríonn ríomhchláir bogearraí líon ard tascanna ríomhlárnacha, riailbhunaithe. Ceanglaíonn an bogearra RPA le feidhmchláir bogearraí atá ann cheana féin agus in úsáid ag an gComhlacht Seirbhíse Poiblí (PSB) ag leibhéal an chomhéadain úsáideora. De ghnáth, bíonn an bogearra iomasach, so-úsáidte agus ní bhíonn ardinniúlacht teicneolaíochta de dhíth chun próiseas a uathoibriú.
Cuirtear i bhfeidhm é trí phacáiste bogearraí RPA a úsáid ar féidir é a thraenáil chun tascanna leamha, am-íditheacha, agus atriallacha a dhéanamh. Úsáidtear é chun cur le héifeachtacht agus scála soláthair seirbhíse poiblí, agus ualach tascanna den chineál seo ar an bhfoireann a laghdú, a ligeann dóibh tabhairt faoi obair níos casta agus níos tairbhí.
Bíonn na tréithe seo a leanas ag dul le próisis a fheileann go mór do réitigh RPA:
- Tá siad cobhsaí agus riailbhunaithe, a fheileann do chéimeanna próisis ó shaineolaithe ábhair (SME) iomadúla. Níl iomas an duine de dhíth leis an bpróiseas a leanúint.
- Tá siad TF-bhunaithe ó thús deireadh.
- Tá an próiseas atriallach.
- Tá cur i bhfeidhm an phróisis am-íditheach mar gheall ar ualach mór oibre, nó tógann sé tamall fada an próiseas a chur i bhfeidhm.
- Baineann aistriú sonraí idir feidhmchláir nach féidir iad a chomhtháthú seachas sin leis an bpróiseas.
Buntáistí RPA
Tá PSBanna i ndiaidh leas suntasach a bhaint as RPA, lena n-áirítear ualaí riaracháin laghdaithe, cáilíocht sonraí níos fearr, agus eispéiris fheabhsaithe don saoránach. Ina theannta sin, baintear an t-ualach a bhaineann le tascanna leamha, atriallacha den fhoireann atá ann cheana féin, agus is féidir iad a chur ag obair ar ghníomhaíochtaí a bhfuil luach níos mó ag baint leo.
Ligeann Creat OGP RPA do PSBanna bogearraí RPA, traenáil, agus tacaíocht a fháil, le ceadúnú bogearraí, oiliúint agus seirbhísí comhairleoireachta á soláthar ag Deloitte. Tá ag éirí go han-mhaith leis an gcur chuige aon chomhpháirtí maidir le soláthar oiliúna, ceadúnaithe agus seirbhísí comhairleachta RPA in earnáil phoiblí na hÉireann le 6 bliana anuas. Príomhghné den Chreatchonradh ná ligean do PSBanna saineolas ar RPA a fhorbairt go hinmheánach agus a bhfoireann féin a fhorbairt agus oiliúint a chur orthu leis na scileanna cuí chun RPA a chur i bhfeidhm go rathúil.
De ghnáth, baineann na buntáistí seo a leanas le cur i bhfeidhm RPA ag PSBanna:
- Laghdú san am a chaitear ar thascanna riaracháin a dhéanamh.
- Éifeachtúlachtaí agus cruinneas méadaithe maidir le cur i bhfeidhm tascanna ríomhbhunaithe.
- Solúbthacht níos mó ó thaobh acmhainneacht na heagraíochta freagairt do bhuaicphointí éilimh.
- Ábaltacht foireann a chur ag obair ar chúinsí a bhfuil luach níos mó ag baint leo.
Príomhchumhacht RPA ná forbairt ghasta próisis uathoibrithe nua chun dul i ngleic le riachtanais dhifriúla ghnó, nó chun freastal ar bhuaicphointí éilimh níos tapa ná a thógfadh sé réiteach traidisiúnta TF a chur in oiriúint dóibh.
Creat RPA
Bogearraí RPA - oiliúint, tacaíocht agus seirbhísí ar fáil le tarraingt anuas dhíreach trí chreatchomhaontú na hOifige um Sholáthar Rialtais (OGP). Ciallaíonn tarraingt anuas dhíreach nach gá don eagraíocht cheannaigh dul i ngleic le mionchomórtais agus go bhfuil gach seirbhís ábhartha RPA ar fáil faoin gcreat.
Ar mhaithe leis an RFT seo, ceanglaítear ar gach Tairgeoir cuntas a choinneáil agus cloí le moladh Rialála na hEorpa ar Intleacht Shaorga. Ní féidir Uathoibriú Cliste (IA) a úsáid ach amháin leis na feidhmchláir rangaithe nó liostáilte ar leibhéal “Riosca Teoranta” nó faoina bhun de réir rialacháin mholta AE atá ar fáil ag: https://digital-strategy.ec.europa.eu/ga/policies/regulatory-framework-ai
Cur Chun Siúil
Mura bhfuil taithí ag do chomhlacht ar RPA, d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach foghlaim cé na próisis ba cheart a uathoibriú, ach mar sin féin, déanfaidh an soláthróir Seirbhíse RPA plé ar do thionscadal beartaithe agus cinnfidh sé má tá an tionscadal feiliúnach nó nach bhfuil.
Bíonn na tréithe seo a leanas ag dul le próisis a fheileann don uathoibriú:
· Próisis a bhfuil cur amach leathan orthu agus ionchuir fhormáidithe, céimeanna próiseála agus aschuir fhormáidithe chobhsaí ag baint leo.
· Próisis atá ríomhbhunaithe agus nach bhfuil aon pháipéarachas ag baint leo. B’fhiú a lua, áfach, go ndearnadh roinnt próiseas páipéarbhunaithe a dhigitiú agus a uathoibriú ag baint úsáid as Aithint Optúil Carachtar (OCR) agus próiseáladh ansin iad ag baint úsáid as RPA.
Is féidir teacht ar an gcreat RPA trí shuíomh gréasáin OGP Buyerzone, agus a tharraingt anuas ag baint úsáid as Foirm maidir le Fógra chun Seirbhísí a Ghníomhachtú, FFSG. Déan teagmháil le Deasc Freastail OGP má tá aon cheist agat faoi seo a dhéanamh tríd an suíomh gréasáin Buyerzone, trí ríomhphost a sheoladh chuig support@ogp.gov.ie nó glao a chur ar 01 773 8000.
Seimineár Gréasáin Faisnéise RPA
Clúdaíodh sa seimineár gréasáin:
- Bunghnéithe a Thuiscint: Faigh míniú soiléir, gan aon bhéarlagair ar an gCreat um Uathoibriú Cliste a thacaíonn le heagraíochtaí seirbhíse poiblí tabhairt faoina n-aistir um chlaochlú digiteach.
- Buntáistí Infheicthe: Foghlaim faoi bhuntáistí agus faoi fheabhsuithe bainte amach ag eagraíochtaí trínár saintionscadail chreata.
- Scéalta Claochlaithe: Éist le comhghleacaithe ag caint faoi na hathruithe as éadan a tháinig ar a sreabhadh oibre agus soláthar seirbhíse de thairbhe an uathoibrithe.
- Léargais ar theicneolaíochtaí an Uathoibrithe Chliste: Réitigh cheannródaíocha d’eagraíochtaí seirbhíse poiblí, ag léiriú a gcumais luach eagraíochtúil a mhéadú go suntasach.