Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Seirbhísí Poiblí Níos Fearr: Líonraí


Leis na líonraí thíos cuirtear deiseanna ar fáil le heolas a chomhroinnt agus comhoibriú a dhéanamh i measc Státseirbhíseach agus Fostaithe sa tSeirbhís Phoiblí.

An Líonra Nuálaíochta

Tacaíonn an Líonra Nuálaíochta le cultúr nuálaíochta a chothú ar fud na Seirbhíse Poiblí. Tá an bhallraíocht fadréimseach agus cuirtear fócas an líonra ar phríomhtheachtaireachtaí nuálaíochta a chur in iúl, eolas a chomhroinnt agus díocas chun nuálaíochta a chothú ar fud na Seirbhíse Poiblí. Is meicníocht atá sa líonra freisin chun scileanna a chothú sa nuálaíocht agus chun uirlisí agus acmhainní a chur ar fáil do na baill.

Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig innovation@per.gov.ie nó déan iarratas chun dul isteach sa líonra tríd an bhfoirm iarratais ar líne.

Tabhair cuairt ar an seinnliosta ábhair Nuálaíochta ar ár gcainéal YouTube chun féachaint ar sheimineáir ghréasáin arna n‑eagrú ag an líonra agus tuilleadh a fhoghlaim faoi nuálaíocht sa tSeirbhís Phoiblí.

An Líonra Sonraí Oscailte

Cuireann an Líonra Oifigeach Teagmhála Sonraí Oscailte trédhearcacht agus comhoibriú chun cinn ach foilsiú sonraí eagraíochtúla mar Shonraí Oscailte a éascú. Agus tacaíocht á fáil aige ón Aonad Sonraí Oscailte, cumasaíonn an líonra seo na baill le hoiliúint agus tacaíocht theicniúil.

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gcaoi a spreagann sonraí oscailte athruithe dearfacha sa tSeirbhís Phoiblí, is féidir leat cuairt a thabhairt ar an Tairseach Sonraí Oscailte nó ríomhphost a chur chugainn ag opendata@per.gov.ie le bheith páirteach sa líonra seo.

An Líonra Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí

Cuid lárnach de chreat an rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí is ea feabhas a chur ar an mbealach a mbíonn an tSeirbhís Phoiblí i dteagmháil lena custaiméirí, agus feabhas a chur ar dhearadh agus seachadadh seirbhíse. Faigh tuilleadh eolais faoi Thionscnamh na Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí nó déan iarratas chun dul isteach sa Líonra Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí ach ríomhphost a sheoladh chuig qcsofficersnetwork@per.gov.ie

Tabhair cuairt ar an seinnliosta ábhair QCSN ar ár gcainéal YouTube chun féachaint ar sheimineáir ghréasáin arna n‑eagrú ag an líonra agus tuilleadh a fhoghlaim faoi nuálaíocht sa tSeirbhís Phoiblí.

Líonraí eile

Tá líonraí claochlaithe eile a bunaíodh roimhe seo amhail an líonra Teicneolaíocht atá ag Teacht Chun Cinn agus an líonra Bainistíochta Tionscadal á n-athbhreithniú faoi láthair. Beidh foireann Chlaochlú na Seirbhíse Poiblí i dteagmháil le baill na líonraí seo le nuashonrú in am trátha.

Idir an dá linn, is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoi úsáid teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn sa tSeirbhís Phoiblí nó rochtain a fháil ar raon acmhainní Bainistíochta Tionscadal.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat