Tionscadal Éireann 2040: Tuarascálacha Bliantúla
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 6 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 20 Meán Fómhair 2024
Tá leagtha amach sna cáipéisí thíos na tionscadail agus cláir atá á bpleanáil agus á seachadadh i ngach contae in Éirinn mar chuid den infheistíocht phoiblí a bhfuil sonraí le fáil fúithi i dTionscadal Éireann 2040 - is é sin Creat Pleanála Náisiúnta agus Plean Forbartha Náisiúnta an Rialtais.
Leagadh amach deich gcinn de Thorthaí Straitéiseacha Náisiúnta (TSNanna) i dTionscadal Éireann 2040, agus tógadh iad sin thart ar théamaí uileghabhálacha na folláine, an chomhionannais agus deiseanna. Tá leagtha amach sna cáipéisí a leanas an réimse infheistíochta a rinneadh go dtí seo, agus tarraingíonn siad aird ar thosaíochtaí do na blianta amach romhainn.