Comhairliúchán maidir leis an athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 29 Bealtaine 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 29 Bealtaine 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 26 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Bealtaine 2025
Tá an Comhairliúchán open
Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo ná tuairimí a bhailiú maidir le hord tosaíochta an chaiteachais don athbhreithniú atá ag teacht aníos ar an bPlean Forbartha Náisiúnta le haghaidh 2026 go 2035.
Cúlra
Le ceithre bliana anuas, infheistíodh os cionn €65 billiún i dtionscadail bhonneagair chaipitiúil ar fud na tíre chun feabhas a chur ar shaol daoine leis an bPlean Forbartha Náisiúnta. Sholáthair an cistiú sin bóithre, tithe, scoileanna, ospidéil agus tuilleadh, d’fhonn feabhas a chur ar shaol daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn.
Tá daonra agus geilleagar na hÉireann ag fás i gcónaí. Is gá a chinntiú gur féidir linn:
- Tithe a chur ar fáil dár ndaonra atá ag fás;
- Tacú lenár ngeilleagar atá ag fás agus lenár n-iomaíochas, ionas gur suíomh mealltach a bheidh ionainn i gcónaí agus go ndéanfaidh comhlachtaí infheistíocht ionainn;
- Bonneagar bunriachtanach a chur ar fáil, mar shampla an fuinneamh, an t-uisce agus an t-iompar chun freastal ar riachtanais an daora agus an gheilleagair atá ag fás; agus
- Tacú le fás an gheilleagair amach anseo chun feabhas a chur ar chaighdeáin saoil mhuintir na hÉireann.
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, thug an Rialtas tús áite d’athbhreithniú luath ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, a fhoilseofar i mí Iúil 2025.
Cumhdófar gach infheistíocht phoiblí sa bhonneagar chomh fada le 2035 san athbhreithniú, agus bainfear úsáid as cistí an Stáit, lena n-áirítear ciste eascró Apple, fáltais ó dhíolacháin scaireanna bainc, agus cistí Stáit níos leithne, lena n-áirítear an Ciste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra.
Mar athbhreithniú iomlánaíoch ar chaiteachas bonneagair phoiblí, tugtar deis san athbhreithniú le huaillmhian an Rialtais a chur chun feidhme maidir le tús áite a thabhairt do sheachadadh bonneagair chlaochlaithigh, bhunriachtanaigh, ina spreagtar fás. Déanfar é sin tríd an méid seo a leanas:
- Infheistíocht a athdháileadh i gcomhréir leis na tosaíochtaí straitéiseacha;
- Athmheasúnú a dhéanamh ar phleananna agus ar chláir infheistíochta atá ann cheana féin;
- Costálacha tionscadail a nuashonrú; agus
- Béim láidir a chinntiú ar luach ar airgead agus seachadadh.
I bhfianaise an mhéid cistiúcháin a theastaíonn sna réimsí tosaíochta sainaitheanta, ní mór na hacmhainní teoranta atá ar fáil don athbhreithniú a infheistiú go stuama.
Dá bhrí sin, is é is aidhm don athbhreithniú bonn eolais a chur faoi bheartú tosaíochta na gcistí chun an uaillmhian a bhaint amach, is é sin feabhas a chur ar ár mbonneagar, go háirithe an fuinneamh, an t-uisce agus an t-iompar. Is gá feabhas a chur ar na hearnálacha sin chun éascaíocht a dhéanamh ar 300,000 teach breise a sholáthar faoi 2030 agus dlús a chur faoinár n-iomaíochas.
Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh deis ag na daoine a mbeidh tionchar ag an bPlean Forbartha Náisiúnta orthu a dtuairim a chur in iúl. Dá bharr sin, táimid ag lorg freagraí ó pháirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear an pobal, ar shraith ceisteanna chun bonn eolais a chur faoin athbhreithniú.
Comhairliúchán
Táimid ag lorg freagraí ó pháirtithe leasmhara ábhartha ar shraith ceisteanna maidir leis na réimsí ar cheart tús áite a thabhairt dóibh san athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta le leas an náisiúin.
Is é 5p.m., an 26 Meitheamh 2025 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.
Cosaint Sonraí agus Saoráil Faisnéise
Caith súil ar an bhfógra príobháideachta don chomhairliúchán poiblí maidir leis an athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta.
Comhairliúchán seachtrach
Chun breathnú ar an gcomhairliúchán, cliceáil ar an gcnaipe thíos.