English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe – Ár dTodhchaí Chomhroinnte

1) A chinntiú go n-úsáidtear na bearta nua seo ar bhealach córasach sa cheapadh beartas go léir a dhéanann an rialtas ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta, nuair a bhíonn tosaíochtaí buiséadacha á leagan amach, nuair a bhíonn cláir á measúnú agus nuair a bhíonn dul chun cinn á thuairisciú.

2) A chur ar chumas scoileanna, ionaid oibre agus institiúidí eile amanna oscailte agus dúnta a scaradh amach óna chéile.

3) Is é an Ciste Téarnaimh an phríomhuirlis a chuirfidh le cruthú post agus coinneáil post. Spreagadh spriocdhírithe a bheidh sa Chiste Téarnaimh chun éileamh agus fostaíocht intíre a mhéadú. Cuirfidh an Ciste seo athrú straitéiseach chun cinn trí FBManna, cruthú post a luathú, dícharbónú an gheilleagair, agus a chinntiú go bhfuil Éire ar thús cadhnaíochta todhchaí digití amach anseo. Tosaíocht ríthábhachtach den Chiste seo a bheidh i mborradh réigiúnach cothrom a sholáthar. Beidh an Ciste Téarnaimh ar fáil don bhliain 2020, 2021 agus 2022. Cisteoidh sé infheistíocht do thionscadail chaipitil agus reatha agus tiocfaidh athrú méide air, de réir mar a théann ár ngeilleagar i méid, agus mar a thagann fostaíocht as. Beidh trí ghné éagsúla ag an gCiste Téarnaimh - Forbairt Bonneagair; Athsciliú agus Athoiliúint; agus Tacú le hInfheistíocht.

4) An Ciste Téarnaimh - Forbairt Bonneagair - Tús áite a thabhairt do tionscadail infheistíochta caipitil tháirgiúla agus dlúthshaothair atá dírithe ar limistéir cosúil le tithíocht, iarfheistiú agus iompar poiblí agus gníomhach chun cúnamh díreach a thabhairt d’fhostaíocht agus é a chothabháil, ach tacú le fostaíocht amach anseo.

5) Tascfhórsaí earnála a bhunú, ina bhfuil an Rialtas, saineolaithe neamhspleácha agus páirtithe leasmhara agus a ndéanann airí líne cathaoirleacht, chun díriú ar riachtanais ar leith na n-earnálacha agus pleananna a thabhairt chun cinn i gcomhthéacs an Phlean Gheilleagraigh Náisiúnta.

6) Gníomhaireachtaí, idir phoiblí agus phríobháideach, a chur chun feidhme chun díriú ar acmhainn fiontar a neartú i limistéir ríthábhachtacha agus a spreagadh go nglactar le hathruithe struchtúracha a dhéanfaidh fiontair níos athléimní don fhadtéarma.

7) Treoirphlean mheántéarmach a leagan amach ina sonraítear conas a laghdóidh Éire an t-easnamh agus filleadh ar bhuiséad atá cothrom den chuid is mó, ag Buiséad 2021, mar gheall go bhfuil dtuigimid níos soiléire tionchar dóchúil geilleagrach Éigeandáil COVID-19 go hintíre agus go hidirnáisiúnta.

8) Bearta cuí cistithe a scrúdú, roimh Bhuiséad 2022, chun tacú le cur i bhfeidhm Sláintecare.

9) A lorg idirbheartaíocht a dhéanamh ar mhargadh pá poiblí nua leis na ceardchumainn seirbhíse poiblí, atá treoraithe ag staid agus dearcadh airgeadais an Stáit, dúshláin maidir le hearcaíocht agus coinneáil, agus coinníollacha laistigh den mhargadh saothair níos fairsinge. Beidh cur chuige an Stáit i leith na hidirbheartaíochta bunaithe ar an meas atá ar an ról tábhachtach a ghlacann fostaithe sa tseirbhís phoiblí. Mar chuid d’aon mhargadh pá, a chinntiú go leagtar béim ar athruithe dearfacha cleachtais oibre a leabú a d’eascair as Éigeandáil COVID-19, chomh maith le gnóthachain ghinearálta táirgiúlachta agus éifeachtacht, bunaithe ar thorthaí intomhaiste. Clásal margála a thabhairt isteach sa chomhaontú nua chun dul chun cinn a dhéanamh cinn ar shaincheisteanna earnála.

10) Beidh ar gach Aire pleananna feabhsaithe agus athchóirithe seirbhíse a chur le chéile i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

11) Caithfidh gach Roinn róchaitheamh a chur san áireamh laistigh den bhliain bhuiséadach i bpleananna buiséadacha a Roinne gach bliain, ar aon dul le hathruithe ar Bhuiséad 2020.

12) Na creataí soláthair go léir a nuashonrú ar aon dul le cleachtas soláthair glas i gcaitheamh na chéad trí bliana eile amach romhainn.

13) An t-athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta (an PFN) a dhéanamh níos luaithe ná 2022. An t-athbhreithniú a úsáid chun PFN nuashonraithe a leagan amach don tréimhse go dtí 2031 atá ailínithe leis an gCreat Pleanála Náisiúnta (an CPN)."

14) Claochlú digiteach a thabhairt chun cinn sa tseirbhís phoiblí, agus seirbhísí digiteacha a chomhtháthú níos mó.

15) An Oifig um Sholáthar Rialtais (an OSR) a ordú chun tacú le glacadh le teicneolaíochtaí nua trí chreataí seirbhíse poiblí nua a fhorbairt.

16) Déanfaidh gach Aire croíghné dá straitéisí nua roinne, nach mór iad a chur le chéile laistigh de shé mhí i ndiaidh don Rialtas glacadh leis an oifig.

17) Ordóidh gach Aire gach ceann de na gníomhaireachtaí agus na hoifigí faoina roinn chun glacadh le sainordú aeráide, faoina lorgóidh na comhlachtaí siúd tacú le gníomhú ar son na haeráide laistigh dá n-oibríochtaí féin agus i measc a gcliant agus a soláthraithe.

18) A chinntiú go bhfuil an GFT faoi Saoráil Faisnéise.

19) Oibriú chun feabhas a chur ar tháirgiúlacht san earnáil tógála, modhanna nua-aimseartha tógála a úsáid ina measc. Treoróidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an obair seo.

20) A chinntiú go mbeidh beartas agus pleanáil ar fud an Rialtais, maidir le seirbhísí agus bonneagar a sholáthar amach anseo, ailínithe go hiomlán leis an gCreat Pleanála Náisiúnta le forbairt chothrom agus inbhuanaithe in Éirinn a chinntiú go ceann 20 bliain.

21) Cathracha Chorcaí, Phort Láirge, Luimnigh agus na Gaillimhe a fhorbairt mar roghanna inmharthana ar Bhaile Átha Cliath, agus Tionscadal Éireann 2040 a úsáid chun cabhrú le bailte réigiúnacha bheith faoi rath.

22) Leanúint leis an gCiste Tuaithe agus Athghiniúna agus leis an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach de chuid Thionscadal Éireann 2040.

23) An tábhacht a bhaineann le talmhaíocht, iascaigh, turasóireacht, agus earnálacha eile a aithint a thacaíonn le forbairt agus fostaíocht réigiúnach chothrom.

24) Infheistiú a dhéanamh i mbonneagar, bonneagar leathanbhanda agus dramhaíola agus fuíolluisce san áireamh, chun tacú le bailte agus sráidbhailte tuaithe a fhorbairt.

25) Fostóirí earnála poiblí, coláistí, agus comhlachtaí poiblí eile a shainordú chun aistriú go dtí 20% d’obair as baile agus de chianoibriú in 2021.

26) An Clár Buiséadaithe Comhionannais a fhairsingiú i measc ranna agus gníomhaireachtaí rialtais.

27) Oibriú i dtreo inrochtaineacht fisiciúil ar gach roinn rialtais, údarás áitiúil agus gníomhaireacht a sholáthraíonn seirbhísí.

28) An Tionscnamh Buiséadaithe Comhionannais a fhairsingiú, agus aird ar thorthaí caiteachais, faoi mar a bhaineann siad le daoine faoi mhíchumas.

29) A chinntiú go leanann gach roinn rialtais le naisc láidre a chothú lena contrapháirt i dTuaisceart Éireann.

30) Struchtúir a fhorbairt le haghaidh cruinnithe rialta ar leibhéil Chinn Rialtais, Aire agus Oifigigh Shinsearaigh, chun cláir chomhaontaithe oibre a thabhairt chun cinn maidir le ceisteanna comhoibrithe phraiticiúil.

31) Tús áite a thabhairt do rannpháirtíocht rialta dhéthaobhach idir Rialtais na hÉireann agus na Breataine i measc na n-earnálacha go léir.

32) Oibriú leanúnach éifeachtach an Chomhlimistéir Thaistil agus cearta cómhalartacha a chinntiú idir Éirinn agus an Bhreatain i measc limistéar cosúil le coimirce shóisialach, oideachas agus oiliúint agus cúram sláinte.

33) I ndiaidh gur críochnaíodh obair an Choimisiúin, bunófar comhlacht buan athbhreithnithe pá, ina léireofar cineál uathúil seirbhíse míleata i gcomhthéacs na seirbhíse poiblí. Caithfidh moltaí uile an Choimisiúin nó an chomhlachta comharba agus caithfidh a gcur i bhfeidhm a bheith comhsheasmhach le beartas pá náisiúnta na hearnála poiblí.

34) An Reachtaíocht Eitice in Oifigí Poiblí a athchóiriú agus a chomhdhlúthú.

35) Riachtanas friotail neamhchasta a thabhairt isteach don chumarsáid go léir a dhéantar le seirbhís phoiblí, chun gur féidir le daoine tuiscint a fháil ar eolas an chéad uair a léann nó a chloiseann siad é. Trí úsáid a bhaint as friotal neamhchasta, sábháiltear am agus airgead agus laghdaíonn sé botúin agus gearáin. Comhairliúchán a dhéanamh leis an ÁNLA.

36) An clár brústocaireachta a shíneadh chun go mbeidh tuairisciú le déanamh ar an mbunús céanna a dhéantar tuairisciú ar an Rialtas láir agus áitiúil ar bhrústocaireacht oifigeach sinsearach i gcomhlachtaí cosúil le Banc Ceannais na hÉireann, ComReg, an ÚNI agus FSS, a bhfuil feidhmeanna tábhachtacha ceaptha beartas nó forbartha acu.

37) An deis a chruthaíonn an breithniú a dhéanann an AE ar athchóirithe ar fhorálacha sceithireachta ar fud na hEorpa a úsáid chun ár reachtaíocht sceithireachta a athbhreithniú, a nuashonrú agus a athchóiriú agus a chinntiú go mbíonn sé chomh héifeachtach agus is féidir.

38) Spriocanna a thabhairt isteach chun an chomhréir fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus státseirbhíseach a mhéadú a thagann ó chúlraí mionlaigh eitnigh.

39) Rannpháirtíocht na hearnála poiblí a leanúint agus a athbheochan i gComhpháirtíocht Rialtais Oscailte.

40) Forbairt bhreise a dhéanamh ar sheirbhísí digiteacha a chomhtháthú sa Rialtas agus aonad aonair digiteach a chruthú chun níos mó seirbhísí poiblí a chur chun cinn ar líne.

41) An mheastóireacht a neartú a dhéantar ar fheidhmíocht ranna rialtais trí athbhreithnithe cláir a dhéanamh níos córasaí, ina gcuimsítear córais ilbhliana, agus díriú ar tháscairí feidhmíochta CLISTE.

42) Aonad beartais straitéisigh a chruthú don anailís ar shonraí casta, don mheastóireacht a dhéantar ar chláir agus d’fhorbairt beartas laistigh de gach roinn a mbíonn orthu soláthar a dhéanamh sna croílimistéir siúd.

43) Próiseas buiséadach níos oscailte a thabhairt isteach, nach bhfuil páirt chomh mór sin ag ‘leibhéal seirbhíse reatha’ ann, agus ina ndéantar breisiúcháin bheaga incriminteacha gach bliain, ach atá dírithe ar spriocanna móra poiblí agus feidhmíocht beartais a chruthaítear.

44) Oibriú leis an tseirbhís phoiblí chun struchtúir a chur chun cinn chun tallann a fhorbairt agus spreagadh breise a thabhairt do thallann a earcú ó áiteanna lasmuigh den tseirbhís.

45) Fostóirí earnála poiblí, coláistí, agus comhlachtaí poiblí eile a shainordú chun aistriú go dtí 20% d’obair as baile agus de chianoibriú in 2021 agus dreasachtaí a chur ar fáil d’fhostóirí earnála príobháidí chun é sin a dhéanamh.

46) Oifig nuálaíochta beartas a bhunú laistigh den tseirbhís phoiblí, ina n-oibríonn foireann go príomha ann a gcuireann an saol acadúil, eagraíochtaí neamhrialtais agus an earnáil phríobháideach saineolas ar fáil, chomh maith le rialtais agus institiúidí náisiúnta eile, chun glacadh le cur chuige dúshlánbhunaithe i leith na saincheisteanna móra atá roimh an tír. Is féidir linn foghlaim ach go háirithe ón bhfreagairt trasrialtais do COVID-19.

47) Tús áite a thabhairt do chomhoibriú seirbhíse trasphoiblí chun barr feabhais a chur ar an úinéireacht agus an soláthar straitéiseach uile-rialtais tosaíochtaí beartais phoiblí.

48) Clár íoctha intéirneachta a sholáthar laistigh de ranna rialtais, atá dírithe ar phobail imirceacha agus iad siúd ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste.