Cad is Geilleagar Íseal-Charbóin ann?
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 25 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 18 Samhain 2024
Is sprioc de chuid an Aontais Eorpaigh é an Geilleagar Íseal-Charbóin a ndíríonn na ceithre chlár liostaithe thíos uirthi. Is í sprioc na mbeart sin ná chun cuidiú le geilleagar na hÉireann chun aistriú chuig teicneolaíochtaí, próisis agus bonneagar níos éifeachtúla agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.
Clár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir | € 133 milliún |
Clár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair | € 36 milliún |
An Clár Forbartha Tuaithe | € 1.9 billiún |
Clár Oibriúcháin CEMI d’Éirinn | € 3 milliún |
Samplaí de Thionscadail um an nGeilleagar Íseal-Charbóin
Iarfheistiú na Tithíochta Sóisialta
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
Beidh na hÚdaráis Áitiúla incháilithe i leith dhá scéim a dhírítear ar iarfheistithe um éifeachtúlacht theirmeach agus fuinnimh na tithíochta sóisialta.
Iarfheisteofar le ceann amháin acu suas le 2,000 árasán i gcathracha Bhaile Átha Cliath, Luimnigh, agus Chorcaí. Tairgfear leis an gceann eile iarfheistithe inslithe do thithe áitithe agus iarfheistithe iomlána do thithe folmha i ngach ceantar na n-údarás áitiúil.
I gcomhair a thuilleadh eolais, téigh chuig láithreán gréasáin na Roinne Tithíochta.
Athsholáthar Inneall
An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh
Is mar chuid de chion infheistíochtaí ar bord na Scéime Iascach Inbhuanaithe, a bheidh €3 milliún de dheontais ar fáil chun innill Soitheach Iascaigh a athsholáthar le malairtí fuinnimh níos éifeachtúla.
Chun tuilleadh a fháil amach faoin scéim seo, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Bhord Iascaigh Mhara.
Fuinneamh níos Fearr, Tithe níos Teo
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
Is le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann a riartar an scéim sin. Tá tithe a tógadh roimh an mbliain 2006 incháilithe do dheontais ag costas ar bith do na húinéirí tí. Is ar theaghlaigh ar ioncam íseal a dhírítear deontais um bearta éifeachtúlachta fuinnimh.
Chun tuilleadh a fháil amach faoin scéim seo, téigh chuig láithreán gréasáin Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann.
An Clár Géanómaíochta um Shonraí Mairteola
Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe
Tugtar dreasachtaí d’fheirmeoirí leis an gClár Géanómaíochta um Shonraí Mairteola chun réimse beart a ghlacadh atá deartha chun feabhsú géiniteach luathaithe a sheachadadh i gcáilíocht an tréada mairteola, agus dá réir chun sochair aeráide comhbhainteacha ar nós déine astuithe laghdaithe a ghnóthú.
Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a chomhordaíonn gníomhaíochtaí le comhairleoirí oilte agus le feirmeoirí mairteola chun tionchair fiúntacha ar lorg charbóin a dtréad a ghnóthú. Foghlaim a thuilleadh sa tuarascáil iomlán.
Céard iad na Cistí a infheistítear sa Geilleagar Íseal-Charbóin?
Infheistítear gach ceann de na Cistí thíos sa Low Geilleagar Íseal-Charbóin. Cliceáil ar na tíleanna sin chun na hinfheistíochtaí eile le gach Ciste a thaiscéaladh.