Scéim an Liúntais Forlíontaigh Leasa (LFL)
- Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 24 Márta 2026
- Liúntas Forlíontach Leasa Bunúsach
- Forlíonadh Cíosa
- Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise
- Forlíontaí LFL
- Conas teacht ar Sheirbhísí Leasa Pobail
Cuireann an scéim Liúntas Forlíontach Leasa líontán sábháilteachta ar fáil laistigh den chóras leasa shóisialaigh foriomlán trí chúnamh a sholáthar do dhaoine sa Stát nach bhfuil dóthain acmhainní acu chun freastal ar a riachtanais agus ar riachtanais a gcleithiúnaithe.
Is é príomhchuspóir na scéime cúnamh láithreach agus solúbtha a sholáthar dóibh siúd atá i ngátar.
Tá roinnt íocaíochtaí laistigh den scéim agus tá tuilleadh eolais ar fáil thíos.
Déanann Seirbhís Leasa Pobail na roinne an Liúntas Forlíontach Leasa a riaradh.
Liúntas Forlíontach Leasa Bunúsach
Is íocaíocht sheachtainiúil í an Liúntas Forlíontach Leasa Bunúsach a íoctar le daoine nach bhfuil dóthain acmhainní acu chun freastal ar a riachtanais féin ná ar riachtanais a d(h)uine fhásta cháilithe ná a leanaí cáilithe. Féadfar é a íoc le daoine atá ag fanacht le toradh éilimh nó achomhairc i leith príomhíocaíocht leasa shóisialaigh nó leo siúd nach bhfuil incháilithe le haghaidh íocaíochta faoi scéimeanna Stáit eile.
Forlíonadh Cíosa
Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í an Forlíonadh Cíosa do dhaoine áirithe atá ina gcónaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos nach féidir leo íoc as costas a gcóiríochta as a gcuid acmhainní féin.
Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise
Is íocaíocht aonuaire í Íocaíocht ar Riachtanas Breise atá ar fáil duit má tá costais agat nach féidir leat a íoc as d’ioncam seachtainiúil
Forlíontaí LFL
Íoctar Forlíontaí Liúntais Fhorlíontaigh Leasa Shóisialaigh go seachtainiúil nó go míosúil chun cabhrú le costais riachtanacha leanúnacha a chomhlíonadh nach bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnta go n-íocfadh duine as a n-ioncam seachtainiúil.
Bronntar na híocaíochtaí seo de réir rogha oifigeach na Seirbhíse Leasa Pobail tar éis breithniú a dhéanamh ar gach imthosca ábhartha den chás.
Seo a leanas samplaí d’íocaíochtaí a rinneadh faoin scéim seo:
- Féadfar forlíonadh téimh a íoc i gcás ina bhfuil costais téimh riachtanacha eisceachtúla ag duine mar gheall ar dhrochshláinte nó easláine.
- Féadfar forlíonadh taistil a íoc i gcás ina mbíonn costas taistil athfhillteach ann, mar shampla i gcás ina mbíonn costais taistil leanúnacha ag duine le haghaidh cuairteanna ospidéil.
- D’fhéadfaí forlíonadh aiste bia a íoc chun cabhrú le costas aiste bia speisialta atá forordaithe ag do dhochtúir nó ag comhairleoir ospidéil. (Tá sé sin dúnta anois roimh iarratasóirí nua.)