An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Forbhreathnú iomarcaíochta agus dócmhainneachta: Teidlíochtaí Fostaithe
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Céard is Iomarcaíocht ann
- Céard is iomarcaíocht chomhchoiteann ann
- Cearta fostaithe a gcuirtear ar iomarcaíocht iad
- Conas cáiliú le haghaidh íocaíocht reachtúil iomarcaíochta
- Céard is Dócmhainneacht ann
- Scéimeanna Íocaíochta ar fáil
- Suíomhanna gréasáin a bhfuil baint acu leis an ábhar seo
- Tacaíochtaí agus seirbhísí fostaíochta agus ioncaim
- Teagmháil
Céard is Iomarcaíocht ann
Is éard is iomarcaíocht ann ná do phost a chailleadh toisc go bhfuil an gnólacht á dhúnadh nó toisc go bhfuil laghdú á dhéanamh ar líon na bhfostaithe sa ghnólacht. Tarlaíonn iomarcaíocht nuair nach ann do do phost sa ghnólacht a thuilleadh, nuair a bhristear as do phost tú agus ní dhéantar duine eile a fhostú chun do ról a líonadh.
Céard is iomarcaíocht chomhchoiteann ann
Féadfaidh sé go mbeidh an iomarcaíocht chomhchoiteann i gceist le do chás má chuireann an fostóir méid áirithe fostaithe ar iomarcaíocht laistigh de thréimhse 30 lá as a chéile.
Tá rialacha i bhfeidhm nach mór d’fhostóirí a leanúint agus iad ag beartú iomarcaíocht chomhchoiteann a chruthú. Is féidir tuilleadh eolais faoi na hoibleagáidí atá ar fhostóirí agus cad a chiallaíonn sé seo d’fhostaithe a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.
Cearta fostaithe a gcuirtear ar iomarcaíocht iad
Leagtar amach san Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967, arna leasú, oibleagáidí agus cearta fostóirí agus fostaithe i gcásanna ina ndéantar fostaí a chur ar iomarcaíocht.
Bíonn gach fostaí incháilithe atá á chur ar iomarcaíocht i dteideal íocaíocht reachtúil iomarcaíochta.
Is éard atá i gceist le híocaíocht reachtúil iomarcaíochta ná tuarastal coicíse do gach bliain inar oibrigh an fostaí don chomhlacht agus tuarastal aon sheachtain amháin eile anuas air sin. Bíonn uasteorainn €600 in aghaidh na seachtaine i gceist leis an íocaíocht seo.
Má tá moladh á dhéanamh ag d’fhostóir, tú a chur ar iomarcaíocht, ní mór go gcuirfear ar an eolas tú. Ní mór go gcuirfear ar an eolas tú coicís roimh an dáta dífhostaithe, ar a laghad. D’fhéadfá a bheith i dteideal tréimhsí fógra níos faide freisin faoin Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973, ag brath ar fhad do sheirbhíse.
Conas cáiliú le haghaidh íocaíocht reachtúil iomarcaíochta
Ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh le bheith i dteideal íocaíocht reachtúil iomarcaíochta:
- 104 seachtain d’fhostaíocht a bheith curtha díot leis an bhfostóir céanna
- do chuid fostaíochta a bheith inárachaithe faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh
- nach ann do do phost a thuilleadh
- tú a bheith os cionn 16 bliana d’aois
Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta
Tuilleadh eolais faoin iomarcaíocht
Céard is Dócmhainneacht ann
Is éard is dócmhainneacht ann ná nuair nach acmhainn do chomhlacht a gcuid fiacha a íoc de réir mar a bhíonn siad le híoc nó nuair a bhíonn níos mó dliteanas ná sócmhainní ar chlár an chomhardaithe acu. Má tharlaíonn go bhfuil comhlacht dócmhainneach, is iondúil go gceaptar duine ar a dtugtar 'leachtaitheoir' chun cuidiú leis an gcomhlacht agus iad ag druidim chun deiridh.
Má tharlaíonn go bhfuil d’fhostóir dócmhainneach, tá seans ard go gcuirfear ar iomarcaíocht tú. Féadfaidh go mbeidh tú i dteideal tuarastal nár íocadh leat go fóill nó teidlíochtaí eile ar nós pá saoire.
Tá tuilleadh eolais faoi dhócmhainneacht fostóirí agus an tionchar a bhíonn aige sin ar fhostaithe ar fháil ar an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta
Scéimeanna Íocaíochta ar fáil
- An Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta
I gcásanna nach bhfuil fostóir in ann, i ndáiríre, íocaíochtaí reachtúla i leith iomarcaíochta a íoc de bharr deacrachtaí airgeadais nó dócmhainneachta, cuireann an Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta líontán sábhála ar fáil lena chinntiú go bhfaigheann tú na teidlíochtaí reachtúla atá dlite duit.
Íocaíochtaí Iomarcaíochta a ríomh
Féadfaidh tú meastachán a dhéanamh ar do theidlíochtaí iomarcaíochta reachtúla ag na naisc seo a leanas:
Aisíocaíochtaí fostóirí agus an Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta
A luaithe agus a dhéanann an roinn íocaíocht faoin Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta, ardófar fiach i gcoinne an fhostóra. Faigh tuilleadh eolais faoi na roghanna atá ar fáil d’fhostóir chun an fiach seo a aisíoc.
Staitisticí na Scéime Íocaíochtaí Iomarcaíochta
- Scéim Íocaíochta Leagan As Foirne a Bhaineann le COVID-19
Is íocaíocht aonuaire, chnapshuime é an Scéim Íocaíochta Leagan As Foirne COVID-19 a dhéanann an Stát d’fhostaithe:
- a cuireadh ar iomarcaíocht ón 13 Márta 2020 ar aghaidh, nó a chuirfear ar iomarcaíocht roimh an 31 Eanáir 2025
agus
- a chaill an deis seirbhís ináirithe a fhorbairt mar gheall ar leaganacha as foirne sealadacha mar gheall ar shrianta COVID-19 idir an 13 Márta 2020 agus an 31 Eanáir 2022
3. Scéim Íocaíochtaí Dócmhainneachta
Cosnaíonn an Scéim Íocaíochtaí Dócmhainneachta iarfhostaithe má tá a bhfostóir tar éis a bheith dócmhainneach.
Is féidir le fostaithe éileamh a dhéanamh, trí ionadaí an fhostóra, dála an leachtaitheora nó an ghlacadóra oifigiúil, go n-íocfar fiachais nár íocadh go fóill, an méid seo a leanas ina measc:
- Riaráistí pá agus pá breoiteachta
- Pá saoire nár íocadh go fóill
- Fógra íosta reachtúil nár íocadh go fóill
- Riaráistí áirithe ranníocaíochtaí pinsin
- Dámhachtainí éagsúla reachtúla a dhéanann an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO)
D’fhéadfadh sé go mbeadh fostaithe incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht faoin Scéim Íocaíochtaí Dócmhainneachta má tá airgead dlite dóibh ón iarfhostóir agus má chreideann siad gur scoir an fostóir de thrádáil gan dul faoi leachtú / glacadóireacht / féimheacht
Suíomhanna gréasáin a bhfuil baint acu leis an ábhar seo
Tacaíochtaí agus seirbhísí fostaíochta agus ioncaim
Is pointe teagmhála aonair é Intreo (an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí) do gach tacaíocht agus seirbhís fostaíochta agus ioncaim.
Teagmháil
- Má tá aon cheist agat faoi chearta iomarcaíochta nó fostaíochta i gcoitinne, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre ag a rannóg um Fhaisnéis agus Seirbhís do Chustaiméirí.
- Má tá aon cheist agat faoi bheartas agus reachtaíocht iomarcaíochta agus dócmhainneachta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta
- Má tá ceisteanna agat maidir le dócmhainneacht d’fhostóra agus an tionchar a bheidh aige sin ort, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an léachtóir, leis an nglacadóir nó le hionadaí an fhostóra.
- Má tá aon cheist agat maidir le hiarratas a dhéanamh ar Scéimeanna Íocaíochta Iomarcaíochta nó Dócmhainneachta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an roinn seo ag an Aonad um Íocaíochtaí Iomarcaíochta agus Dócmhainneachta.