Ionad Intreo Phort Láirge
- Foilsithe: 3 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 22 Bealtaine 2026
Ionad Intreo Phort Láirge
- Seoladh:
- Foirgnimh an Rialtais, Bóthar Chorcaí, Port Láirge, X91 EH04
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 405060
- Léarscáil:
- Féach ar an léarscáil
- Uaireanta Oscailte:
-
Dé Luain:
9:15am - 5pm
Dé Máirt: 9:15am - 5pm
Dé Céadaoin: 9:15am - 5pm
Déardaoin: 10:30am - 5pm
Dé hAoine: 9:15am - 4:30pm
- Seirbhísí Leasa Pobail Phort Láirge
- Coinní le haghaidh Cárta Seirbhíse Poiblí (CSP)
- Ceantair a chlúdaítear
Seirbhísí Leasa Pobail Phort Láirge
Is féidir leat rochtain a fháil ar Sheirbhísí Leasa Pobail i bPort Láirge ach dul i dteagmháil le:
- seoladh r-phoist: cwswaterford@welfare.ie
- uimhir theileafóin: 0818 607080
Coinní le haghaidh Cárta Seirbhíse Poiblí (CSP)
Seirbhís siúil isteach amháin. Níl gá le coinne. Beidh na sliotáin ama a bheidh ar fáil ag brath ar mhéid na scuaine agus ar an uasmhéid agallamh is féidir a éascú go laethúil. D’fhéadfadh tréimhsí feithimh fada a bheith i gceist.
Agus tú ag freastal ar an ionad, caithfidh na doiciméid chuí a bheith agat. Le do thoil, léigh an t-eolas faoi na doiciméid is gá duit a thabhairt leat.
Uaireanta Oscailte Siúil Isteach
- Luan - Céadaoin: 9.15am - 5pm
- Déardaoin: 10.30am - 5pm
- Dé hAoine: 9.15am - 4.30pm
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil gach ceann de na doiciméid seo a leanas ag teastáil nuair atá iarratas á dhéanamh agat ar Chárta Seirbhíse Poiblí:
- Cruthúnas Aitheantais: Pas / Ceadúnas Tiomána Éireannach.
- Cruthúnas ar sheoladh: Bille Fóntais / Ráiteas Bainc dar dáta laistigh de na 3 mhí dheireanacha.
- Teastas Breithe: Teastas Breithe Fadfhoirme (má rugadh in Éirinn tú).
Tabhair faoi deara: Má tá iarratas á dhéanamh agat ar CSP do pháiste faoi 18 mbliana d’aois ní mór do thuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil a bheith leis an bpáiste.
Tá sé an-tábhachtach a chinntiú go dtabharfaidh tú na doiciméid thuasluaite ar fad leat ar an lá toisc nach mbeidh tú in ann d’iarratas a chomhlánú mura dtabharfaidh tú aon cheann de na nithe thuas leat agus beidh ort teacht ar lá eile.
Le haghaidh fiosrúcháin a bhaineann le CSP, déan teagmháil, le do thoil, le:
- seoladh r-phoist: pscwaterford@welfare.ie
- uimhir theileafóin: 0818 405060
Iarratais ar cheadúnais tiomána
Tabhair faoi deara, nach gá Cárta Seirbhíse Poiblí a bheith agat chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána. Le haghaidh iarratas ar cheadúnas tiomána, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána.
Ceantair a chlúdaítear
Seo a leanas na ceantair a soláthraíonn an oifig seo seirbhísí lena n-aghaidh: Cathair Phort Láirge agus an ceantar máguaird lena n-áirítear Dún Mór, Trá Mhór, Fionnúir, Bun Abha, Cill Mhíodáin, Cill, Baile an Bhuitléaraigh, Pointe na Síge, Pasáiste Thoir agus Bun Machan..