Ionad Intreo Loch Garman
- Foilsithe: 2 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 22 Bealtaine 2026
Ionad Intreo Loch Garman
- Seoladh:
- Sráid Áine, Loch Garman Y35 E29K
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 405060
- Léarscáil:
- Féach ar an léarscáil
- Uaireanta Oscailte:
-
Dé Luain:
9:15am - 5pm
Dé Máirt: 9:15am - 5pm
Dé Céadaoin: 9:15am - 5pm
Déardaoin: 10:30am - 5pm
Dé hAoine: 9:15am - 4:30pm
- Seirbhísí Leasa Pobail Loch Garman
- Coinní le haghaidh Cárta Seirbhíse Poiblí (CSP)
- Ceisteanna Maidir le hUimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí
- Ceantair a chlúdaítear
Seirbhísí Leasa Pobail Loch Garman
Is féidir leat rochtain a fháil ar Sheirbhísí Leasa Pobaili Loch Garman ach dul i dteagmháil le:
- seoladh r-phoist: CWSWexford@welfare.ie
- uimhir theileafóin: 0818 607080
Coinní le haghaidh Cárta Seirbhíse Poiblí (CSP)
Seirbhís siúil isteach amháin. Níl gá le coinne.
Beidh na sliotáin ama a bheidh ar fáil ag brath ar mhéid na scuaine agus ar an uasmhéid agallamh is féidir a éascú go laethúil. D’fhéadfadh tréimhsí feithimh fada a bheith i gceist.
Agus tú ag freastal ar an ionad, caithfidh na doiciméid chuí a bheith agat. Le do thoil, léigh an t-eolas faoi na doiciméid is gá duit a thabhairt leat.
Tabhair faoi deara: Má tá iarratas á dhéanamh agat ar CSP do pháiste faoi 18 mbliana d’aois ní mór do thuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil a bheith leis an bpáiste.
Tá sé an-tábhachtach a chinntiú go dtabharfaidh tú na doiciméid thuasluaite ar fad leat ar an lá toisc nach mbeidh tú in ann d’iarratas a chomhlánú mura dtabharfaidh tú aon cheann de na nithe thuas leat agus beidh ort teacht ar lá eile.
Le haghaidh fiosrúcháin a bhaineann le CSP, déan teagmháil, le do thoil, le:
- seoladh r-phoist: wexford@welfare.ie
- uimhir theileafóin: 0818 405060
Iarratais ar cheadúnais tiomána
Tabhair faoi deara, nach gá Cárta Seirbhíse Poiblí a bheith agat chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána. Le haghaidh iarratas ar cheadúnas tiomána, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána.
Ceisteanna Maidir le hUimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí
Le haghaidh fiosruithe a bhaineann le hUimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP), déan teagmháil le:
- seoladh r-phoist: PPSNwexford@welfare.ie
Ceantair a chlúdaítear
Seo a leanas na ceantair a soláthraíonn an oifig seo seirbhísí lena n-aghaidh: Loch Garman, Cé na Coille Móire, an Abhainn Dubh, Ros Láir agus Teach Munna.