Comhairliúchán Poiblí ar Athbhreithniú na Scéime Sóisialta Tuaithe
- Foilsithe: 24 Bealtaine 2023
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 24 Bealtaine 2023
- Dúnadh na haighneachtaí: 30 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
Consultation is closed
Cúlra
Seoladh an Scéim Shóisialta Tuaithe (SST) i mBealtaine 2004 chun tacaíocht airgeadais a sholáthar d’fheirmeoirí agus d’iascairí incháilithe ar ioncam íseal a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe fadtéarmacha agus iad ag cur ar a gcumas a gcuid scileanna a úsáid chun seirbhísí a sholáthar ar mhaithe le pobail tuaithe.
Is chun tacú le heagraíochtaí áitiúla pobail, deonacha agus seachbhrabúis go príomha atá an obair, fad is nach gcuireann sé na seirbhísí nó an fhostaíocht atá ann cheana féin as áit. Baineann pobail leas as scileanna agus buanna feirmeoirí agus iascairí áitiúla mar is féidir iad a chur in oiriúint go héasca d’fhormhór na dtascanna.
Tá 3,350 áit rannpháirtí móide 139 áit maoirseoir ar fáil mar chuid den scéim.
Cuirtear an Scéim Sóisialta Tuaithe ar fáil trí 35 Comhlacht Forbartha Áitiúil agus Údarás na Gaeltachta. Tugtar Comhlachtaí Forfheidhmithe (CF) orthu seo freisin.
Is trí fhéinroghnú deonach a dhéantar rannpháirtíocht agus braitheann sé ar fholúntais a bheith ar fáil sa réimse ábhartha. Oibríonn rannpháirtithe 19.5 uair sa tseachtain.
Déanfaimid athbhreithniú ar ghnéithe éagsúla den scéim lena n-áirítear:
- an réasúnaíocht
- inbhuanaitheacht
- tionchar sochaíoch
- socruithe maoinithe
- rialachas agus bainistiú na scéime amach anseo
Scrúdóidh an t-athbhreithniú freisin:
- ról na scéime
- a ábharthacht leanúnach don tírdhreach athraitheach
- an maoiniú agus na hacmhainní atá de dhíth
Tá cuspóir iomlán an chomhairliúcháin ar fáil sna téarmaí tagartha.
Roinn do chuid tuairimí
Tá na cuirí ar aighneachtaí scríofa oscailte go dtí an Aoine 30 Meitheamh 2023. Beidh an comhairliúchán ar siúl le páirtithe leasmhara na scéime faoi láthair, le grúpaí pobail ábhartha agus le comhlachtaí ionadaíocha ar fud na hÉireann agus le baill den phobal. Tá grúpa stiúrtha ag tacú le cur i bhfeidhm an athbhreithnithe agus torthaí an phróisis le cabhair chun todhchaí na Scéime Sóisialta Tuaithe a fheabhsú.
Iarraimid anois ar pháirtithe leasmhara, ar ghrúpaí ionadaíocha agus ar an bpobal a dtuairimí a thabhairt trí aighneacht scríofa.
Má tá tú ag iarraidh aighneacht scríofa a dhéanamh, bain úsáid as an doiciméad teimpléad aighneachta anseo le do thoil.
Is féidir leat d’aighneacht chomhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost díreach chuig RSSReview@welfare.ie
Sula ndéanann tú aighneacht, athbhreithnigh an fhaisnéis phríobháideachais thíos.
Sonraí teagmhála
Ríomhphost: RSSReview@welfare.ie
Seoladh: Athbhreithniú SST, Aonad Scéimeanna Pobail, An Roinn Coimirce Sóisialaí, Lóiste na Sionainne, Cora Droma Rúisc, Co Liatroma
Spriocdháta
Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná 5.30pm Dé hAoine 16 Meitheamh 2023.
Cad a tharlóidh don mhéid atá le rá agat
Breithneoidh an Roinn torthaí an phróisis chomhairliúcháin phoiblí.
Tabhair faoi deara gur féidir aighneachtaí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Eolas Príobháideachta
Is comhairliúchán poiblí é seo agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Níor cheart faisnéis phearsanta a sholáthar agus féadfar aon fhaisnéis phearsanta a dheonaíonn tú a fhoilsiú. Níor cheart aon ábhar nach mian leat go bhfoilseofaí é a chur san áireamh.
Níor cheart ábhar nó faisnéis a mheasann tú a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh.
Má chuireann tú ar fáil é, áfach, ba cheart duit an t-ábhar agus an chúis atá lena íogaireacht a shainaithint go soiléir agus cén fáth nár cheart é a fhoilsiú nó a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Tá Ráiteas Príobháideachais Iomlán agus Beartas um Chosaint Sonraí na Roinne anseo.