Gairmeacha Beatha sa Roinn Coimirce Sóisialaí
- Foilsithe: 26 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 1 Iúil 2025
Réamhrá
Is é misean na Roinne Coimirce Sóisialaí rannpháirtíocht agus ionchuimsiú gníomhach sa tsochaí a chur chun cinn trí thacaíochtaí ioncaim, seirbhísí fostaíochta agus seirbhísí eile a sholáthar.
Is í an roinn an eagraíocht íocaíochta is mó sa Stát. Oibríonn sí an tseirbhís fostaíochta poiblí agus cistíonn sí réimse fairsing cláir fostaíochta agus seirbhísí comhairleacha saoránach freisin.
Is iad príomhfheidhmeanna na Roinne:
- comhairle a chur ar an rialtas agus beartais chuí coimirce sóisialaí agus ionchuimsithe shóisialta a chruthú
- tacaíochtaí ioncaim, seirbhísí gníomhachtaithe agus fostaíochta éifeachtacha agus costéifeachtúla a dhearadh, a fhorbairt agus a sholáthar do chustaiméirí agus comhairle a chur orthu agus seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar;
- oibriú i dtreo soláthar seirbhísí gan uaim a sholáthar i gcomhar le Ranna, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile rialtais
- calaois agus mí-úsáid laistigh den chóras coimirce sóisialaí a rialú
Glacann an roinn le príomhról in dhá cheann de na príomhfhearainn bheartais rialtais – ioncam a dháileadh agus a athdháileadh le comhtháthú sóisialta agus cothroime torthaí geilleagracha a chinntiú, agus oibriú éifeachtúil thaobh sholáthar an mhargaidh shaothair a chinntiú.
Is féidir leat níos mó a léamh faoi spriocanna na roinne sa Ráiteas Straitéise.
Earcaíocht
Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP) a dhéanann earcaíocht don Roinn Coimirce Sóisialaí de ghnáth, trí iomaíocht oscailte. Is é SCP an soláthróir láraithe um sheirbhísí earcaíochta, measúnaithe agus roghnóireachta don státseirbhís agus is é an príomhbhealach rochtana é d’iarrthóirí ar spéis leo dul isteach sa tseirbhís phoiblí.
Tá gach faisnéis maidir le haon phost oscailte reatha agus faisnéis a bhaineann le SCP ar fáil ar shuíomh gréasáin Public Jobs.
Folúntais reatha
Comhairleoir Dlí: An Rannóg Gnóthaí Dlí (Leibhéal an Phríomh-Oifigigh Chúnta)
Tá Rannóg Gnóthaí Dlí na Roinne Coimirce Sóisialaí ag lorg Comhairleoir Dlí ag Leibhéal Phríomh-Oifigigh Chúnta.
Tar éis chríochnú an chomórtais, cuirfear painéal le chéile in ord fiúntais as a bhféadfar post an Chomhairleora Dlí a líonadh.
Beidh na hiarratais oscailte ó Luan an 30 Meitheamh 2025 agus is é 3pm Dé hAoine an 18 Iúil 2025 an dáta deiridh.
Tá tuilleadh eolais faoin bpost seo ar fáil sa Leabhrán Eolais:
Chun iarratas a dhéanamh, cláraigh do phróifíl ar Thairseach Gairmeacha an RCS agus cuir d’iarratas ar Chomhairleoir Dlí isteach: An Rannóg Gnóthaí Dlí (Leibhéal an Phríomh-Oifigigh Chúnta)
Tabharfaidh an nasc thuas thú díreach chuig an liosta poist.
Boird stáit
Ceadaíonn Boird Stáit iarratais ar phoist a oscailt.