Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Cur síos ar Oifig an Ard-Chláraitheora


Is í an Phríomh-Oifig Chlárúcháin (Oifig an Ard-Chláraitheora) an stór lárnach sibhialta do thaifid a bhaineann le breitheanna, marbh-bhreitheanna, básanna, póstaí, páirtnéireachtaí sibhialta agus uchtuithe in Éirinn.

Feidhmíonn an Phríomh-Oifig Chlárúcháin (POC) faoi choimirce na Roinne Coimirce Sóisialaí agus tá sí freagrach as riarachán na Seirbhíse um Chlárú Sibhialta in Éirinn. Tá ár n-oifig lonnaithe ag:

Oifig an Ard-Chláraitheora

Seoladh:
Oifig an Ard-Chláraitheora, Oifigí an Rialtais, Bóthar an Chlochair, Co. Ros Comáin, F42 VX53.
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

gro@welfare.ie

Teileafón:
0818 253070;
+353 90 6632900
Léarscáil:
Féach ar an léarscáil
Uaireanta Oscailte:
Dé Luain 10am - 1pm
2pm - 4pm
Dé Máirt 10am - 1pm
2pm - 4pm
Dé Céadaoin 10am - 1pm
2pm - 4pm
Déardaoin 10am - 1pm
2pm - 4pm
Dé hAoine 10am - 1pm
2pm - 4pm

Tá an tArd-Chláraitheoir freagrach as an gcóras um Chlárú Sibhialta in Éirinn a bhainistiú agus a rialú. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freagrach as an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta a sheachadadh ó lá go lá trí líonra oifigí áitiúla um chlárú sibhialta ar fud an Stáit.

Oibrímid saoráid taighde ag Sráid San Werburgh, Baile Átha Cliath 8, D08 E277 áit ar féidir le baill den phobal, a bhfuil baint acu le taighde teaghlaigh, na hinnéacsanna leis na cláir atá i seilbh na Príomh-Oifige Clárúcháin a chuardach agus fótachóipeanna d'iontrálacha sna cláir a cheannach.

Is féidir deimhnithe breithe, báis, pósta, páirtnéireachta sibhialta nó marbh-bhreithe a fháil ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin, ó oifigí cláraithe sibhialta áitiúla nó ar líne.

Is féidir rochtain a fháil ar gach tuarascáil bhliantúil ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin.

Taifid atá á gcoinneáil ag an POC, Ros Comáin

Tá Oifig an Ard-Chláraitheora lonnaithe ag Oifigí an Rialtais, Bóthar an Chlochair, Ros Comáin, Co. Ros Comáin. Chomh maith leis na taifid a choimeádtar ag an saoráid taighde teaghlaigh ag The Gild, Sráid Chorcaí, Baile Átha Cliath 8,D08 HX90, coinnítear innéacsanna de na cláir imeachtaí saoil seo a leanas i Ros Comáin amháin.

Áirítear leo siúd:

  • breitheanna leanaí ar muir, ar rugadh duine dá dtuismitheoirí ar oileán na hÉireann idir an 1 Eanáir 1864 agus an 31 Nollaig 1921
  • breitheanna leanaí ar muir, ar rugadh duine dá dtuismitheoirí in Éirinn tar éis 1921
  • básanna ar muir i gcás daoine a rugadh ar oileán na hÉireann idir an 1 Eanáir 1864 agus an 31 Nollaig 1921 agus i gcás daoine a rugadh in Éirinn tar éis 1921
  • breitheanna leanaí ag a bhfuil tuismitheoirí Éireannacha, arna ndeimhniú ag Consail na Breataine thar lear, idir an 1 Eanáir 1864 agus an 31 Nollaig 1921
  • básanna daoine a rugadh in Éirinn, arna ndeimhniú ag Consail na Breataine thar lear, idir an 1 Eanáir 1864 agus an 31 Nollaig 1921
  • póstaí a ceiliúradh i mBaile Átha Cliath ag an Ath. J F G Schulze nach maireann, Ministir Eaglais Phrotastúnach na Gearmáine, Sráid an Phoill Bhig, Baile Átha Cliath, ó 1806 go 1837, an dá dháta sin san áireamh
  • breitheanna, básanna agus póstaí arna gclárú de bhun fhorálacha an (Army) Act, 1879
  • breitheanna agus básanna arna gclárú de bhun fhorálacha an Achta Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1960
  • breitheanna agus básanna áirithe a tharlaíonn lasmuigh den Stát (de bhun fhorálacha an Achta um Chlárú Breitheanna, Básanna agus Póstaí, 1972, Alt. 4)
  • Póstaí Lourdes áirithe (de bhun fhorálacha Acht na bPóstaí, 1972, Alt 2)
  • marbh-bhreitheanna a cláraíodh in Éirinn ón 1 Eanáir 1995 (níl cóipeanna deimhnithe ar fáil ach do thuismitheoirí amháin)
  • básanna oifigeach Éireannach agus daoine a maraíodh le linn comhraic nó a fuair bás agus seirbhís á ndéanamh acu thar lear le linn an Chogaidh Mhóir (WW1) 1914 - 1919
  • tuairisceáin bháis a bhaineann le Cogadh na hAfraice Theas (1899 – 1902) sa mhéid go mbaineann siad le géillsinigh Éireannacha

Chun teastas a iarraidh ó na taifid seo téigh chuig ár leathanach iarratais teastais.

Ról Oifig an Ard-Chláraitheora i gcur i bhfeidhm Chuid 9 den Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022

Trí chomhoibriú le Tusla, cuidíonn Oifig an Ard-Chláraitheora leo siúd a raibh a mbreitheanna cláraithe go mídhleathach sa Stát (daoine lena mbaineann).

Sainmhínítear duine lena mbaineann san Acht mar:

  • Duine a ndearnadh iontráil i gclár na mbreitheanna a bhaineann lena bhreith nó lena breith ar an 31ú lá de Nollaig 1980 nó roimhe,
  • Cuireadh ainm duine seachas a mháthair/a máthair isteach mar a mháthair/ a máthair (máthair shóisialta) i gclár na mbreitheanna, agus
  • Ghlac an duine a ainmníodh mar mháthair i gclár na mbreitheanna agus, más infheidhme, mar athair, i gclár na mbreitheanna ról tuismitheora i ndáil leis an duine agus chaith siad leis an duine sin mar leanbh dleathach leo féin nó mar a leanbh dleathach

Ní mór don “duine lena mbaineann” dul i dteagmháil le Tusla ar dtús (Get in touchTusla - an Gníomhaireachta um Leanaí agus Teaghlach), a chuirfidh fianaise ar bhreith atá cláraithe go mídhleathach ar aghaidh chuig Oifig an Ard-Chláraitheora. Úsáidfidh Oifig an Ard-Chláraitheora an fhaisnéis ó Tusla chun aon iontrálacha breithe míchruinne a cheartú/a chealú de réir mar is iomchuí.

I gcás ina gcinnfear go bhfuil iontráil bhunaidh breithe míchruinn, ní bheidh an iontráil ábhartha inrochtana a thuilleadh ar an gclár breitheanna. Coinneofar cóip den taifead i gclár ar leithligh a bheidh ar fáil in Oifig an Ard-Chláraitheora. Tá sé de rogha ag daoine lena mbaineann an aitheantas breithe ceart a bheith breactha ar an taifead breithe cealaithe rud a chinnteodh go ndíreofar cuardaigh amach anseo chuig an iontráil bhreithe cheart i gclár na mbreitheanna. Beidh an taifead atá sa chlár nua ar fáil, ar iarratas chuig Oifig an Ard-Chláraitheora, don duine lena mbaineann/nó dá n-ionadaí(í) agus beidh an seasamh dlíthiúil céanna aige agus atá ag teastas breithe. Ní tharlóidh an nós imeachta seo ach amháin tar éis comhairliúcháin idir an duine lena mbaineann agus Oifig an Ard-Chláraitheora. Féadfaidh an GRO an taifead breithe ceart don duine lena mbaineann a leasú freisin más gá.

Ní bheidh aon tionchar/éifeacht ag an bpróiseas seo ar aon chlár eile arna mbainistiú ag Oifig an Ard-Chláraitheora.

Pléifidh Oifig an Ard-Chláraitheora go gníomhach le daoine lena mbaineann ar bhonn aonair. Má bhíonn aon cheist agat, nó má theastaíonn aon soiléiriú uait maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag Cuid 9 den reachtaíocht seo ort, déan teagmháil le: Patrick Hargadon – BITA@welfare.ie

Ról Oifig an Ard-Chláraitheora i gcur i bhfeidhm Chuid 2 den Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe, 2022

Cuireadh tús le Cuid 2 den Acht um Fhaisnéis agus Rianú Breithe 2022 (BITA) ar an 3 Deireadh Fómhair 2022. Ceadaíonn sé do dhuine uchtaithe iarratas a dhéanamh ar a dteastas breithe ó Oifig an Ard-Chláraitheora.

Nuair a uchtaítear duine, bunaíonn Oifig an Ard-Chláraitheora innéacs idir a dtaifead breithe agus a dtaifead uchtála. Tá an t-innéacs seo faoi rún.

Ceadaíonn Cuid 2 den BITA do dhuine uchtaithe iarratas a dhéanamh chuig Oifig an Ard-Chláraitheora chun rochtain a fháil ar an innéacs rúnda.

Chun cloí leis an reachtaíocht, agus sular féidir le hOifig an Ard-Chláraitheora an teastas breithe a sholáthar, ní mór don GRO sonraí an duine uchtaithe a sholáthar d’Údarás Uchtála na hÉireann (AAI). Cuirfidh sé seo ar chumas an AAI a fháil amach trína gClár Rogha Teagmhála an bhfuil tuismitheoirí breithe an iarratasóra tar éis a chur in iúl gur mian leo nó nach mian leo go ndéanfadh an duine ábhartha teagmháil leo.

Má tá iontráil gan aon iontráil nó “gur mian liom go ndéanfar teagmháill” sa Chlár Rogha Teagmhála, cuirfidh an AAI Oifig an Ard-Chláraitheora ar an eolas agus rachaidh ar aghaidh chun an teastas breithe a eisiúint.

Má tá iontráil “gan aon iontráil” sa Chlár Rogha Teagmhála, tá sé de dhualgas ar an AAI seisiún eolais a reáchtáil leis an duine ábhartha sula gcuirtear Oifig an Ard-Chláraitheora ar an eolas gur féidir an teastas breithe a eisiúint.

Tá an fhoirm iarratais chun iarratas a dhéanamh ar theastas breithe faoi Chuid 2 den Acht ar fáil anseo:

Foirm iarratais le haghaidh Teastas Breithe - BCAP1 -Leagan Gaeilge - Meitheamh 2026
Meitheamh 2026
Amharc amharc

Is féidir aon cheisteanna maidir le haon ghné den tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an Acht seo ar chúrsaí clárúcháin a dhíriú chuig Patrick Hargadon – BITA@welfare.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat