Cuardaigh ar fad gov.ie

Clárú-Uathoibríoch

Is féidir leat rochtain a fháil anois ar Thairseach Mo Chiste don Todhchaí trí dhul chuig myfuturefund.ie.

Aimsigh an nuacht is déanaí maidir le clárú uathoibríoch.

Ranníocaíochtaí Mo Chiste don Todhchaí

Foghlaim conas a oibríonn ranníocaíochtaí fostaithe tríd an doiciméad Ranníocaíochtaí Mo Chiste don Todhchaí a athbhreithniú thíos. Léigh samplaí agus cásanna a thaispeánann luach na ranníocaíochtaí le haghaidh tuarastail éagsúla. Cuirtear samplaí ar fáil freisin a léiríonn conas a chaitear le fostaithe a bhfuil níos mó ná post amháin acu. Foghlaimeoidh tú freisin conas a chuirtear an tairseach tuillimh €80,000 i bhfeidhm.

Ranníocaíochtaí Mo Chiste don Todhchaí
Amharc amharc

Cad atá i gceist le clárú uathoibríoch

Is córas coigiltis scoir nua é Clárú Uathoibríoch d’fhostaithe a thabharfar isteach an 1 Eanair 2026.

I gcás daoine nach bhfuil scéim phinsin acu a shaothraíonn níos mó ná €20,000 sa bhliain agus atá idir 23 agus 60 bliain d’aois, clárófar go huathoibríoch ar an gcóras nua iad. Ciallaíonn sé sin go mbeidh airgead sa bhreis acu nuair a théann siad ar scor agus ní bheidh orthu brath ar phinsean an stáit amháin.

Buntáiste sa bhreis atá ann d’fhostaithe go gcuirfidh a f(h)ostóir agus an Stát leis freisin – le haghaidh gach €3 a chuireann an fostaí isteach, cuirfidh an fostóir €3 isteach freisin agus cuirfidh an Stát €1 sa bhreis leis. Ciallaíonn sé sin go gcuirfear €7 i gcuntas an fhostaí le haghaidh gach €3 a shábhálann sé/sí.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, cuireadh seinniosta d’fhíseáin a mhíníonn an scéim uathchláraithe lenár gcainéal YouTube. Cuimsíonn sé an chaoi a n-oibreoidh uathchlárú, a dhéanfar a chlárú go huathoibríoch, cad iad na rátaí ranníocaíochta agus faisnéis d’fhostaithe agus d’fhostóirí.

Acmhainní breise

Ionad Cabhrach – Tá an chuid seo beartaithe do sholáthraithe agus forbróirí bogearraí párolla. Anseo, is féidir leat na treoracha teicniúla agus na doiciméid tacaíochta is déanaí a fháil chun cabhrú leat leis an gcomhtháthú le Mo Chiste don Todhchaí.

Ina theannta sin, tá doiciméad Próisis Ghnó le haghaidh Párolla san áireamh san Ionad Cabhrach ina bhfuil faisnéis d’úsáideoirí párolla agus d’fhostóirí.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat