Rochtain ar Fhorlíonadh Cíosa d’íospartaigh foréigin baile
- Foilsithe: 21 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Feabhra 2026
Bunaíodh prótacal chun cabhrú le híospartaigh foréigin teaghlaigh idir an Roinn Coimirce Sóisialaí agus Cuan. Faoin bprótacal seo, má tá tú i d’íospartach foréigin teaghlaigh beidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Cíosa ar atreorú ó sholáthraí seirbhíse atá maoinithe ag Cuan.
I gcás ina ndéantar iarratas, cuirfear Forlíonadh Cíosa ar fáil ar feadh trí mhí ar dtús agus ní bheidh gá le tástáil acmhainne. Ní bheidh ort ach íosmhéid ranníocaíochta a íoc i leith do chíosa, beag beann ar d’ acmhainn, don tréimhse seo.
Tar éis na chéad trí mhí a bheith caite, féadfar síneadh trí mhí eile ar an bhForlíonadh Cíosa a chur ar fáil duit; mar sin féin, beidh sé seo faoi réir an ghnáththástála acmhainne mar aon le hathbhreithniú ar d’incháilitheacht don scéim.
Má tá riachtanas tithíochta fadtéarmach agat thar an tréimhse sé mhí seo, beidh ort iarratas a dhéanamh chuig d’údarás tithíochta áitiúil le haghaidh tacaíochta tithíochta sóisialta a luaithe is féidir. Má tá tú incháilithe, beidh tú in ann leas a bhaint as réiteach tithíochta urraithe ag an údarás áitiúil, lena n-áirítear Scéim Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta. Cuirtear tacaíocht cíosa ar fáil faoin bPrótacal seo rud a cheadaíonn duit do dheacrachtaí tithíochta láithreacha a réiteach, agus nuair is gá, tugann sé an t-am duit dul i mbun oibre le d’údarás áitiúil.
Tá tuilleadh sonraí faoin tseirbhís Forlíonadh Cíosa ar fáil anseo.