Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Déan iarratas ar mo Phinsean Stáit

Déan iarratas ar mo Phinsean Stáit

Molaimid duit iarratas a dhéanamh ar an bPinsean Stáit (Ranníocach) sé mhí sula dteastaíonn uait do phinsean a éileamh.

Is é an bealach is tapúla agus is éasca le hiarratas a dhéanamh ná MyWelfare. Níl ach cuntas MyGovID fíoraithe ag teastáil uait. Is féidir leat cuntas MyGovID fíoraithe a fháil má tá Cárta Seirbhísí Poiblí, uimhir fóin póca fhíoraithe agus seoladh ríomhphoist agat.

Foghlaim conas clárú le haghaidh MyGovID anseo.

De rogha air sin, is féidir leat an fhoirm iarratais atá ar an leathanach seo, a phriontáil agus a chomhlánú.

Is féidir leat an fhoirm seo a fháil freisin ó:

Nóta ar Phinsean Easláine

Má tá Pinsean Easláine á fháil agat ón roinn ag aois 66, aistreoidh tú go huathoibríoch chuig Pinsean Stáit (Ranníocach). Aistreofar aon liúntais atá á n-íoc faoi láthair ar do Phinsean Easláine chuig do Phinsean Stáit (Ranníocach) chomh maith.

Ní gá duit iarratas a dhéanamh ar Phinsean Stáit.

Foirm Iarratais: Phinsean Stáit (SPC1)
Eagrán: Márta 2024
Amharc amharc
Foirm Iarratais: Pinsean Stáit (Neamhranníocach) (SPNC1)
Eagrán: Eanáir 2022
Amharc amharc

Liúntais agus sochair bhreise

Seo cuid de na liúntais eile a d’fhéadfá a bheith incháilithe dóibh.

Saorthaisteal

Cáileoidh tú don Scéim Saorthaistil nuair atá tú 66 bliain d’aois má tá cónaí ort sa Stát. Má dhéanann tú iarratas ar Phinsean Stáit sula sroicheann tú 66 bliain d’aois ní gá duit iarratas ar leith a chur isteach.

Mura bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí agat, téigh chuig www.gov.ie/PSC chun tuilleadh eolais a fháil. Mar sin féin, beidh ort clárú le haghaidh Cárta Seirbhísí Poiblí chun do Chárta Saorthaistil a fháil, téigh i dteagmháil le d’Ionad CSP áitiúil chun coinne a dhéanamh.

Ina theannta sin, seo cuid de na liúntais eile a d’fhéadfá a bheith incháilithe duit.

Déan teagmháil linn

Rannóg an Phinsin Stáit (Ranníocaigh)

Seoladh:

An Rannóg Pinsean Stáit (Ranníocach), An Roinn Coimirce Sóisialaí, Bóthar an Choláiste, Sligeach, F91 T384

Suíomh gréasáin:www.gov.ie/SPC

Ríomhphost:state.con@welfare.ie

Guthán: 0818 200400;
071 9157100

Rannóg an Phinsin Stáit (Neamhranníocaigh)

Seoladh:

An Rannóg Pinsean Stáit (Neamhranníocach), An Roinn Coimirce Sóisialaí, Bóthar an Choláiste, Sligeach, Co. Shligigh, F91 T384.

Suíomh gréasáin:www.gov.ie/SPNC

Ríomhphost:State.NonCon@welfare.ie

Guthán: 0818 200400;
071 9157100

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat