Athbhreithniú ar Nóta Treorach an Chiste um Fhreastal Réasúnta (RAF)
- Foilsithe: 30 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 25 Aibreán 2022
- Conas suirbhé a chomhlánú
- Conas aighneacht i scríbhinn a dhéanamh
- Cá háit le d'aighneacht a sheoladh
- Cad a tharlóidh don fhaisnéis i mo fhreagra?
- Conas a choinnímid do chuid faisnéise príobháideach
- Teimpléad le ceisteanna
- Teimpléad le Spás le haghaidh Freagraí
- Íoslódáil an doiciméad seo
Tá comhairliúchán poiblí á reáchtáil ag an Roinn Coimirce Sóisialaí ar an athbhreithniú ar dheontais an Chiste um Fhreastal Réasúnta go dtí Dé hAoine an 13 Bealtaine 2022.
Tugaimid cuireadh do dhaoine faoi mhíchumas, d'fhostóirí, do ghrúpaí ionadaíocha agus don phobal a dtuairimí a thabhairt ag baint úsáide as an suirbhé gairid nó as aighneacht i scríbhinn.
- Tá naisc chuig an suirbhé ar an gcéad leathanach eile.
- Má tá aighneacht i scríbhinn á déanamh agat, bain úsáid as na teimpléid ar leathanach 7 agus leathanach 8 mar threoir.
Conas suirbhé a chomhlánú
Más mian leat suirbhé a chomhlánú, bain úsáid as na naisc thíos.
Daoine faoi mhíchumas:
Fostóirí:
Mura bhfuil rochtain agat ar na suirbhéanna ar líne, is féidir leat seo a leanas a dhéanamh::
- an suirbhé a íoslódáil, é a phriontáil, agus é a sheoladh ar ais chuig an seoladh thíos
- é a sheoladh ar ríomhphost mar cheangaltán le IDCPolicyConsultation@welfare.ie
- an suirbhé a chomhlánú le ball den fhoireann ar an bhfón Dé Máirt agus Dé Céadaoin idir 10am agus 12pm nó 2pm agus 4pm trí glaoch a chur ar 0818 607 080.
Beidh gach freagra suirbhé go hiomlán gan ainm.
Conas aighneacht i scríbhinn a dhéanamh
Más mian leat aighneacht a scríobh, léigh an fhaisnéis phríobháideachta agus an treoirdhoiciméad thíos. Is féidir leat teimpléid a úsáid ar leathanach 7 agus leathanach 8 chun tú a threorú agus d'aighneacht á déanamh agat. Tá na nithe seo a leanas ann:
- Teimpléad le ceisteanna, agus
- Teimpléad le spás do do chuid freagraí
Féadfaidh tú d'aighneacht a sheoladh tríd an bpost nó chuig an seoladh ríomhphoist thíos. Cuir "Comhairliúchán RAF" i líne an ábhair ríomhphoist.
Cá háit le d'aighneacht a sheoladh
Reasonable Accommodation Fund Review
- Seoladh:
- lllness, Disability and Carers Policy Unit, Floor Four, Áras Mhic Dhiarmada, Store Street, Dublin 1, D01 WY03
- Ríomhphost:
Cad a tharlóidh don fhaisnéis i mo fhreagra?
Déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí athbhreithniú ar na freagraí go léir agus breithniú á dhéanamh ar an mbealach is fearr chun deontais an Chiste um Fhreastal Réasúnta a athchóiriú.
Bainfimid úsáid as na freagraí féachaint an bhfuil na deontais ag comhlíonadh a n-aidhmeanna. Bainfimid úsáid as na moltaí faoi athruithe nó forálacha nua chun bonn eolais a chur faoin gcaoi a n-oibreoidh deontais an Chiste um Fhreastal Réasúnta amach anseo.
Tá freagraí suirbhé go hiomlán gan ainm, mar sin ní féidir le duine ar bith tú a aithint. Má tá aighneacht i scríbhinn á déanamh agat, áfach, léigh an fhaisnéis phríobháideachta thíos.
Foilseoimid tuarascáil ar an gcomhairliúchán ar gov.ie ina mbeidh achoimre ar na haighneachtaí i scríbhinn agus ar thorthaí an tsuirbhé.
Conas a choinnímid do chuid faisnéise príobháideach
Is comhairliúchán poiblí é seo, agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaí go bhfoilseofaí d’fhreagra ina iomláine ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Iarrtar ort an Ráiteas Príobháideachais a léamh.
D’fhonn cúnamh a thabhairt dúinn do phríobháideachas a chosaint, iarrtar ort gan faisnéis den chineál seo a leanas a chur ar fáil:
- faisnéis phearsanta,
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus
- faisnéis ar bith nár mhian leat a bheith sa phobal.
(Folaíonn faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faisnéis maidir le praghsáil, brabúis, smaointe nua nó eolas íogair ar thionscal.)
Má chuireann tú faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de ar fáil, áfach, sainaithin an t-ábhar go soiléir agus inis dúinn:
- cén fáth a bhfuil sé íogair, agus
- cén fáth nár chóir é a fhoilsiú nó a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
Féadfaimid iarratas a fháil chun aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, agus go n-éileofar orainn í a scaoileadh.
Sna cásanna seo, rachaimid i gcomhairle leat faoin bhfaisnéis atá pearsanta nó a shainaithnítear mar fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de. Déanfaimid é seo sula gcinnimid:
- an aighneacht a scaoileadh – ina hiomláine
- cuid den aighneacht a scaoileadh (déanfar sonraí áirithe a scriosadh ionas nach féidir iad a léamh)
- gan an aighneacht a scaoileadh
Cá fhad a choinneoidh tú na haighneachtaí?
Coinneoimid aighneachtaí go dtí go mbeidh an próiseas athbhreithnithe, lena n-áirítear cur i bhfeidhm aon mholtaí a nglactar leo, críochnaithe.
Reachtaíocht ábhartha
Tá gach freagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir é seo a leanas:
Teimpléad le ceisteanna
Deontais don Chiste um Fhreastal Réasúnta
Cur síos ar an athrú atá beartaithe
Teimpléad le Spás le haghaidh Freagraí
Deontais don Chiste um Fhreastal Réasúnta
Cur síos ar an athrú atá beartaithe