Buiséad 2026
- Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Samhain 2025
- Foláireamh maidir le glaonna gutháin caimiléireachta agus téacsteachtaireachtaí caimiléireachta
- €28.9 billiún le caitheamh ar leas sóisialach in 2026
- €320 milliún chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí
- Tacaíocht do chúramóirí
- Tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas
- Tacaíochtaí le haghaidh Teaghlaigh Aontuismitheora
- Tacaíochtaí do phinsinéirí
- Tacaíochtaí do dhaoine a bhfuil fostaíocht á lorg acu
- Clárú-Uathoibríoch
- Bónas na Nollag
- Íoslódáil Bileog Sonraí an Bhuiséid
- Figiúirí Bhuiséad 2026
- Pictiúir Phinn
Foláireamh maidir le glaonna gutháin caimiléireachta agus téacsteachtaireachtaí caimiléireachta
Tar éis fhógairt Bhuiséad 2026 d’fhéadfadh go mbeadh méadú ar théacsanna calaoiseacha nó ar ghlaonna ag iarraidh ar dhaoine clárú le haghaidh cnapshuimeanna agus íocaíochtaí dúbailte. Má tá tú i dteideal cnapshuime nó íocaíocht dhúbailte, íocfar iad seo go huathoibríoch agus ní gá duit iarratas a dhéanamh orthu. Léigh níos mó faoinár bhfoláireamh maidir le glaonna gutháin caimiléireachta agus téacsteachtaireachtaí caimiléireachta
€28.9 billiún le caitheamh ar leas sóisialach in 2026
€28.9 billiún le caitheamh ar leas sóisialach in 2026, lena n-áirítear breis is €1.15 billiún de bhearta nua atá dírithe ar chabhair a thabhairt do theaghlaigh
- An méadú is mó ar an Íocaíocht Tacaíochta Leanaí ó bunaíodh an stát.
- Méadú seachtainiúil de €16 go dtí €78 i leith leanaí atá 12 bhliain d’aois nó síon sine (suas le €4,056 in aghaidh na bliana) agus,
- Méadú seachtainiúil de €8 go dtí €58 i leith leanaí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois (suas le €3,016 in aghaidh na bliana).
- An méadú is mó riamh ar neamhaird ioncaim an Liúntais do Chúramóirí ó mhí Iúil 2026 ar aghaidh
- Méadú de €375 go dtí €1,000 do dhuine singil, agus,
- Méadú de €750 go dtí €2,000 do lánúin.
- Méadóidh an teorainn ioncaim le haghaidh an tSochair Chúramóra faoi €375 go dtí €1,000 in aghaidh na seachtaine ó mhí Iúil 2026 ar aghaidh.
- Méadú €60 ar thairseacha ioncaim seachtainiúla le haghaidh na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht beag beann ar mhéid an teaghlaigh.
- Cáileoidh teaghlaigh a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht le haghaidh an Liúntais Bhreosla.
- Méadú €5 ar an Liúntas Breosla ó €33 go €38 in aghaidh na seachtaine ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh. Leis seo, cuirfear €140 breise ar fáil le linn shéasúr an liúntais bhreosla.
- Duine ar bith atá ag aistriú ón Liúntas Míchumais nó ó Phinsean na nDall chun dul i mbun fostaíochta ó mhí Mheán Fómhair 2026 ar aghaidh, coinneoidh siad a Liúntas Breosla ar feadh 5 bliana.
- Leathnaíodh ráta an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua de €160 chun leanaí 2 bhliain agus 3 bliana d’aois atá incháilithe don liúntas seo a chur san áireamh.
- Méadú €10 ar an gcuid is mó d’íocaíochtaí seachtainiúla leasa shóisialaigh
- Bónas na Nollag le híoc le breis is 1.47 milliún faighteoir fadtéarmach leasa shóisialaigh
€320 milliún chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí
- An méadú is mó ar an Íocaíocht Tacaíochta Leanaí ó bunaíodh an stát.
- Méadú seachtainiúil de €16 go dtí €78 i leith leanaí atá 12 bhliain d’aois agus níos sine (íocaíocht bhliantúil nach mó ná €4,056) agus,
- Méadú seachtainiúil de €8 go dtí €58 i leith leanaí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois (íocaíocht bhliantúil nach mó ná €3,016).
- Leathnaíodh ráta an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua de €160 chun leanaí 2 bhliain agus 3 bliana d’aois atá incháilithe don liúntas seo a chur san áireamh.
- Cáileoidh teaghlaigh a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht le haghaidh an Liúntais Bhreosla. Íocfar an méid seo i mí an Mhárta 2026 agus siardhátófar é go dtí mí Eanáir 2026.
- Méadú €60 ar thairseacha ioncaim seachtainiúla le haghaidh na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhfostaíocht beag beann ar mhéid an teaghlaigh.
- Méadú €10 ar fhormhór na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh seachtainiúla ó Eanáir 2026. Beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe
- Duine ar bith a fhaigheann an Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall, beidh siad incháilithe le haghaidh na Díbhinne Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair nuair a rachaidh siad i mbun fostaíochta.
- Méadú €20 ar an Liúntas Cúraim Baile in aghaidh na míosa.
Tacaíocht do chúramóirí
- Méadú €10 ar uasráta an Liúntais Cúramóra agus an tSochair Chúramóra ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh. Beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe.
- An méadú is mó ar an Íocaíocht Tacaíochta Leanaí ó bunaíodh an stát.
- Méadú seachtainiúil de €16 go dtí €78 i leith leanaí atá 12 bhliain d’aois nó síon sine (suas le €4,056 in aghaidh na bliana) agus,
- Méadú seachtainiúil de €8 go dtí €58 i leith leanaí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois (suas le €3,016 in aghaidh na bliana).
- An méadú is mó riamh ar neamhaird ioncaim an Liúntais do Chúramóirí ó mhí Iúil 2026 ar aghaidh
- Méadú de €375 go dtí €1,000 do dhuine singil, agus,
- Méadú de €750 go dtí €2,000 do lánúin.
- Méadóidh an teorainn ioncaim le haghaidh an tSochair Cúramóra faoi €375 go dtí €1,000 in aghaidh na seachtaine ó mhí Iúil 2026 ar aghaidh.
- Méadú €20 ar an Liúntas Cúraim Baile in aghaidh na míosa.
- Bónas na Nollag le híoc le breis is 1.47 milliún faighteoir fadtéarmach leasa shóisialaigh i mí na Nollag 2025.
Tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas
- Méadú €10 ar uasráta pearsanta na n-íocaíochtaí míchumais seachtainiúla ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh. Beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe.
- Duine ar bith atá ag aistriú ón Liúntas Míchumais nó ó Phinsean na nDall chun dul i mbun fostaíochta ó mhí Meán Fómhair 2026 ar aghaidh, coinneoidh siad á Liúntas Breosla ar feadh 5 bliana.
- Duine ar bith a fhaigheann an Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall, beidh siad incháilithe le haghaidh na Díbhinne Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair nuair a rachaidh siad i mbun fostaíochta.
- Leathnófar an Scéim Fóirdheontais Pá ó mhí Eanáir 2026 ar níos mó daoine ar bhuail míchumas iad.
- Beidh líon na mbandaí ar an Scéim Fóirdheontais Pá á laghdú ó chúig go dtí trí agus beidh na rátaí á méadú, ó mhí Aibreáin 2026 mar seo a leanas:
- Méadú €1.20 ar an mbunráta go dtí €7.50 in aghaidh na huaire d'fhostóirí a bhfuil fostaí amháin go 6 fhostaí acu ar an scéim
- Méadú €8.50 in aghaidh na huaire d'fhostóirí a bhfuil 7 bhfostaí go 16 fostaí acu ar an scéim
- Méadú €10 in aghaidh na huaire d'fhostóirí a bhfuil 17 fostaí nó níos mó acu ar an scéim
- An méadú is mó riamh ar neamhaird ioncaim an Liúntais do Chúramóirí ó mhí Iúil 2026 ar aghaidh
- Méadú de €375 go dtí €1,000 do dhuine singil, agus,
- Méadú de €750 go dtí €2,000 do lánúin.
- Méadóidh an teorainn ioncaim le haghaidh an tSochair Chúramóra faoi €375 go dtí €1,000 in aghaidh na seachtaine ó mhí Iúil 2026 ar aghaidh.
- Méadú €20 ar an Liúntas Cúraim Baile in aghaidh na míosa.
- Méadú €5 ar an Liúntas Breosla ó €33 go €38 in aghaidh na seachtaine ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh. Leis seo, cuirfear €140 breise ar fáil le linn shéasúr an liúntais bhreosla.
- Bónas na Nollag do gach duine a fhaigheann íocaíocht fhadtéarmach míchumais le híoc i mí na Nollag 2025.
Tacaíochtaí le haghaidh Teaghlaigh Aontuismitheora
- Méadú €10 ar fhormhór na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh seachtainiúla ó Eanáir 2026. Beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe.
- An méadú is mó ar an Íocaíocht Tacaíochta Leanaí ó bunaíodh an stát.
- Méadú seachtainiúil de €16 go dtí €78 i leith leanaí atá 12 bhliain d’aois nó síon sine (suas le €4,056 in aghaidh na bliana) agus,
- Méadú seachtainiúil de €8 go dtí €58 i leith leanaí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois (suas le €3,016 in aghaidh na bliana).
- Leathnaíodh ráta an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua de €160 chun leanaí 2 bhliain agus 3 bliana d’aois atá incháilithe don liúntas seo a chur san áireamh.
- Cáileoidh teaghlaigh a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht le haghaidh an Liúntais Bhreosla. Íocfar an méid seo i mí an Mhárta 2026 agus siardhátófar é go dtí mí Eanáir 2026.
- Méadú €60 ar thairseacha ioncaim seachtainiúla le haghaidh na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht beag beann ar mhéid an teaghlaigh.
- Duine ar bith a fhaigheann an Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall, beidh siad incháilithe le haghaidh na Díbhinne Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair nuair a rachaidh siad i mbun fostaíochta.
- Méadú €5 ar an Liúntas Breosla ó €33 go €38 in aghaidh na seachtaine ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh. Leis seo, cuirfear €140 breise ar fáil le linn shéasúr an liúntais bhreosla.
- Bónas na Nollag le híoc le breis is 1.47 milliún faighteoir fadtéarmach leasa shóisialaigh i mí na Nollag 2025.
Tacaíochtaí do phinsinéirí
- Méadú €10 ar uasráta seachtainiúil na bpinsean Stáit go léir ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh. Beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe.
- Méadú €5 ar an Liúntas Breosla ó €33 go €38 in aghaidh na seachtaine ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh. Leis seo, cuirfear €140 breise ar fáil le linn shéasúr an liúntais bhreosla.
- Bónas na Nollag le híoc le breis is 1.47 milliún faighteoir fadtéarmach leasa shóisialaigh i mí na Nollag 2025.
Tacaíochtaí do dhaoine a bhfuil fostaíocht á lorg acu
Tacaíochtaí do dhaoine a bhfuil fostaíocht á lorg acu
- Méadú de €10 ar uasráta seachtainiúil pearsanta íocaíochtaí an tSochair Cuardaitheora Poist agus an Liúntais Cuardaitheora Poist ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh. Beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe.
- An méadú is mó ar an Íocaíocht Tacaíochta Leanaí ó bunaíodh an stát.
- Méadú seachtainiúil de €16 go dtí €78 i leith leanaí atá 12 bhliain d’aois nó síon sine (suas le €4,056 in aghaidh na bliana) agus,
- Méadú seachtainiúil de €8 go dtí €58 i leith leanaí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois (suas le €3,016 in aghaidh na bliana).
- Duine ar bith atá ag aistriú ón Liúntas Míchumais nó ó Phinsean na nDall chun dul i mbun fostaíochta ó mhí Meán Fómhair 2026 ar aghaidh, coinneoidh siad á Liúntas Breosla ar feadh 5 bliana.
- Duine ar bith a fhaigheann an Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall, beidh siad incháilithe le haghaidh na Díbhinne Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair nuair a rachaidh siad i mbun fostaíochta.
- Méadú €5 ar an mbreisiú le haghaidh rannpháirtithe na Scéime Fostaíochta Pobail, Tús agus Scéim Shóisialta na Tuaithe go dtí €32.50.
- Méadú €10 ar an íocaíocht reatha le haghaidh rannpháirtithe sa Tionscnamh Post.
Bónas na Nollag le híoc le breis is 1.47 milliún faighteoir fadtéarmach leasa shóisialaigh i mí na Nollag 2025.
Clárú-Uathoibríoch
- Scéim coigiltis scoir Cláraithe-Uathoibríoch a thabhairt isteach chun cabhrú le breis agus 750,000 oibrí sábháil don aois scoir.
- Ón 1 Eanáir 2026, baileofar ranníocaíochtaí ó fhostaithe, fostóirí agus an Stát, trí phárolla ón dáta sin ar aghaidh.
- In 2026 is ionann ranníocaíocht an Stáit agus €154 milliún.
- In 2026, beidh ranníocaíocht fostaithe cothrom le 1.5% den olltuarastal, beidh ranníocaíocht fostóirí cothrom le 1.5% agus cuireann an Stát 0.5% breise leis sin.
Bónas na Nollag
Gheobhaidh daoine atá ag fáil na n-íocaíochtaí seo a leanas bónas na Nollag.
- Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas*
- Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
- An Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair
- Íocaíocht Sheachtainiúil do Thairbhí de Chosaint Shealadach
- Pinsean na nDall
- Liúntas do Chúramóirí
- Sochar Cúramóra
- Fostaíocht Phobail
- Liúntas Costais Laethúla*
- Liúntas Banchéile Thréigthe
- Sochar Banchéile Thréigthe
- Liúntas Míchumais
- Sochar Míthreorach
- Liúntas Cúraim Baile
- Cúnamh Feirme
- Íocaíocht Caomhnóra
- Sochar Breoiteachta *
- Pinsean Easláine
- Scéim um Thionscnamh Post
- Liúntas Cuardaitheora Poist *
- Scéim Choimisiún Magdalen
- An Scéim um Shochar Báis (faoin Scéim um Dhíobhálacha Ceirde)
- Íocaíocht Aontuismitheora
- Sochar Cumais Pháirtigh
- Scéim Shóisialta Tuaithe
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
- Liúntas Leasa Forlíontach (fadtéarmach)
- Tús (tionscnamh pobail um shocrúcháin oibre)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-ranníocach)
- Clár Socrúcháin Taithí Oibre*
*Tá tréimhse 12 mhí ar íocaíocht nó scéim leasa shóisialaigh incháilithe ag teastáil chun a bheith incháilithe le haghaidh an Bhónais.
Íoslódáil Bileog Sonraí an Bhuiséid
Figiúirí Bhuiséad 2026
Íocaíochtaí Árachais Shóisialaigh
|
Uasráta seachtainiúil (ó Eanáir 2026) |
Ráta pearsanta |
Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe (MDFC) |
Íocaíocht Tacaíochta Leanaí |
Íocaíocht Tacaíochta Leanaí |
|---|---|---|---|---|
Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh
Sochar Linbh
Cláir fostaíochta
Méadú €5 in aghaidh na seachtaine ó Eanáir 2026 dóibh siúd atá rannpháirteach sa Chlár Fostaíochta Pobail, i Scéim Shóisialta na Tuaithe agus in Tús. Méadú €10 in aghaidh na seachtaine le haghaidh an Tionscnaimh Post.
Tairseacha na hÍocaíochta do Theaghlach i bhFostaíocht
Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh Eile
Pictiúir Phinn
Pinsean Stáit Ranníocach
|
Pinsean Stáit Ranníocach |
Ríomh |
Luach |
|---|---|---|
Teaghlaigh agus Leanaí
|
Teaghlaigh agus Leanaí |
Ríomh |
Luach |
|---|---|---|
Teaghlaigh Aontuismitheora
|
Teaghlaigh Aontuismitheora |
Ríomh |
Luach |
|---|---|---|
Cúramóirí
Daoine faoi mhíchumas
Pinsin