Cad is BIC agus IBAN ann
- Foilsithe: 31 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Márta 2023
Tá sé ríthábhachtach na sonraí BIC agus na sonraí IBAN cearta a thabhairt mar chuid de d'iarratas.
Mura dtugtar an t-eolas ábhartha, ní dhéanfar próiseáil ar d'éileamh agus beidh moill ar d'íocaíocht dá bharr.
Is eolas cabhrach é an t-eolas seo a leanas maidir leis an dá chód sin.
BIC
Is seoladh uathúil é an BIC (Cód Aitheantais Bainc) a aithníonn, i dteachtaireachtaí íocaíochta, an Banc/Gnó (ní an Brainse) ar leith a bhfuil baint aige le hidirbheart airgeadais. Nuair a úsáidtear é in éineacht leis an IBAN, aithníonn sé an banc ina bhfuil cuntas an tairbhí.
D'fhéadfadh ocht gcarachtar nó aon charachtar déag a bheith ag BIC bailí ach bíonn BIC a bhfuil ocht gcarachtar aige in úsáid ag an gcuid is mó de bhainc na hÉireann. I gcásanna áirithe bíonn an iarmhír 'XXX' le feiceáil ag deireadh BIC.
IBAN
Is caighdeán a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta é an IBAN (Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc) a cruthaíodh chun cuntas custaiméara ag institiúid airgeadais a aithint go huathúil.
Tá suas le 34 carachtar alfa-uimhriúil san IBAN. In Éirinn, is é 22 carachtar fad caighdeánach an IBAN.
Sampla: IE64IRCE92050112345678
Cuireann an chéad dá litir an cód tíre in iúl, ansin dhá dhigit seiceála, agus sa deireadh Uimhir Bhunúsach Cuntais Bainc (BBAN) atá sonrach do thír faoi leith lena n-áirítear uimhir an chuntais bainc intíre, aitheantóir brainse, agus faisnéis ródúcháin féideartha.
Cá bhfaighidh tú do BIC agus IBAN
Gheobhaidh tú do IBAN agus do BIC ar do ráiteas bainc nó ar do chuntas ar líne.
Eolas breise
D'fhéadfaí eolas breise a fháil ag:
Athrú ar shonraí Bainc
Má cheapann tú go bhfuil earráid déanta agat ar d'iarratas bunaidh:
Conas íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil isteach i do bhanc