Comhaontú Comhroinnte Sonraí (DSA) chun sonraí a roinnt le HIQA chun cabhrú leis an Suirbhé Náisiúnta ar Dheireadh Saoil
- Foilsithe: 6 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá Comhaontú Comhroinnte Sonraí (DSA) déanta ag an Roinn Coimirce Sóisialaí faoin Acht um Chomhroinnt Sonraí agus Rialachas 2019 leis an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) chun cabhrú leo dul i dteagmháil le daoine maidir leis an Suirbhé Náisiúnta ar Dheireadh Saoil.
Tá sé mar aidhm ag an Suirbhé Náisiúnta ar Dheireadh Saoil taithí na seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta do dhaoine atá ag druidim le deireadh a saoil agus a ngaolta a thuiscint. Treoróidh na torthaí feabhsuithe cáilíochta laistigh de sholáthar seirbhíse i FSS agus soláthraithe seirbhíse, beartas agus reachtaíocht náisiúnta sa Roinn Sláinte agus caighdeáin agus rialacháin náisiúnta in HIQA.