Comhaontú idir an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Coimisiún Cosanta Sonraí
- Foilsithe: 10 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 13 Eanáir 2022
Cúlra
I Lúnasa 2019, d’eisigh an Coimisiún Cosanta Sonraí Tuarascáil ar Chlárú SAFE agus an Cárta Seirbhísí Poiblí (an CSP). Níor aontaigh an Roinn Coimirce Sóisialaí leis na torthaí diúltacha a chuimsítear sa tuarascáil. I mí na Nollag 2019, d’eisigh an Coimisiún Cosanta Sonraí (an CCS) Fógra Forfheidhmiúcháin don Roinn maidir leis na torthaí a chuimsítear sa Tuarascáil sin.
Chomhdaigh an Roinn achomharc in aghaidh an Fhógra Forfheidhmiúcháin, faoi mar a fhoráiltear faoin reachtaíocht um chosaint sonraí.
Bhí an t-achomharc le cur faoi bhráid na Cúirte an 7 Nollaig 2021.
D’aontaigh an Roinn agus an CCS le réiteach agus, ar bhunús na gceisteanna lenar comhaontaíodh, chealaigh an CCS an Fógra Forfheidhmiúcháin.
Príomhphointí
Aithnítear sa Chomhaontú gur féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí leanúint le sonraí pearsanta a phróiseáil, faoi mar is gá agus is comhréireach, chun aitheantas duine a fhíordheimhniú agus CSP a eisiúint dóibh, ar féidir é a úsáid ar mhaithe le teacht ar sheirbhísí poiblí.
Dheimhnigh an CCS cheana féin go bhforáiltear sa reachtaíocht leasa shóisialaigh do bhunús dlí maidir leis an riachtanas go bhfíordheimhníonn custaiméirí na Roinne a n-aitheantas trí chlárú SAFE. Aithnítear sa Chomhaontú gur féidir le comhlachtaí poiblí eile a liostaítear sa reachtaíocht leasa shóisialaigh (“comhlachtaí sonraithe”) an CSP a úsáid mar bhealach le haitheantas na ndaoine a fhíordheimhniú lena ndéileálann siad, chomh fada agus a ghlacann siad le modhanna eile freisin chun aitheantas a fhíordheimhniú.
Aithnítear agus glactar leis sa Chomhaontú freisin gur féidir leis an Roinn agus comhlachtaí sonraithe eile leanúint le MyGovId a úsáid mar an mbealach aonair le haitheantas a fhíordheimhniú ar mhaithe le teacht ar sheirbhísí ar líne, chomh fada agus go gcuirtear cainéal eile seirbhíse ar fáil.
D’aontaigh an Roinn agus an CCS le hoibriú as lámh a chéile le clár oibre a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm maidir le coinneáil agus trédhearcacht sonraí.
Mar chuid den Chomhaontú, tá cáipéis Fógartha á foilsiú ag an Roinn, lenar comhaontaíodh leis an CCS, sa mhullach ar Thuarascáil Lúnasa 2019 an CCS (a foilsíodh i dtosach ar láithreán gréasáin na Roinne i Meán Fómhair 2019).
Is féidir an dá cháipéis a íoslódáil thíos.
Tá freagairt 2019 na Roinne 2019 do thuarascáil CSP an CCS á foilsiú againn freisin agus is féidir teacht air thíos.
Is féidir an Phreaseisiúint iomlán a léamh anseo.