Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Conas obair a aimsiú san Eoraip


Comhairle a chur ar fáil do Lucht Cuardaitheora poist maidir le cuardach poist san Eoraip

Bunaíodh líonra EURES ag an gCoimisiún Eorpach chun cabhrú le saoránaigh Eorpacha obair a aimsiú i dtír eile den Aontas Eorpach (AE)/Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE).

Tá líonra comhairleoirí EURES ag EURES, ar féidir leo eolas agus comhairle a thabhairt duit maidir le cuardach poist san Eoraip agus cabhrú leat teagmháil a dhéanamh le fostóirí Eorpacha. Is féidir leo faisnéis níos ginearálta phraiticiúil a thabhairt duit freisin faoi dhálaí maireachtála agus oibre i dtír eile de chuid an AE/LEE, mar shampla slándáil shóisialta, faisnéis faoi leibhéil phá, cánacha, cleachtais earcaíochta nó comhairle réamh-imeachta agus ar theacht ar ais, a sholáthar.

Más spéis leat obair a dhéanamh nó obair a lorg laistigh den AE/LEE, déan coinne le do chomhairleoir EURES áitiúil nó déan teagmháil le d’Ionad Intreo áitiúil le haghaidh tuilleadh eolais.

EURES – An Tairseach Eorpach um Shoghluaiseacht ó Phost go Chéile

Tugann EURES, An Tairseach Eorpach um Shoghluaiseacht ó Phost go Chéile, rochtain duit ar bhreis is milliún folúntas ar fud an AE/LEE. Is féidir leat folúntais poist a chuardach i raon leathan gairmeacha agus earnálacha, ar fud gach tír san AE/LEE. I gcás inarb iomchuí, is féidir leat teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an duine teagmhála (an fostóir) nó tríd an Oifig Seirbhísí Fostaíochta Poiblí atá liostaithe i ngach folúntas. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le duine de Chomhairleoirí EURES na hEorpa a thabharfaidh comhairle níos mionsonraithe duit maidir le deiseanna fostaíochta, cuardach poist ina thír/tír féin nó a d’fhéadfadh tú a mholadh d’fhostóirí ionchasacha.

Tabhair cuairt ar thairseach EURES chun:

  • rochtain ar bhreis is milliún deis fostaíochta ar fud na hEorpa, chomh maith le na mílte fostóir cláraithe
  • cruthaigh do CV ar líne agus cuir ar fáil d’fhostóirí Eorpacha é
  • faigh sonraí faoi dhálaí maireachtála agus oibre i ngach tír AE/LEE
  • seiceáil féilire imeachtaí EURES le haghaidh aontaí poist Eorpacha atá le teacht agus imeachtaí eile i ngach tír AE/LEE.

Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe na hEorpa

Is scéim soghluaisteachta poist de chuid an Aontais Eorpaigh í an Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe na hEorpa (TMS) a chuireann cúnamh airgeadais ar fáil do shaoránaigh an AE atá 18 mbliana d’aois nó níos sine agus iad ag bogadh go tír eile san AE, san Iorua nó san Íoslainn, le haghaidh oibre nó chun freastal ar Agallamh.

Faisnéis agus naisc úsáideacha

EURES – Eolas agus Naisc Úsáideacha chun post a aimsiú san Eoraip.


Leabhar Cócaireachta EURES

Leabhar Cócaireachta EURES: Faigh sampla de bhia Eorpach agus foghlaim cad atá le tairiscint ag tíortha Eorpacha éagsúla d’oibrithe soghluaiste san AE.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat