Costas Míchumais – Cruinniú Mullaigh an Líonra Fócais Straitéisigh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Costas Míchumais – Cruinniú Mullaigh an Líonra Fócais Straitéisigh


Cad é an Costas a bhaineann le Míchumas – Cruinniú Mullaigh an Líonra Fócais Straitéisigh?

D’fhoilsigh an Rialtas an Straitéis Náisiúnta um Chearta an Duine do Dhaoine faoi Mhíchumas 2025-2030 i Meán Fómhair 2025.

Sa straitéis sin, gheall an rialtas Cruinniú Mullaigh an Líonra Fócais Straitéisigh ar Chostas Míchumais a reáchtáil.

Aithnítear sa straitéis gur minic a sheasann daoine faoi mhíchumais costais bhreise mar gheall ar an míchumais. Is féidir a áireamh leo sin costais a bhaineann le hiompar, le cúram sláinte, le hoideachas, le cumarsáid, le tithíocht, agus maireachtáil ó lá go lá. Bíonn tionchar ag na costais sin ar roinnt mhaith réimsí saoil, agus tá roinnt mhaith Ranna an Rialtais freagrach astu, dá bhrí sin, tá freagairt uile-Rialtais ag teastáil.

Maidir leis an gCruinniú Mullaigh

Is imeacht cumaisc lae é Cruinniú Mullaigh na Líonra Fócais ar Chostais an Mhíchumais a reáchtálfar ar an 13 Bealtaine.

  • is féidir le gach aon duine freastal ar líne, agus cuirtear faisnéis agus rochtain ar fáil ar an leathanach gréasáin seo dóibh siúd a bheidh páirteach ar líne
  • tá gach spás chun freastal i bpearsa curtha in áirithe

Beidh an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary, ina Chathaoirleach ar an gCruinniú Mullaigh agus beidh ceardlanna agus aoichainteoirí i gceist freisin.

Is é sprioc an Chruinnithe Mhullaigh ná chun tacú le díospóireacht agus le foghlaim chomhroinnte chun cabhrú le beartas a mhúnlú amach anseo. Ní imeacht é chun moltaí nua a fhógairt ná a sheoladh.

Cuirfear leis an gCruinniú Mullaigh ar an méid a chualathas le linn an Chomhairliúcháin Phoiblí maidir le Costas Míchumais, ag cabhrú chun an saothar sin a mionchoigeartú agus a fhorbairt tuilleadh.

Cad a dhíreofar air le linn an Chruinnithe Mhullaigh?

Déanfar plé le linn an Chruinnithe Mhullaigh ar íocaíocht Chostas an Mhíchumais agus ar shaincheisteanna chostas an mhíchumais níos leithne a gcaithfear dul i ngleic leo ar fud an Rialtais. Soláthrófar spás do rannpháirtithe chun:

  • cuspóir íocaíochta costas míchumais a phlé
  • smaointe faoin gcaoi a n-oibreodh íocaíocht i leith chostas mhíchumais a roinnt
  • na príomhghníomhartha is gá leo chun íocaíocht dá leithéid a thabhairt isteach a aithint
  • gníomhaíochtaí níos leithne a bhaineann le costas an mhíchumais gur féidir dul chun cinn a dhéanamh orthu ar fud an Rialtais fad a mhaireann an Straitéis a aithint

Léireofar le linn na ndíospóireachtaí go bhfuil costas an mhíchumais níos leithne ná tacaíochtaí ioncaim amháin, agus áirítear leis rochtain ar sheirbhísí, ar thacaíochtaí agus ar dheiseanna.

Cé a eagraíonn an Cruinniú Mullaigh?

Beidh an Cruinniú Mullaigh á óstáil ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, le tacaíocht agus ionchur ó Ranna agus ó áisíneachtaí ábhartha an Rialtais.

Áireofar le rannpháirtithe Eagraíochtaí Daoine faoi Mhíchumas, oifigigh shinsearacha an Rialtais, fostóirí, ionadaithe na sochaí sibhialta, ionadaithe tofa agus daoine a bhfuil saineolas acu ar an ábhar.

Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin?

Scríobhfar bileog threorach tar éis an chruinnithe mullaigh. Leagfar amach sa pháipéar seo na teachtaireachtaí agus ceachtanna príomha ón díospóireacht. Beidh sé cabhrach mar bhonn eolais faoi chinntí an Rialtais maidir le híocaíocht chostas an mhíchumais agus chun gníomhartha uile-Rialtais eile a aithint gur féidir leo cabhrú le costas an mhíchumais a laghdú ar dhóigh fhónta agus inmharthana.

Clár Gnó Ar Líne

   
09.30 Ráitis Tosaigh  - Dr Sinead Kane, MC
09.35
Aitheasc Tosaigh  - An Taoiseach Micheál Martin T.D.
09.40
Fáilte- Dara Calleary T.D. an tAire Coimirce Sóisialaí
09.55 Pléphainéal ar an Taithí Saoil - Líonra EDfM
10.40 Sos sa chlúdach beo – tosófar arís thart ar 11.00
11.00
Norma Foley T.D. an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais
11.05
Cur i Láthair: Conas dul i ngleic le costas an mhíchumais in Éirinn? - Dr. Mel Cousins, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
11.25
Achoimre ar Chomhairliúchán ar Chostais an Mhíchumais
11.35
Sos sa chlúdach beo – lánchruinniú ag tosú arís thart ar 15.20
15.20
Seisiún Lánchruinnithe le haiseolas o sheisiúin imeallacha
15.50 Pléphainéal
16.20 Focal Scoir – An Tánaiste Simon Harris T.D.
16.30 Deireadh an Chruinnithe Mhullaigh

Breathnaigh beo ar líne

Tá fáilte romhat clárú chun páirt a ghlacadh sa Chruinniú Mullaigh ar líne.

Is féidir leat tráchtanna agus aiseolas a thabhairt don Chruinniú Mhullaigh i bhfíor-am agus suas go dtí 5pm Dé Céadaoin an 14 Bealtaine, trí ghné C agus F Zoom a úsáid.

Déanfar an Cruinniú Mullaigh a shruthú beo ar an lá gan gá le clárú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat