Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Dátaí Íocaíochta agus Bónas na Nollaig 2025


Uaireanta oscailte na Nollaig agus na hAthbhliana

Seo a leanas uaireanta oscailte na Nollag le haghaidh Ionaid agus Oifigí Brainse Intreo, Ionaid UPSP agus Ionaid CSP:

Dé Céadaoin 24 Nollaig  9:15am – 1pm
Déardaoin 25 Nollaig Dúnta
Dé hAoine an 26 Nollaig  Dúnta
Dé Luain an 29 Nollaig 10am - 4pm
Dé Máirt 30 Nollaig  10am - 4pm
Dé Céadaoin 31 Nollaig  10am - 4pm
Déardaoin 01 Eanáir Dúnta
Dé hAoine an 02 Eanáir Gnáthuaireanta oibre i bhfeidhm arís

 

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ach glaoch a chur ar na huimhreacha thíos ó 10am go 4pm gach lá ach amháin Déardaoin 25 Nollaig, Dé hAoine 26 Nollaig agus Déardaoin 1 Eanáir. Beidh gnáthuaireanta líne ghutháin i bhfeidhm arís Dé hAoine 2 Eanáir.
Ar an nguthán:
0818 405 060
0818 607 080 (Seirbhísí Leasa Pobail)
Ar ríomhphost:
info@welfare.ie
Sa chás go bhfuil Seirbhís Cárta Seirbhísí Poiblí gan réamhchoinne i bhfeidhm, beidh fáil ar an tseirbhís sin chomh fada le 12.30pm ar an 24 Nollaig. Seans go mbeidh laghdú ar an bhfáil ar sheirbhís gan réamhchoinne i gcaitheamh thréimhse na Nollag.
Ar líne ag: www.MyWelfare.ie atá an bealach is tapa agus is fusa le hiarratas a dhéanamh ar thacaíochtaí ioncaim

Guímid go léir sa Roinn Coimirce Sóisialaí Nollaig Shona ort agus Athbhliain faoi mhaise duit.

Dátaí íocaíochta na Nollag agus na hAthbhliana

Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh, d’fhéadfadh go n-athródh an dáta ar a bhfaigheann tú d’íocaíocht le linn thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana. Tá sonraí na socruithe íocaíochta go léir don tréimhse seo ar fáil thíos.

Íocaíochtaí seachtainiúla

Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh sheachtainiúil, gheobhaidh tú d’íocaíocht mar is gnách le linn na seachtaine dar tús Dé Luain an 15 Nollaig, chomh maith le réamhíocaíocht don tseachtain ina dhiaidh sin. Baineann sé sin le híocaíochtaí a dhéantar ag oifigí poist, le seic nó go díreach isteach i do chuntas institiúid airgeadais.

Dáta dlite na híocaíochta Déanfar íocaíocht ar an
15,16,17,18, 19 Nollaig 2025 Athrú ar bith
22, 23, 24, 25, 26, Nollaig 2025 Seachtain dar tús an 15 Nollaig
1 Eanáir 2026 31 Nollaig 2025

 

Eolas tábhachtach

Má tá íocaíocht cuardaitheora poist shealadaigh nó pháirtaimseartha á fáil agat, ní mór duit duillíní a sholáthar roimh ré mar a moladh lena chinntiú go leanfar le híocaíochtaí leat thar thréimhse na Nollag.

Tar éis dúinn na duillíní a fháil, íocfar thú mar a leanas:

  • Gheobhaidh daoine ar Liúntas do Chuardaitheora Poist dhá íocaíocht a chlúdóidh na **seachtainí sínithe dar críoch an 16 agus an 23 Nollaig ar an Aoine 19 Nollaig
  • Gheobhaidh daoine ar Shochar Cuardaitheora Poist dhá íocaíocht a chlúdóidh na **seachtainí sínithe dar críoch an 17 agus an 24 Nollaig ar an Aoine 19 Nollaig
  • beidh gnáthshocruithe íocaíochta le haghaidh na **seachtaine sínithe dar críoch an 30 agus an 31 Nollaig i bhfeidhm arís Dé Máirt, 6 Eanáir 2026

** i gcomhthéacs na scéimeanna seo, tagraítear don tseachtain íocaíochta riaracháin le ‘seachtain sínithe’

D’fhonn a chinntiú go bhfaighidh tú d’íocaíochtaí in am an mhí seo, lean na treoirlínte ar MyWelfare.ie maidir le conas do phatrúin oibre a chur isteach i gceart.

Custaiméirí an tSochair Breoiteachta: coinnigh ort ag seoladh isteach do ‘Deimhniú Éagumais chun Oibre’ i gcaitheamh thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.

Cad atá le déanamh agat má tá tú ag fágáil an stáit

Má tá liúntas tacaíochta ioncaim á fháil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí ba chóir duit a chur in iúl dúinn go mbeidh tú as láthair roimh thaisteal, is féidir leat é seo a dhéanamh ach cuairt a thabhairt ar d’Ionad Intreo nó d’Oifig Brainse áitiúil.

Bónas na Nollag

Uaireanta oscailte na Nollag agus na hAthbhliana

Beidh gach oifig roinne, lena n-áirítear Ionaid agus Oifigí Brainse Intreo, dúnta ar an 25 agus ar an 26 Nollaig 2025 agus ar an 1 Eanáir 2026.


Guímid go léir sa Roinn Coimirce Sóisialaí Nollaig Shona ort agus Athbhliain faoi mhaise duit.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat