English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Dátaí Íocaíochta na Nollag agus Bónas 2024



Dátaí íocaíochta na Nollag agus na hAthbhliana

Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh, d’fhéadfadh go n-athródh an dáta ar a bhfaigheann tú d’íocaíocht le linn thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana. Tá sonraí na socruithe íocaíochta go léir don tréimhse seo ar fáil thíos.

Íocaíochtaí seachtainiúla

Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh sheachtainiúil, gheobhaidh tú d’íocaíocht mar is gnách le linn na seachtaine dar tús Dé Luain an 16 Nollaig, chomh maith le réamhíocaíocht don tseachtain ina dhiaidh sin. Baineann sé sin le híocaíochtaí a dhéantar ag oifigí poist, le seic nó go díreach isteach i do chuntas institiúid airgeadais.

Dáta dlite na híocaíochta Déanfar íocaíocht ar an
16, 17, 18, 19, 20 Nollaig 2024 Gan athrú
23, 24, 25, 26, 27 Nollaig 2024 an tseachtain dar tús an 16 Nollaig
1 Eanáir 2025 go 31 Nollaig 2024

Eolas tábhachtach

Má tá íocaíocht cuardaitheora poist shealadaigh nó pháirtaimseartha á fáil agat, ní mór duit duillíní a sholáthar roimh ré mar a moladh lena chinntiú go leanfar le híocaíochtaí leat thar thréimhse na Nollag.

Tar éis dúinn na duillíní a fháil, íocfar thú mar a leanas:

  • I gcás Liúntas Cuardaitheora Poist, gheofar dhá íocaíocht Dé hAoine, an 20 Nollaig lena gclúdófar na **seachtainí sínithe dar gcríoch an 17 agus an 24 Nollaig
  • Le Sochar Cuardaitheora Poist, gheofar dhá íocaíocht Dé hAoine, an 20 Nollaig lena gclúdófar na **seachtainí sínithe dar gcríoch an 18 agus an 25 Nollaig
  • tosóidh na gnáthshocrúcháin íocaíochta arís Dé Máirt, an 7 Eanáir 2025 le haghaidh na **seachtaine sínithe dar críoch an 31 Nollaig agus an 1 Eanáir

** i gcomhthéacs na scéimeanna seo, tagraítear don tseachtain íocaíochta riaracháin le ‘seachtain sínithe’

Chun a chinntiú go bhfaighidh tú d’íocaíocht go tráthúil an mhí seo, lean na treoracha ar MyWelfare.ie maidir le conas do phátrúin oibre a chur isteach i gceart.

Custaiméirí an tSochair Breoiteachta: lean ort le do ‘Dheimhniú Éagumais chun Oibre’ a sheoladh isteach thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.


Cad atá le déanamh agat má tá tú ag fágáil an stáit

Má tá liúntas tacaíochta ioncaim á fháil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí ba chóir duit a chur in iúl dúinn go mbeidh tú as láthair roimh thaisteal, is féidir leat é seo a dhéanamh ach cuairt a thabhairt ar d’Ionad Intreo nó d’Oifig Brainse áitiúil.


Bónas Nollag


Uaireanta oscailte na Nollag agus na hAthbhliana

Beidh gach oifig roinne dúnta, lena n-áirítear Ionaid Intreo agus Oifigí Brainse, ar an 25 agus an 26 Nollaig 2024 agus an 1 Eanáir 2025.


Guíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise oraibh.