Deimhnigh do chuntas ionas gur féidir leat leas a bhaint as na sochair atá ag MyWelfare
- Foilsithe: 13 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Feabhra 2024
Is féidir leat rochtain a fháil níos mó acmhainní de chuid MyWelfare má dheimhníonn tú do chuntas.
Na buntáistí a bhaineann le do chuntas a dheimhniú:
- Rochtain a a fháil ar do dheais phearsanta chustaiméara
- Féach ar do chuid sonraí éilimh agus iad a uasdátú
- Athraigh do mhodh íocaíochta
- Lean stádas d'éilimh
- Féach ar shonraí d'aon íocaíocht a fuair tú sa dhá bhliain roimhe seo
- Rochtain a fháil ar na seirbhísí uile MyWelfare ar líne
Má tá d'fhón póca deimhnithe agat cheana féin, ní chaithfear ach:
- Logáil isteach ar do chuntas MyGovID
- Cliceáil ar an gcnaipe ‘Deimhnigh mo chuntas’
- Cuir isteach d' Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) agus sonraí ó do Chárta Seirbhíse Poiblí
- Seolfar téacs chuig d'fhón póca le huimhir aitheantais phearsanta shlándála aonúsáide gach uair a logálann tú isteach chun sraith shlándála sa bhreis a chur ar do chuntas.
Mura bhfuil d'fhón póca deimhnithe agat, cuir glaoch ar 0818 927999 le do thoil.
Nuair atá fón póca deimhnithe agat agus tá do chuntas uasghrádaithe go cuntas deimhnithe, is féidir leat rochtain a fháil ar réimse iomlán na seirbhísí leasa ar líne, lena n-áirítear, iarratais a dhéanamh ar íocaíochtaí tacaíochta ioncaim ar www.MyWelfare.ie
Téigh i dteagmháil
Má tá aon deacrachtaí agat agus tú ag iarraidh do chuntas MyGovID deimhnithe a chur ar bun, líon isteach an Fhoirm Fhiosrúcháin MyGovID ar líne nó cuir glaoch ar 0818 927999 le do thoil.