Faigh tacaíochtaí airgeadais le haghaidh oiliúna nó oideachais
- Foilsithe: 20 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 22 Aibreán 2026
- Roghanna íocaíochta seachtainiúla
- Deontas Tacaíochta Oiliúna
- Roghanna oiliúna agus oideachais
- Déan teagmháil le d'Intreo áitiúil chun comhairle a fháil
Tá roinnt bealaí ag Intreo (Seirbhísí Fostaíochta Poiblí na hÉireann) chun tacú leat uas-sciliú nó filleadh ar an oideachas. Ba cheart go gcuirfeadh sé seo le d’ionchais fostaíochta agus go gcabhródh sé leat dul isteach san ionad oibre arís.
D'fhéadfadh sé a bheith indéanta roinnt tacaíochtaí ioncaim a choinneáil agus tú ar chúrsa oideachais nó oiliúna. Braitheann sé seo ar an gcineál cúrsa, fad an chúrsa agus cé chomh fada agus atá íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh á fáil agat.
Roghanna íocaíochta seachtainiúla
An Clár um Fhilleadh ar Oideachas
Clúdaítear sa Chlár um Fhilleadh ar Oideachas na roghanna staidéir seo a leanas:
- Cúrsaí breisoideachais
- Cúrsaí ardoideachais
- Cúrsaí iarchéime áirithe
- Cúrsaí oideachais, oiliúna agus forbartha
- Cúrsaí oideachais pháirtaimseartha
Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas go Lánaimseartha
Má tá íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe á bhfáil agat, d’fhéadfá a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh in oideachas lánaimseartha Breisoideachais nó Ardoideachais agus íocaíocht sheachtainiúil Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (BTEA) a fháil.
Rogha Oideachais Pháirtaimseartha
Ceadaítear leis an Rogha Oideachais Pháirtaimseartha (duit do Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist nó Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist a choinneáil agus tú ag freastal ar chúrsa oideachais nó oiliúna páirtaimseartha lae, tráthnóna, cianoideachais nó ar líne.
Tá cúrsaí páirtaimseartha a chuirtear ar fáil amhail cúrsaí ó Bhoird Oideachais agus Oiliúna (BOOnna), Springboard+, Skillnet's Skills Connect agus eile ar fáil tríd an rogha seo.
Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha
Ceadaítear leis an Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha (ET&D) d'íocaíocht cuardaitheora poist a choinneáil agus páirt á glacadh agat i gcúrsa a mhaireann ar feadh tréimhse níos gairide. Áirítear leis sin cúrsaí forbartha pearsanta, oideachas bunúsach, amhail ranganna litearthachta, cúrsaí oiliúna ginearálta agus oiliúint le haghaidh scileanna poist sonracha.
Fostaíocht Pobail
Nascann an Clár Fostaíochta Pobail (FP) obair sa phobal le hoiliúint agus forbairt phearsantaithe. Is féidir leat plean foghlama aonair a fháil ina sainaithnítear oiliúint shonrach duit. Tá réimse Dámhachtainí DCCÉ aitheanta ar fáil tríd an gclár seo.
Deontas Tacaíochta Oiliúna
Má tá bearna scileanna agat a d’fhéadfadh cosc a chur ort iarratas a dhéanamh ar phost, maoiníonn an Deontas Tacaíochta Oiliúna (DTO) rochtain thapa ar oiliúint ghearrthéarmach má tá tú ar íocaíocht cuardaitheora poist.
Tá deontas suas le €1,000 ar fáil i dtreo chostas do chúrsa nuair nach bhfuil cúrsaí chomhchosúla ar fáil saor in aisce faoi láthair ó chláir agus ó ghníomhaireachtaí eile leithéidí SOLAS nó na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOnna).
Roghanna oiliúna agus oideachais
- Is ionad ilfhreastail é The Right Course le teacht ar eolas faoi chúrsaí atá ar fáil má tá tú ag iarraidh scileanna nua a fhoghlaim, do scileanna a uasdátú nó bealach nua a aimsiú duit féin.
- Is tionscnamh uasoiliúna in ardoideachas é Springboard+ a sholáthraíonn cúrsaí saor in aisce agus fóirdheonaithe.
- Cuireann clár Skillnet's Skills Connect roinnt clár ar fáil do dhaoine ar mhaith leo athoiliúint nó uasoiliúint a dhéanamh.
- Cuireann Breisoideachas agus Oiliúint (FET) réimse leathan cúrsaí oideachais ar fáil le roghanna foghlama lánaimseartha, páirtaimseartha, ar líne agus cumaisc.
- Is clár oideachais agus oiliúna athdheise atá sa Roghanna Gairmoideachais agus Oiliúna (SDOG) a sholáthraíonn cúrsaí do dhaoine atá dífhostaithe.
- Más mian leat do scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta, litrithe nó matamaitice a fheabhsú, cuireann an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh (NALA) eolas ar fáil faoi chúrsaí saor in aisce ar fud na tíre.
Déan teagmháil le d'Intreo áitiúil chun comhairle a fháil
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le d’Ionad Intreo áitiúil..