Imeachtaí Oibre agus Scileanna Deireadh Fómhair 2024
- Foilsithe: 26 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Obair agus Scileanna Intreo -Do Chuardaitheoirí Poist
- Obair agus Scileanna Intreo -D’Fhostóirí
- An Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige -D’Fhostóirí
- Réigiún an Oirthir
- Tuaisceart
- An Deisceart
Tá Intreo ag óstáil sraith imeachtaí Oibre agus Scileanna a bheidh ar siúl ón 16-30 Deireadh Fómhair 2024 i mbailte agus i gcathracha ar fud na hÉireann.
Obair agus Scileanna Intreo -Do Chuardaitheoirí Poist
Cuidíonn imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo leat foghlaim faoi phoist agus deiseanna oiliúna lánaimseartha, páirtaimseartha agus solúbtha i do cheantar.
Is féidir leat bualadh le fostóirí agus iarratas a dhéanamh ar phoist ag imeachtaí Oibre agus Scileanna. Tá fostóirí ó raon leathan tionscal ag fostú ag na himeachtaí.
Tá gach imeacht saor in aisce.
Is féidir leat clárú d’aon cheann de na himeachtaí trí chliceáil ar na naisc thíos.
Obair agus Scileanna Intreo -D’Fhostóirí
Cuidíonn Obair agus Scileanna Intreo le fostóirí roghanna earcaíochta a fhiosrú agus bualadh le raon leathan cuardaitheoirí poist ag na himeachtaí.
Is imeachtaí atá dírithe ar phoist iad imeachtaí Oibre agus Scileanna inar féidir le fostóirí foireann nua a aimsiú agus a fhostú.
Is féidir le fostóirí foghlaim freisin faoi thacaíochtaí airgeadais, fógraíochta agus earcaíochta a chuireann Intreo ar fáil.
Ní bhaineann aon chostas le hearcú ag na himeachtaí seo. Chun a bheith páirteach, seol ríomhphost chuig employer@welfare.ie.
Mura féidir leat páirt a ghlacadh in imeacht, is féidir leat d’fholúntais a phostáil saor in aisce fós ar www.jobsireland.ie.
An Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige -D’Fhostóirí
Tugann imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo deis d’fhostóirí a bheith páirteach sa Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige.
Cuidíonn an Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige le cuardaitheoirí poist atá ag streachailt le hobair a fháil.
Is féidir le fostóirí a chláraíonn don Chairt fóirdheontais stáit agus dreasachtaí a fháil chun cuardaitheoirí poist nua a fhostú. Cuidíonn an Chairt le fostóirí a bhFreagracht Shóisialta Chorparáideach a fhorbairt freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar gov.ie/Charter