Imeachtaí Oibre agus Scileanna October 2025
- Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Meán Fómhair 2025
- Obair agus Scileanna Intreo - Do Chuardaitheoirí Poist
- Obair agus Scileanna Intreo - d’Fhostóirí
- An Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige - d’Fhostóirí
- Réigiún an Oirthir
- Lár na Tíre/Iarthar
- Tuaisceart
- An Deisceart
- Imeachtaí Ar Líne
Tá Intreo ag óstáil sraith imeachtaí Oibre agus Scileanna a bheidh ar siúl i mbailte agus i gcathracha ar fud na hÉireann ó 29 Meán Fómhair go 10 Deireadh Fómhair 2025.
Obair agus Scileanna Intreo - Do Chuardaitheoirí Poist
Le himeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo, tugtar an deis duit eolas breise a fháil ar na deiseanna fostaíochta lánaimseartha, páirtaimseartha agus solúbtha atá ar fáil i do cheantar áitiúil. Tá roghanna ar fáil freisin chun oiliúint agus uasoiliúint a dhéanamh.
Trí imeachtaí earcaíochta Oibre agus Scileanna, is féidir leat bualadh le fostóirí agus iarratas a dhéanamh ar fholúntais phoist.
Tá fostóirí ó go leor tionscail éagsúla ag earcú ag ár n-imeachtaí Oibre agus Scileanna.
Obair agus Scileanna Intreo - d’Fhostóirí
Cuidíonn imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo le fostóirí teacht ar raon leathan cuardaitheoirí poist.
Cuireann ár n-imeachtaí earcaíochta ardán ar fáil d’fhostóirí chun folúntais phoist a roinnt agus chun bualadh le hiarrthóirí féideartha.
Is féidir le fostóirí tuilleadh eolais a fháil freisin faoinár dtacaíochtaí earcaíochta agus airgeadais chun foireann nua a fhostú.
Níl aon chostas ar fhostóir as a bheith ag earcú ag ár n-imeachtaí.
Chun a bheith páirteach, seol ríomhphoist chuig employer@welfare.ie le do thoil.
An Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige - d’Fhostóirí
Le himeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo, cuirtear conair ar fáil d’fhostóirí chun a bheith páirteach sa Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige.
Is tionscnamh í an Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige a thacaíonn le fostóirí a bheith mar chuid de phobal fostóirí ionchuimsitheacha. Cuireann fostóirí ionchuimsitheacha deiseanna ar fáil do chuardaitheoirí poist a mbeadh deacracht acu dul ar aghaidh chuig fostaíocht seachas sin.
Is féidir le fostóirí a chláraíonn don Chairt fóirdheontais stáit a fháil chun cuardaitheoirí poist nua a fhostú. Tuilleadh eolais ar gov.ie/Charter.
Réigiún an Oirthir
Baile Átha Cliath
Cill Dara
Lár na Tíre/Iarthar
Gaillimh
Maigh Eo
Ros Comáin
Co. na hIarmhí
Tuaisceart
An Cabhán
Lú
Sligeach
An Deisceart
Corcaigh
Ciarraí
Luimneach
Tiobraid Árann
Port Láirge
Loch Garman