Impediments to pósadh in Éirinn
- Foilsithe: 21 Nollaig 2018
- An t-eolas is déanaí: 20 Márta 2023
- Cumas chun pósadh
- Monagamas
- Pósadh áisiúlachta
- Céimeanna Toirmiscthe de Ghaol Fola agus Gaol Cleamhnais
Cumas chun pósadh
Ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad ar an dáta a sollúnófar do phósadh.
Caithfidh sollúnóir cláraithe a bheith sásta go dtuigeann páirtithe an phósta nádúr an tsearmanais pósta agus na dearbhuithe a dhéanann siad ar lá an tsearmanais pósta.
Monagamas
Is cumann idir beirt é pósadh. Más rud é go bhfuil ceachtar páirtí pósta go bailí cheana féin le tríú páirtí nó i bpáirtnéireacht shibhialta le tríú páirtí ag am an tsearmanais pósta, tá an pósadh ar neamhní.
Pósadh áisiúlachta
Ciallaíonn ‘pósadh áisiúlachta’ pósadh ina gcomhlíonann ar a laghad ceann amháin de na páirtithe sa phósadh na nithe seo a leanas:
- is náisiúnach coigríche iad ag an tráth a tháinig siad isteach sa phósadh agus
- téann siad isteach sa phósadh chun críche sochar inimirce a fháil do cheann amháin ar a laghad de na páirtithe sa phósadh, agus chun na críche sin amháin
Céimeanna Toirmiscthe de Ghaol Fola agus Gaol Cleamhnais
Ní fhéadfaidh duine na daoine seo a leanas a phósadh:
- seantuismitheoir
- céile seanathair
- céile seanmháthair
- deirfiúr tuismitheora
- deartháir tuismitheora
- céile deartháir tuismitheora
- céile deirfiúr tuismitheora
- deirfiúr tuismitheora céile
- deartháir tuismitheora céile
- tuismitheoir
- leastuismitheoir
- tuismitheoir céile
- páiste
- leanbh céile
- céile leanbh
- leanbh
- garpháiste
- céile garpháiste
- garpháiste céile
- leanbh siblín
- céile linbh siblín
- leanbh siblín céile#
Fill ar ais go dtí an leathanach Pós in Éirinn.