Samplaí ranníocaíochta Mo Chiste don Todhchaí d’fhostaithe
- Foilsithe: 16 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Nollaig 2025
- Sampla 1 - Jack
- Sampla 2 - Fiadh
- Sampla 3 - Noah
- Sampla 4 - Emily
- Sampla 5 - Kelly
- Sampla 6 - Marcus
- Sampla 7 - Seán
- Sampla 8 - Yvonne
Do chuid ranníocaíochtaí a thuiscintnasc
Déanfar ranníocaíochtaí a thabhairt isteach de réir a chéile thar na chéad 10 mbliana d’oibriú Mo Chiste don Todhchaí mar a thaispeántar thíos:
- Ráta ranníocaíochta fostóra agus fostaithe 2026-28 ag 1.5%, agus breisiú Stáit ag 0.5%
- Ráta ranníocaíochta fostóra agus fostaithe 2029-31 ag 3%, agus breisiú Stáit ag 1%
- Ráta ranníocaíochta fostóra agus fostaithe 2032-34 ag 4.5%, agus breisiú Stáit ag 1.5%
- 2035 + ráta ranníocaíochta fostóra agus fostaithe ag 6%, agus breisiú Stáit ag 2%
Íocfaidh tú féin, an fostaí, agus d’fhostóir ranníocaíochtaí agus ansin cuirfidh an Stát leis. Taispeánfar ranníocaíochtaí an fhostaí agus an fhostóra ar do dhuillín pá, ach ní thaispeánfaidh sé breisiú an Stáit mar go mbaileoidh NAERSA é sin ar leithligh. Beidh tú in ann do chuid ranníocaíochtaí go léir a fheiceáil ar thairseach rannpháirtithe Mo Chiste don Todhchaí.
D’fhéadfadh tréimhse ama a bheith ann idir an uair a fheiceann tú ranníocaíochtaí á n-asbhaint trí do dhuillín pá agus an uair a fheictear iad ar do phainéal i dtairseach rannpháirtithe Mo Chiste don Todhchaí. Déantar é sin chun go bhféadfar na híocaíochtaí ranníocaíochta a bhailiú, a phróiseáil, a chomhthiomsú agus a leithdháileadh go cuí ar na bainisteoirí infheistíochta. Mura bhfeiceann tú na ranníocaíochtaí i do thairseach rannpháirtí Mo Chiste don Todhchaí tar éis 10 lá gnó, déan teagmháil le NAERSA.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas a bheidh do ranníocaíochtaí cosúil leis mar fhostaí sna samplaí Ranníocaíochtaí Mo Chiste don Todhchaí thíos.
Gheobhaidh tú cásanna ina léirítear luach na ranníocaíochtaí ag leibhéil tuarastail éagsúla, chomh maith le roinnt samplaí de conas a dhéileáiltear le fostaíocht iolrach agus conas a chuirtear an tairseach tuillimh €80,000 i bhfeidhm go praiticiúil.
Sampla 1 - Jack
Tá Jack 25 bliain d’aois agus oibríonn sé go lánaimseartha in ionad garraíodóireachta ag tuilleamh €29,432 sa bhliain. Níl aon socruithe pinsin aige cheana féin don fhostaíocht seo.
Tugann Jack 1.5% dá olltuarastal. Cuireann a fhostóir 1.5%. Cuireann an Stát 0.5% leis..
Sampla 2 - Fiadh
Tá Fiadh 30 bliain d’aois agus oibríonn sí go lánaimseartha i mbialann ag tuilleamh €45,000 sa bhliain. Níl aon socruithe pinsin aici cheana féin don fhostaíocht seo.
Tugann Fiadh 1.5% dá holltuarastal. Cuireann a fostóir 1.5%. Cuireann an Stát 0.5% leis.
Sampla 3 - Noah
Tá Noah 32 bliain d’aois agus oibríonn sé go lánaimseartha in oifig ag tuilleamh €50,000 sa bhliain. Níl aon socruithe pinsin aige cheana féin don fhostaíocht seo.
Tugann Noah 1.5% dá olltuarastal, cuireann a fhostóir 1.5% agus cuireann an Stát 0.5% leis.
Sampla 4 - Emily
Tá Emily 55 bliain d’aois agus oibríonn sí lánaimseartha in óstán ag tuilleamh €60,000 sa bhliain. Níl aon socruithe pinsin aici cheana féin don fhostaíocht seo.
Tugann Emily 1.5% dá holltuarastal, cuireann a fostóir 1.5% agus cuireann an Stát 0.5% leis.
Sampla 5 - Kelly
Tá Kelly 24 bliain d’aois agus dhá phost páirtaimseartha aici, ag tuilleamh €10,000 agus €15,000.
Níl aon socruithe pinsin aici cheana féin i gceachtar fostaíocht.
Tugann Kelly 1.5% dá holltuarastal, cuireann a fostóir 1.5% agus cuireann an Stát 0.5% leis.
Sampla 6 - Marcus
Tá Marcus 29 bliain d’aois agus dhá phost páirtaimseartha aige, ag tuilleamh €10,000 agus €15,000. Tá pinsean aige cheana féin le fostóir amháin.
Post A: Tugann Marcus 1.5% dá olltuarastal, cuireann a fhostóir 1.5%, cuireann an Stát 0.5% leis.
Post B: Níl aon ranníocaíochtaí Mo Chiste don Todhchaí ann mar go bhfuil ranníocaíocht phinsin ann cheana féin tríd an bpárolla.
Sampla 7 - Seán
Tá Seán 45 bliain d’aois agus oibríonn sé go lánaimseartha sna meáin ag tuilleamh €110,000 sa bhliain.
Tugann Seán 1.5% dá olltuarastal, cuireann a fhostóir 1.5%, agus cuireann an Stát 0.5% leis. Cuirtear uasteorainn le ranníocaíochtaí ag tairseach tuillimh € 80,000 (ollphá) sa bhliain.
Sroicheann ollphá Sheáin €82,500 ina dhuillín pá i mí Mheán Fómhair. Ciallaíonn sé sin go bhfuil níos mó ná an tairseach tuillimh bhliantúil €80,000 tuillte aige. Íocfaidh sé ranníocaíochtaí ar a ollphá iomlán do mhí Mheán Fómhair, a infheisteoidh NAERSA thar a cheann.
Ní bheidh aon ranníocaíochtaí breise ann don chuid eile den bhliain ó Sheán, óna fhostóir ná ón Stát. Cuirfear fostóir Sheáin ar an eolas trí fhógra párolla nuashonraithe.
Ní bheidh aon aisíocaíochtaí ar fáil ar na ranníocaíochtaí Mo Chiste don Todhchaí a íoctar ar an €2,500 os cionn na tairsí pá comhlán €80,000.
|
|
||
Sampla 8 - Yvonne
Tá Yvonne 35 bliain d’aois agus oibríonn sí do ghnólacht mór teicneolaíochta ag tuilleamh €150,000 sa bhliain (Post A).
Déanann sí ranníocaíocht phinsin trí phárolla don phost seo rud a chiallaíonn go bhfuil sé díolmhaithe ó Mo Chiste don Todhchaí.
Oibríonn Yvonne páirtaimseartha mar chomhairleoir le gnólacht beag áitiúil freisin agus íoctar €10,000 in aghaidh na bliana léi agus níl aon socrú pinsin aici chuige seo (Post B).
Cuirtear ollphá Yvonne ón dá fhostaíocht san áireamh le haghaidh seiceálacha incháilitheachta Mo Chiste don Todhchaí agus mar sin tá sí cláraithe do Phost B. Mar sin féin, ní mheastar ach an t-ollphá €10,000 do Phost B don tairseach tuillimh €80,000.
Íocfaidh Yvonne, a fostóir, agus an Stát ranníocaíochtaí Mo Chiste don Todhchaí ar an €10,000 a thuilleann sí i bPost B, in ainneoin go bhfuil a hollphá iomlán thar na poist uile os cionn €80,000 in aghaidh na bliana.