Freagrachtaí gníomhaire íocaíochtaí leasa
- Foilsithe: 16 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 13 Feabhra 2026
Mura bhfuil tú in ann íocaíocht a bhailiú ná do ghnóthaí airgeadais a bhainistiú, is féidir leat a iarraidh go ngníomhódh duine éigin eile (ar a dtugtar Gníomhaire) ar do shon. Is féidir leo íocaíochtaí a bhailiú ar bhonn sealadach nó fadtéarmach.
Tá freagrachtaí ag an ngníomhaire i leith an duine a bhfuil sé nó sí ag gníomhú dó nó di.
Gníomhaire Sealadach
Gníomhaire Sealadach a thugtar ar dhuine atá údaraithe chun d’íocaíochtaí a bhailiú ar bhonn sealadach.
Cé is féidir feidhmiú mar Ghníomhaire Sealadach?
Aon duine atá os cionn 18 mbliana d’aois agus ainmnithe ag an duine.
Oibleagáidí Gníomhaire Shealadaigh
Tá oibleagáid ar an nGníomhaire an méid iomlán, gan aon asbhaint, a thabhairt don duine.
Gníomhaire Chineál 1
Gníomhaire Chineál 1 a thugtar ar dhuine atá údaraithe chun d’íocaíochtaí a bhailiú ar bhonn níos buaine.
Cé is féidir feidhmiú mar Ghníomhaire Chineál 1?
Aon duine atá os cionn 18 mbliana d’aois agus ainmnithe ag an duine.
Oibleagáidí Ghníomhaire Chineál 1
Ní mór don Ghníomhaire méid iomlán na híocaíochta a thabhairt don duine gan aon asbhaint. Ní mór don Ghníomhaire fógra i scríbhinn a thabhairt don roinn maidir le haon athrú ar imthosca, lena n-áirítear meath ar chumas an duine, a d’fhéadfadh a fhágáil go bhfuil an socrú Gníomhaire seo as feidhm.
Gníomhaire Chineál 2
Sa chás go bhfuil sé riachtanach bunaithe ar imthosca leighis duine, is féidir gníomhaire a cheapadh chun gníomhú thar ceann duine i ndáil le gach gné de ghnóthaí leasa shóisialaigh an duine sin, lena n-áirítear gnóthaí airgeadais an duine sin a bhainistiú. Gníomhaire Chineál 2 a thugtar ar an nGníomhaire sin.
Cé is féidir feidhmiú mar Ghníomhaire Chineál 2?
Duine (seachas an cleachtóir leighis a dheimhnigh nach bhfuil an duine in ann a g(h)nóthaí airgeadais a bhainistiú) atá os cionn 18 mbliana d’aois. D’fhéadfaí duine den teaghlach nó aon duine eile a bhfuil leas fiúntach leordhóthanach aige nó aici i leas an duine a bheith i gceist. I gcásanna ina bhfuil cónaí ar dhuine in institiúid, mar shampla, saoráid chúraim chónaithe nó teach altranais, ar bhonn fadtéarmach, d’fhéadfadh ionadaí de chuid na hinstitiúide a bheith oiriúnach chun gnóthaí airgeadais an duine a bhainistiú mura bhfuil aon duine oiriúnach eile ar fáil chun é a dhéanamh.
Oibleagáidí Ghníomhaire Chineál 2
Leagtar amach oibleagáidí Gníomhaire sa reachtaíocht. Ní mór do Ghníomhaire an méid seo a leanas a dhéanamh:
- gníomhú de mheon macánta agus chun tairbhe an duine
- gníomhú i gcáil phearsanta agus gan freagracht a tharmligean chuig aon duine eile
- aon suim is iníoctha mar shochar thar ceann an duine a fháil agus déileáil léi. Ba cheart do Ghníomhairí Cúraim Chónaithe déileáil le hiarmhéid aon suime is iníoctha mar shochar i ndiaidh táillí an tí altranais a asbhaint
- gan íocaíochtaí a dhéanamh ach amháin le haghaidh earraí nó seirbhísí a théann chun tairbhe an duine, lena n-áirítear gach costas réasúnach chun leas pearsanta an duine lena mbaineann a dhearbhú
- gan airgead a chaitheamh ar earraí ná ar sheirbhísí a bhfuil teidlíocht ag an duine maidir leo sa chás go bhfuil na hearraí nó seirbhísí sin ar fáil agus inrochtana don duine lena mbaineann
- a chinntiú go gcuirtear iarmhéid aon sochair i dtaisce i gcuntas úsmhar chun tairbhe an duine
- taifead a choinneáil ar gach suim a fhaightear mar shochar a chuirtear i dtaisce i gcuntas úsmhar thar ceann an duine
- taifead a choinneáil ar gach idirbheart eile a dhéantar i ndáil le suimeanna a fhaightear mar shochar thar ceann an duine; agus
- na taifid a choinnítear a chur ar fáil nuair a iarrann an duine nó oifigeach de chuid an Aire amhlaidh
Ní cheapfaidh an tAire duine chun gníomhú thar ceann an chustaiméara má tá nó má bhí an duine sin:
- breithnithe ina f(h)éimheach, ach amháin má díscaoileadh an fhéimheacht nó má cuireadh an breithiúnas ar neamhní
- ciontaithe i gcion a bhain le calaois nó caimiléireacht
- ciontaithe i gcion in aghaidh duine nó maoine an duine lena mbaineann
- faoi bhun 18 bliana d’aois
Féadfaidh an roinn Socrú Gníomhaire a chur ar ceal ag am ar bith, nuair atá cúis aici lena chreidiúint nach bhfuil ag éirí go sásúil leis an socrú nó nach bhfuil an íocaíocht á húsáid chun tairbhe an duine sin. Má tharlaíonn sé sin, ní mór don Ghníomhaire, más cuí, na híocaíochtaí a thabhairt ar ais ar iarratas.