Samplaí do Iomarcaíocht a Ríomh
- Foilsithe: 9 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Sampla 1: Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta a ríomh
- Sampla 2: Fostaíocht roimh aois 16 bliana
- Sampla 3: Ollphá seachtainiúil caidhpeáilte ag €600
- Sampla 4: Seirbhís ináirimh a áireamh nuair a bhí neamhláithreacht ón obair
- Sampla 5: Seirbhís ináirimh fágtha amach ón ríomh
Sampla 1: Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta a ríomh
Tá Joe 44 bliain d’aois. Thosaigh sé ag obair lena fhostóir ar an 27/01/1998 agus cuireadh ar iomarcaíocht é ar an 01/03/2021. Ní raibh aon sos i seirbhís lena fhostóir ag Joe le linn na tréimhse seo. Ba é ollphá seachtainiúil Joe ná €600.
Sampla 2: Fostaíocht roimh aois 16 bliana
Rugadh John ar an 14/08/1999 agus thosaigh sé ag obair lena fhostóir ar an 14/08/2013 agus é 14 bliana d’aois. Cuireadh John ar iomarcaíocht ar an 29/11/21 agus ba é a ollphá seachtainiúil ná €450.
Níl tréimhse fostaíochta John idir 14/08/2013 agus 13/08/2015, nuair a bhí sé faoi bhun 16 bliana d’aois, san áireamh sa ríomh iomarcaíochta faoin scéim seo.
Ní chuirtear seirbhís faoi aois 16 bliana san áireamh.
Sampla 3: Ollphá seachtainiúil caidhpeáilte ag €600
Thosaigh June ag obair ar 29/01/2001, thug a fostóir fógra maidir le foirceannadh di ar 15/01/2021 agus a cuireadh ar iomarcaíocht í ar an 29/01/2021. Ba é ollphá seachtainiúil June ná €761.92. Faoin scéim seo tá ollphá seachtainiúil June caidhpeáilte ag €600.
Pá caidhpeáilte ag €600.
Sampla 4: Seirbhís ináirimh a áireamh nuair a bhí neamhláithreacht ón obair
Thosaigh Vanessa ag obair ar an 09/12/2004, thug a fostóir fógra maidir le foirceannadh di ar an 15/01/2021 agus cuireadh ar iomarcaíocht í ar an 29/01/2021. Ba é ollphá seachtainiúil Vanessa ná €446.69. Bhain neamhláithreacht le Vanessa maidir le saoire mháithreachais ó 22/07/2018 go 19/01/2019 (182 lá).
Tá go leor neamhláithreachtaí san áireamh agus seirbhís ináirimh á ríomh. Sa chás seo ní chuireann an neamhláithreacht maidir le saoire mháithreachais (arna ríomh ag fad 182 lá) isteach ar iomarcaíocht á ríomh faoin scéim seo.
Sampla 5: Seirbhís ináirimh fágtha amach ón ríomh
Thosaigh Vanessa ag obair ar an 09/12/2004, thug a fostóir fógra maidir le foirceannadh di ar an 15/01/2021 agus cuireadh ar iomarcaíocht í ar an 29/01/2021. Ba é ollphá seachtainiúil Vanessa ná €446.69. Bhain neamhláithreacht le Vanessa i dtaca le scaoil chun bealaigh ón 22/07/2018 go 19/01/2019 (182 lá).
Tá neamhláithreacht Vanessa mar gheall ar scaoil chun bealaigh (arna á ríomh ag 182 lá). Is seirbhís neamh-ináirimh í an neamhláithreacht seo mar gheall ar Scaoil chun Bealaigh agus fágtar í as an áireamh agus iomarcaíocht á ríomh faoin scéim seo. Baineann difríocht de €446.75 idir sampla 4 agus sampla 5 cé go raibh an dáta tosaigh agus an dáta deiridh mar a chéile.
Fágtar roinnt neamhláithreachtaí amach má tharla siad le 3 bliana fostaíochta anuas
- Scaoil chun bealaigh ag an bhfostóir
- Stailc
- Neamhláithreacht de níos mó ná 52 seachtain mar gheall ar timpiste nó galar ceirde
- Neamhláithreacht de níos mó ná 26 seachtain as a chéile mar gheall ar bhreoiteacht eile