Tacaíochtaí Costais Mhaireachtála Coimirce Sóisialaí
- Foilsithe: 26 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- Tacaíochtaí Costais Mhaireachtála Coimirce Sóisialaí
- Dátaí íocaíochta cnapshuime
- Tacaíochtaí costais mhaireachtála breise
Tacaíochtaí Costais Mhaireachtála Coimirce Sóisialaí
Áiríodh i bpacáiste buiséid um chosaint shóisialta 2023 8 n-íocaíocht cnapshuime arbh fhiú €1.2 billiún san iomlán iad chomh maith le méaduithe seachtainiúla €12 euro, le héifeacht ó Eanáir 2023.
Tá na bearta seo deartha chun cabhrú le teaghlaigh agus le daoine aonair ar fud an Stáit leis an gcostas maireachtála.
Áirítear ar na 8 n-íocaíocht cnapshuime:
Deireadh Fómhair 2022
- Íocaíocht dhúbailte an fhómhair a íoctar leis an gcuid is mó de dhaoine a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh seachtainiúil lena n-áirítear pinsinéirí, cúramóirí agus daoine ar íocaíochtaí míchumais. Rachaidh sé seo chun sochair 1.4 milliún duine.
Samhain 2022
- €400 Liúntas Breosla íocaíocht cnapshuime, a théann chun sochair 370,000 teaghlach a fhaigheann an Liúntas Breosla
- Íocaíocht cnapshuime €200 leis an 234,000 duine a fhaigheann an Méadú do Mhaireachtáil Aonair
- Íocaíocht cnapshuime €500 le gach teaghlach a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (WFP), a théann chun sochair 44,000 teaghlach
- Íocaíocht dhúbailte de Sochar Linbh, a thacóidh le 639,000 teaghlach i leith 1.2 milliún leanbh
- Rachaidh an íocaíocht cnapshuime €500 do dhaoine a fhaigheann an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí chun sochair ár gcúramóirí
- Íocfar cnapshuim €500 de dheontas tacaíochta míchumais le gach duine a fhaigheann íocaíocht mhíchumais fadtéarmach
Nollaig 2022
- Íocfar íocaíocht dhúbailte Bhónas na Nollagle 1.3 milliún faighteoir leasa lena n-áirítear pinsinéirí, cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas Deontas Tacaíochta do Chúramóirí
Dátaí íocaíochta cnapshuime
Beart Bhuiséad 2023 | Dáta íocaíochta |
Íocaíocht dhúbailte ar chostas mhaireachtála an fhómhair | Seachtain dar tús 17 Deireadh Fómhair 2022 |
Íocaíocht dhúbailte Sochar Linbh | 1 Samhain 2022 |
Liúntas Breoslacnapshuim €400 | An tseachtain dar tús 14 Samhain 2022 |
Íocaíocht €200 le daoine atá ag fáil Méadú do Mhaireachtáil Aonair | An tseachtain dar tús 14 Samhain 2022 |
€500 Íocaíocht costais mhaireachtála dóibh siúd atá ag fáil Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (WFP) | An tseachtain dar tús 14 Samhain 2022 |
€500 Deontas tacaíochta míchumais do dhaoine atá ag fáil Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall agus Pinsean Easláine | An tseachtain dar tús 14 Samhain 2022 |
€500 | An tseachtain dar tús 21 Samhain 2022 |
Íocaíocht dhúbailte Bhónas na Nollag | An tseachtain dar tús 5 Nollag 2022 |
Tacaíochtaí costais mhaireachtála breise
Liúntas Breosla
Chomh maith leis an íocaíocht cnapshuime le faighteoirí de Liúntas Breosla, dhaingnigh an tAire Humphreys leathnú mór ar an scéim Liúntas Breosla faoina dtacófar le suas le 81,000 teaghlach nua lena gcostas breosla den chéad uair.
Tiocfaidh an beart sin i bhfeidhm in Eanáir 2023.
Pacáiste Sochair Teaghlaigh
Tá an Pacáiste Sochair Teaghlaighar fáil le cuidiú le costais do bhillí leictreachais nó gáis a íoc. Cuimsíonn sé do cheadúnas teilifíse freisin. Níl ach HBP amháin iníoctha in aghaidh an teaghlaigh.
Tá an pacáiste ar fáil do gach duine os cionn 70. Ní dhéantar tástáil acmhainne air agus ní gá duit pinsean a bheith á fháil agat.
Má tá tú idir 66 agus 70, féadfaidh tú an pacáiste a fháil fós, má chomhlíonann tú na coinníollacha riachtanacha.
D'fhéadfá cáiliú freisin má tá tú faoi 66 bliana d'aois agus Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine, Pinsean na nDall nó Liúntas Cúramóra (má tá tú i do chónaí leis an duine dá dtugann tú aire) á fháil agat.