Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe na hEorpa EURES (TMS)


Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe na hEorpa EURES (TMS)

Éascaíonn sé seo athlonnú le haghaidh oibre san Eoraip!

Is scéim soghluaisteachta poist de chuid an Aontais Eorpaigh í Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe na hEorpa EURES (TMS) a chuireann cúnamh airgeadais ar fáil do shaoránaigh an AE atá 18 mbliana d’aois nó níos sine agus iad ag bogadh go tír eile san AE, san Iorua nó san Íoslainn. Cuidíonn sí freisin le fostóirí a bhfuil suim acu earcú d’fholúntais ar deacair iad a líonadh ó thír AE eile, an Iorua nó an Íoslainn.

Tá Éire i gcomhpháirtíocht leis an tSualainn faoi láthair don Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe na hEorpa EURES (TMS) seo thar ceann an AE

An bhfuil tú ag smaoineamh ar oibriú i dtír Eorpach eile?

Cuireann Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe na hEorpa EURES (TMS) tacaíocht ar fáil chun fostaíocht a fháil san AE, san Iorua nó san Íoslainn, lena n-áirítear:

  • tacaíocht airgeadais (liúntais le haghaidh taistil chuig agallamh agus/nó athlonnú go tír eile le haghaidh oibre
  • I measc na liúntas eile atá ar fáil tá liúntas oiliúna teanga (más gá), tacaíocht teaghlaigh, forlíontach agus aitheantas cáilíochtaí
  • eolas faoi chónaí agus obair thar lear

Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais sula bhfágann tú do thír agus roimh dháta tosaithe do phoist nua/dáta agallaimh. Ní féidir leat iarratas a dhéanamh tar éis duit bogadh chuig do thír oibre nua.

Cuir iarratas isteach

Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun iarratas a dhéanamh:

EURES Targeted Mobility Scheme (TMS)

Ríomhphost:

tms@welfare.ie

An fostóir thú?

Is féidir le fostóirí FBManna iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais nuair a fhostaíonn siad duine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine ón AE, ón Iorua nó ón Íoslainn.

Tugtar tacaíocht airgeadais do Chláir Chomhtháthaithe lena n-áirítear Oiliúint Ionduchtaithe, oiliúint teanga, oiliúint inmheánach, oiliúint sláinte agus sábháilteachta agus cúnamh le lóistín oiriúnach a aimsiú.

Ní mór d’fhostóirí foirm iarratais a chur isteach ina bhfuil cur síos ar an gclár comhtháthaithe atá beartaithe sula dtaistealaíonn an t-iarrthóir chun dul i mbun fostaíochta. Ba cheart na riachtanais oiliúna a shainaithint tráth nach déanaí ná céim agallaimh an earcaíochta.

Tabhair faoi deara, le do thoil: tá feidhm ag téarmaí agus coinníollacha.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat