Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2026-2030


Réamhrá

Foilsíodh an Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2026-2030 i mí na Bealtaine 2026 agus seoladh é ag an bhFóram um Chuimsiú Sóisialta. Is comharba é ar an Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2020–2025 agus straitéisí roimhe sin a théann siar go dtí 1997.

Leagtar amach sa Treochlár plean an rialtais chun bochtaineacht a laghdú agus cuimsiú sóisialta a fheabhsú sna cúig bliana amach romhainn, agus é mar uaillmhian aige:

  • bochtaineacht chomhsheasmhach a laghdú go 2% nó níos lú faoi dheireadh 2030
  • éagothromaíocht ioncaim a laghdú agus
  • Éire a dhéanamh ar cheann de na tíortha is cuimsithí go sóisialta san Aontas Eorpach

Chun tacú le seachadadh na huaillmhéine sin agus cuspóirí ardleibhéil an Treochláir, leagtar amach sa straitéis 63 gníomh trasrialtais. I bhfianaise nádúr ilghnéitheach na bochtaineachta, cuimsíonn na gníomhartha seo raon leathan réimsí rialtais, lena n-áirítear tacaíochtaí ioncaim, fostaíochta, tithíochta, oideachais, sláinte, iompair, cúraim leanaí agus tacaíochtaí pobail.

Díríonn an straitéis ar na grúpaí sin is mó a dtéann an bhochtaineacht i bhfeidhm orthu agus tá sí ailínithe leis an gcéad Straitéis Frithbhochtaineachta an AE.

Tá sé mar aidhm ag an Treochlár cur chuige comhordaithe uile-Rialtais a chinntiú chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus chun cuimsiú sóisialta a fheabhsú.

Forbraíodh é i ndiaidh comhairliúcháin phoiblí, a fuair beagnach 500 freagra.

Déanfar dul chun cinn a thomhas i gcoinne 25 tháscaire ardleibhéil agus leagfar amach iad i dTuarascálacha Dul Chun Cinn bliantúla, arna maoirsiú ag Grúpa Stiúrtha faoi chathaoirleacht an Aire Coimirce Sóisialaí. Tá ionadaithe ó Ranna Rialtais agus ón earnáil phobail agus dheonach ar an nGrúpa seo

Príomhdhoiciméid

Tá an leagan iomlán den Threochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2026-2030 á aistriú go Gaeilge faoi láthair, agus beidh sé ar fáil go luath

Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2026-2030
Bealtaine 2026
Amharc amharc

Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2026-2030 – Leagan Éasca le Léamh – Ag Teacht Go Luath

Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2026-2030 - Leagan MS Word (comhoiriúnach le léitheoirí scáileáin) – Ag Teacht Go Luath

Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2026-2030 - Leagan TCÉ – Ag Teacht Go Luath

Doiciméid Chomhairliúcháin Phoiblí

Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2026-2030 – Tuarascáil Chomhairliúcháin Phoiblí
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat